Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Seanfhocal 19:23 - An Bíobla Naofa 1981

23 Seolann eagla Dé chun na beatha; an té a mbíonn sí aige, bíonn bia agus fothain aige, gan scéin roimh aon olc air.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

23 Tríalluidh eagla an TIGHEARNA chum beatha: agus an té agá mbí sin anfuidh sé sásta; ní thiocfuighthior chuige le holc.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 19:23
28 Tagairtí Cros  

Ach maireann buanghrá an Tiarna go síoraí don dream ar a mbíonn a eagla,


Is díreach iad forálacha an Tiarna: cuirid áthas ar an gcroí; is glan í aithne an Tiarna, soilsíonn sí na súile.


Mairfidh a anam faoi shéan agus faoi shonas agus gheobhaidh a shliocht an talamh.


Éistfidh mé leis an Tiarna Dia óir labhróidh sé ar son na síochána - síocháin dá mhuintir agus dá fhíréin; agus don dream a d'iompaigh chuige ó chroí.


Tabhair ár sáith de do bhuanghrá ar maidin dúinn, go mbeidh áthas orainn agus gairdeas go deo.


Ní thiocfaidh aon urchóid i d'aice, ná aon phlá i gcóngar do bhotha,


Déanfaidh mé é a shásamh le fad saoil a thabhairt dó; agus déanfaidh mé mo shlánú a nochtadh dó.


Tugann eagla an Tiarna fad saoil, ach déanfar blianta an urchóidigh a chiorrú.


An té a bhíonn daingean san fhíréantacht, beidh fad saoil aige; níl ach an bás i ndán don té a bhíonn ar thóir na hurchóide.


Níl aon olc i ndán don fhíréan, ach bíonn trioblóidí sa mhullach ar na hurchóidigh.


Bíonn súil le dílseacht ó dhuine, agus is fearr bochtán ná bréagaire.


Sé luach saothair na humhlaíochta agus eagla an Tiarna ná saibhreas, onóir agus fad saoil.


Ní bheidh eagla ort i do shuí duit, agus beidh do chodladh go sámh i do luí duit.


“Is méanar dóibh seo a bhfuil ocras agus tart chun na fíréantachta orthu, óir sásófar iad.


Mar sin bhí síocháin ag an Eaglais ar fud Iúdáia go léir agus na Gailíle agus na Samáire. Lean sí á tógáil féin agus ag dul chun cinn faoi eagla an Tiarna agus ag dul i méid le cabhair an Spioraid Naoimh.


Tá a fhios againn chomh maith go gcomhoibríonn Dia san uile ní leo siúd a bhfuil grá acu dó agus a bhfuil glaoite aige orthu de réir a chomhairle.


Is beag an tairbhe an aclaíocht choirp, ach is mór go deo an tairbhe an chráifeacht, mar go bhfuil tuar na beatha inti abhus agus thall.


agus saorfaidh an Tiarna mé ó gach olc agus tabharfaidh sé slán chun a ríochta ar neamh mé, moladh go deo leis. Amen.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí