Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




1 Eoin 2:5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 Acht an té choimheádas a bhriathar, is ann atá grádh Dé críochnuighthe. Is air so aithnighmíd go bhfuilmíd ann:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

5 ach an té a chomhallas a bhriathar, is ann a thagas grá Dé chun foirfeachta. Is air sin a aithneoimid go bhfuilimid istigh ann:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Achd an tí choimhéudas a bhríathar, as ann atá grádh Dé ar na choimhlíonadh go fírinneach: as so aithnighmíd sinn féin do bheith annsan.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

5 Ach an té a choinníonn a fhocalsan go deimhin tá grá Dé lánfhoirfe ann; agus is mar sin a thuigimid go mairimid ann.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

5 Ach an té a choinníonn a fhocalsan go deimhin tá grá Dé lánfhoirfe ann; agus is mar sin a thuigimid go mairimid ann.

Féach an chaibidil Cóip




1 Eoin 2:5
32 Tagairtí Cros  

Acht adubhairt seisean, Abair ’n‐a ionad sin, Is beannuighthe iad‐san éisteas le briathar Dé agus choimhéadas é.


An té go bhfuil m’aitheanta aige, agus chóimhlíonas iad, is é sin an té go bhfuil grádh aige dhom: agus an té go bhfuil grádh aige dhamh‐sa, béidh grádh ag an Athair dhó‐san, agus béidh grádh agam‐sa dhó, agus foillseochad mé féin dó.


D’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leis, Má tá grádh ag duine dhom, choimhéadfaidh sé mo bhriathar: agus béidh grádh ag an Athair dhó, agus tiocfaimíd chuige, agus déanfaimíd cómhnaidhe ’n‐a fhochair.


Is mise an fhíneamhain, is sibh‐se na craobhacha: An té fhanas ionnam‐sa, agus go bhfanaim‐se ann, do‐bheir seisean mórán tortha: óir im’ éagmais‐se ní fhéadann sibh éinnidh do dhéanamh.


An té itheas m’fheoil agus ólas m’fhuil, cómhnuigheann sé ionnamsa, agus cómhnuighim‐se ann.


Ní fhuil damnú, d’á bhrigh sin, i ndán do na daoinibh atá i nÍosa Críost, nach siubhlann do réir na colna, acht do réir an Spioraid.


Óir is tríd‐sean atá sibh i nÍosa Críost, an té do‐rinneadh eagna ó Dhia dhúinn mar fhíréantacht, agus mar naomhthacht, agus mar fhuascailt:


Ar an adhbhar sin, má tá aoinneach i gCríost, is duine úr‐nua é: atá deireadh leis na sean‐neithibh; atáid déanta as an nua.


Óir thug sé airsean, do bhí gan eolas ar an bpeacadh, thug sé air bheith ’n‐a pheacadh ar ár son, chum go ndéanfaidhe fíréantacht Dé dhínne ann.


Nach léir duit go raibh an creideamh ag cómh‐oibriú le n‐a ghníomharthaibh, agus gur tré ghníomharthaibh do foirbhigheadh a chreideamh?


Agus an té choimheádas a aitheanta, cómhnuigheann sé ann, agus cómhnuigheann seisean ann. Agus air so aithnighmíd go gcómhnuigheann sé ionnainn, tríd an Spiorad thug sé dhúinn.


Is mar sin curtar a ghrádh i gcrich ionnainn, chum go mbéidh uchtach againn i lá an bhreitheamhnais; de bhrigh go mbímíd san tsaoghal mar bhíonn seisean.


Ní fhuil eagla san ngrádh, acht is amhlaidh chuireas grádh iomlán an eagla amach, óir baineann peannaid leis an eagla agus an té go mbíonn eagla air, ní fhuil a ghrádh go h‐iomlán.


Air so aithnighmíd go bhfuil grádh againn do chlainn Dé, nuair bhíos grádh againn do Dhia, agus nuair choimheádaimíd a aitheanta.


Agus is eol dúinn go dtáinig Mac Dé, agus go dtug sé tuigsin dúinn chum an té atá fírinneach d’aithint, agus atáimíd‐ne san té atá firinneach, ’n‐a Mhac Íosa Críost.


Agus is é is grádh ann, siubhal do réir a aitheanta. Is í seo an aithne, mar chualabhar ó thús, gur dual daoibh siubhal d’á réir.


Agus d’éirigh an dragún feargach leis an mnaoi, agus d’imthigh sé chum cogadh do chur ar an gcuid eile d’á sliocht, ar lucht coimheádta aitheanta Dé, go bhfuil fiadhnaise Íosa aca.


Annso is eadh atá foighid na naomh, lucht choimheádta aitheanta Dé agus creidimh Íosa.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí