Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




1 Eoin 2:4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 An té adeir, Atá aithne agam air, agus nach gcoimheádann a aitheanta, is bréagaire é, agus ní fhuil fírinne ar bith ann.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 An té a deir “Tá aithne agam air” agus nach gcoinníonn a aitheanta, is bréagaire é, agus níl an fhírinne ann,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 An tí a deir, Atá aithne agum air, agus nach ccoimhéudann a aitheanta, as bréugach é, agus ní bhfuil fírinne ann.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 An té a deir go n-aithníonn é agus nach gcoinníonn a aitheanta is bréagach é agus níl an fhírinne sa duine sin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

4 An té a deir go n‑aithníonn é agus nach gcoinníonn a aitheanta is bréagach é agus níl an fhírinne sa duine sin.

Féach an chaibidil Cóip




1 Eoin 2:4
13 Tagairtí Cros  

Is ó bhúr n‐Athair, an diabhal, sibh‐se, agus is é mian bhúr n‐athar is toil libh do dhéanamh. Dúnmharbhthóir ab eadh eisean ó thosach, agus níor sheas sé sa bhfírinne, óir ní fhuil fírinne ann. Nuair do‐bheir sé an t‐éitheach, is uaidh féin labhras sé: óir is bréagaire é, is é athair an éithigh é.


Óir is iomdha duine míriaghalta atá ann, lucht baoth‐ghlóir agus mealltóirí, daoine d’aicme an timcheall‐ghearrtha go h‐áirithe,


Cuireann siad i gcéill go bhfuil eolas ar Dhia aca; acht is amhlaidh shéanas siad le n‐a ngníomharthaibh é, ar mbeith dhóibh gráineamhail, easumhal, agus iad gan éifeacht le h‐aghaidh deagh‐oibre ar bith.


Má deirimíd nach bhfuil peacadh déanta againn, bréagnuighmíd é, agus ní fhuil a bhriathar ionnainn.


Má deirimíd go bhfuil cumann againn leis, agus sinn ag siubhal san dorchadas, is bréag do‐ghnímíd, agus ní fhuilmíd ag déanamh na fírinne:


Má deirimíd nach bhfuil aon pheacadh déanta againn, atáimíd d’ár mealladh féin, agus ní fhuil an fhírinne ionnainn.


Agus is air so aithnighmíd go bhfuil aithne againn air, má choimheádaimíd a aitheanta.


An té adeir go bhfuil sé san tsolas, agus fuath bheith aige d’á bhráthair, is san dorchadas atá sé, agus é ag siubhal san dorchadas go dtí anois féin.


Cibé duine chómhnuigheas ann, ní dhéanann sé peacadh: cibé duine do‐ghní peacadh, ní fhaca sé, ná níor aithnigh sé é.


Má deir aoinneach, Atá grádh do Dhia agam, agus fuath dó bheith aige d’á bhráthair, is bréagaire é; óir an té atá gan grádh do’n bhráthair do chonnaic sé, ní féidir leis grádh do thabhairt do Dhia nach bhfaca sé.


A cháirde ionmhaine, bíodh grádh againn d’á chéile: óir is ó Dhia thig an grádh; agus gach duine ghrádhuigheas, is ó Dhia do geineadh é, agus aithnigheann sé Dia.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí