Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eoin 15:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 Mise an fhíniúin, sibhse na géaga; an té a fhanann ionamsa, agus mise ann, tugann seisean toradh mór uaidh; óir gan mise, ní féidir daoibh aon ní a dhéanamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

5 Is mise an fhíniúin, is sibhse craobhacha na fíniúna. An té sin a chónaíos ionamsa, agus a mbímse i mo chónaí ann, is é is troime toradh, mar ní fhéadann sibh faic a dhéanamh i mʼéagmais.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

5 Is mise an fhíneamhain, síbh-se na géaga: an té a fhanas ionnam-sa, agus mise ann-san, bheir seisean toradh mór uaidh: óir gan mise ní féidir díbh aon nídh a dhéanamh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 Is mise an fhíneamhain, is sibh‐se na craobhacha: An té fhanas ionnam‐sa, agus go bhfanaim‐se ann, do‐bheir seisean mórán tortha: óir im’ éagmais‐se ní fhéadann sibh éinnidh do dhéanamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 As misi án fhíneamhuin, sibhsi na géuga: Gidh bé fhanus ionnamsa, agus misi annsan, do bheir sé toradh mór: óir gan misi ní héidir libh éainni do dhéanamh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

5 Mise an fhíneamhuin, sibh-se na géaga; an t-é fhanann ionam-sa agus mise ann, tugann sé sin toradh mór uaidh; óir am’ éaghmuis-se ní féidir daoibh aon nídh a dhéanamh.

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 15:5
28 Tagairtí Cros  

Bíonn crann na beatha mar thoradh ag an bhfíréan; ach sciobtar na hurchóidigh ar shiúl [roimh am].


Is é peaca mo phobail a chothaíonn iad, agus is ina urchóid siúd atá mian a gcroí.


ach ní bhíonn fréamh aige ann féin, ach é neamhbhuan; an túisce is a thagann trioblóid nó géarleanúint mar gheall ar an mbriathar, cliseann air.


Amen, Amen, a deirim libh, an gráinne arbhair a thit sa talamh, mura bhfaigheann sé bás, fanann sé leis féin amháin. Ach má fhaigheann sé bás, tugann sé toradh mór uaidh.


Ní sibhse a rinne mise a thoghadh, ach mise a rinne sibhse a thoghadh, agus a cheapadh chun go n‑imeodh sibh agus toradh a thabhairt agus go mairfeadh bhur dtoradh; i dtreo, cibé ní a d'iarrfadh sibh ar an Athair i m'ainm, go dtabharfadh sé daoibh é.


Thug Íosa freagra: “Amen, Amen, a deirim libh, ní féidir don Mhac aon ní a dhéanamh uaidh féin mura bhfeiceann sé ní éigin á dhéanamh ag a Athair. Cibé nithe a dhéanann an tAthair, déanann an Mac iad ar an gcuma chéanna.


Mura mbeadh gur ó Dhia an duine seo, níorbh fhéidir leis aon ní a dhéanamh.”


níl slánú le fáil i nduine ar bith eile mar níl aon ainm eile faoin spéir dár tugadh do dhaoine lena dtig linn slánú a bhaint amach.”


is é an dála céanna againn féin é: dá líonmhaire atáimid is aon chorp amháin sinn i gCríost agus gach duine againn ina mbaill dá chéile.


Anois, áfach, ó tá sibh fuascailte ón bpeaca agus dulta i seirbhís Dé, is i an naofacht atá mar thoradh agaibh agus is i an bheatha shíoraí a deireadh siúd.


Is é an dála céanna agaibhse é, a bhráithre; fuair sibh bás mar leis an dlí trí chorp Chríost, chun go ngabhfadh sibh le fear céile eile, leis an té úd a tógadh ó mhairbh, agus gur do Dhia a thabharfaimis toradh.


Cupa an altaithe a bheannaímid, nach páirtíocht i bhfuil Chríost é? Agus an t‑arán a bhrisimid nach páirtiocht i gcorp Chríost é?


Is aonad an corp agus mórán ball ann, ach dá líonmhaire iad na baill ní dhéanann siad uile ach aon chorp amháin. Is é an dála céanna ag Críost é:


Is sibhse corp Chríost agus is ball dá chuid gach duine ar leith agaibh.


Ní féidir dúinn aon ní a dhéanamh in aghaidh na fírinne ach ar son na fírinne amháin.


An té úd a sholáthraíonn síol don síoladóir agus a thugann arán le hithe, soláthróidh sé an síol daoibhse chomh maith; méadóidh sé an síol agus iomadóidh sé torthaí bhur bhfíréantachta.


Is é toradh a thugann an Spiorad uaidh, áfach, grá, lúcháir, síocháin, foighne, cineáltas, dea-chroí, dílseacht,


bíonn toradh an tsolais le feiceáil san uile shórt maitheasa agus fíréantachta agus fírinne.


agus go mbeidh sibh lán de thorthaí na fíréantachta sin a thagann trí Íosa Críost, chun moladh agus glóire Dé.


Táim in ann gach ní a dhéanamh le cabhair an té úd a thugann neart dom.


Ach ní hé bhur síntiús is mór agamsa ach an brabach iomadúil atá ag dul daoibh.


ionas go dtabharfadh sibh bhur saol mar is dual de réir an Tiarna agus go mbeadh sé lánsásta libh; go dtiocfadh forás ar bhur ndea-oibreacha agus méadú ar bhur n‑eolas ar Dhia;


a tháinig chugaibh agus atá ag fás agus ag tabhairt toradh uaidh ar fud an domhain mhóir, go díreach mar atá aige á dhéanamh in bhur measc féin freisin ón gcéad lá a chuala sibh iomrá ar ghrásta Dé agus a chuir sibh eolas air dáiríre.


Níl aon dea-thíolacadh, ná aon tabhartas foirfe, nach anuas a thagann sé, ag teacht anuas ó Athair na soilse, nach bhfuil aon mhalartú ina láthair ná aon scáil athraithe.


Druidigí ina aice, os é an chloch bheo é dár dhiúltaigh daoine, ach ar tofa luachmhar i láthair Dé í;


Ach ina ionad sin, leanaigí ar aghaidh ag bisiú i ngrásta agus in eolas ár dTiarna agus ar Slánaitheora Íosa Críost. Glóir dósan anois agus go lá na síoraíochta. Amen.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí