Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Filipigh 2:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Ná déanaigí aon ní le teann iomaíochta ná le teann gaisce, ach sibh á mheas go huiríseal gur fearr daoine eile ná sibh féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 gan bheith leithleasach ná leitheadach, ag géilleadh go huiríseal do dhaoine eile,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 gan éinnidh do dhéanamh tré mhian conspóide nó baothghlóire, acht le h‐umhlacht aigne measadh gach aoinneach gur fearr an duine eile ’ná é féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Gan éinní tré chonnsbóid ná tré ghlóir dhíomháoin; achd a númhlachd inntinne measadh gach áon gur fear neach eile na é féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Ná déanaigí aon ní le teann iomaíochta ná le teann gaisce, ach sibh dá mheas go huiríseal gur fearr daoine eile ná sibh féin.

Féach an chaibidil Cóip




Filipigh 2:3
24 Tagairtí Cros  

Leanann aighneas stuacacht na n‑éaganta; ach is ag lucht leanta na comhairle atá an eagna.


Deirim libh, chuaigh sé seo síos abhaile fíréanaithe, ní ionann is é siúd. Óir gach aon duine a ardaíonn é féin, ísleofar é, agus an té a íslíonn é féin ardófar é.”


Bíodh grá bráthar agaibh dá chéile agus tugaigí tús urraime dá chéile;


Mairimis go béasach mar dhaoine atá faoi sholas an lae, gan ragairne gan meisce, gan striapachas gan drúise, gan achrann gan éad.


fearg agus fraoch áfach atá i ndán do lucht na míréire a dhiúltaíonn don fhírinne agus a ghéilleann don urchóid.


Mar is mise an duine is lú ar fad de na haspail - ní fiú mé go dtabharfaí aspal orm de bhrí go ndearna mé géarleanúint ar eaglais Dé.


de bhrí go bhfuil sibh collaí go fóill. Fad atá éad agus achrann eadraibh nach daoine collaí atá ionaibh agus sibh do bhur n‑iompar féin de réir ghnás an tsaoil?


Mar is é eagla atá orm, nuair a thiocfaidh mé chugaibh nach mbeidh sibhse mar ba mhaith liom sibh a bheith agus nach mbeidh mise mar ba mhaith libhse mé a bheith. Is eagal liom go mbeidh achrann agus éad, go mbeidh aighneas ann agus imreas, cáineadh agus cúlghearradh, mustar agus mí-ord.


Ach má leanann sibh ag ithe agus ag gearradh a chéile, bígí aireach, ar eagla go millfeadh sibh a chéile ar fad.


Agus ná bímis mórchúiseach ná ag saighdeadh a chéile ná ag éad le chéile.


agus sibh a bheith lán d'uirísle, de láchas agus d'fhoighne. Cuirigí suas go carthanach le chéile


Bígí géilliúil dá chéile le hómós do Chríost.


Déanaigí gach ní gan chasaoid ná argóint, ar shlí go mbeadh sibh gan locht gan urchóid, in bhur gclann gan cháim ag Dia i lár glúine atá truaillithe claon


Dá bhrí sin, ós sibhse an pobal tofa, pobal naofa muirneach Dé, cuirigí umaibh trua croí, cineáltas, uirísle, ceansacht agus foighne.


Ach ní mór daoibh iad go léir a chaitheamh uaibh anois: caithigí uaibh an fhearg, an cuthach agus an mhailís; agus ná bíodh achasán ná caint ghraosta in bhur mbéal agaibh.


is ag borradh le bród atá sé agus gan aon tuiscint aige ach cíocras air chun aighnis agus conspóide, nithe nach dtagann dá mbarr ach éad agus achrann, achasáin agus drochamhras


Mar fhocal scoir, bígí uile ar aon intinn, agus bíodh comhbhá agaibh le chéile, agus grá agaibh do na bráithre; bíodh trócaire in bhur gcroí agus uirísle in bhur meon.


Mar an gcéanna libhse is óige ná sin, bígí umhal do na seanóirí. Cuirigí umaibh, gach duine agaibh, an umhlaíocht i leith a chéile, mar “cuireann Dia in aghaidh lucht an uabhair, ach bronnann sé a ghrásta ar lucht na humhlaíochta.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí