Salm 57 - An Bíobla Naofa 1981Croí Diongbháilte 1 Do stiúrthóir an chóir. Leis an bhfonn “Ná scrios”. Mictam Dháiví nuair a theith sé isteach san uaimh ó Shól. 2 Bíodh trua agat dom, a Dhia, bíodh trua agat óir is ort atá tarraingt m'anama. Ar scáth do sciathán atá mo thriall nó go dtéann an anachain seo tharam. 3 Glaoim ar Dhia, an Neach is Airde: ar Dhia a chabhraíonn liom de shíor. 4 Go gcuire sé cabhair chugam ó neamh do mo shaoradh; go dtuga sé náire do lucht mo thóraíochta, go gcuire Dia chugam a bhuanghrá agus a dhílse. 5 Tá m'anam ina luí i measc leon a d'alpfadh an Ádhamhchlann ina gcraos. Is sleánna agus saigheada a bhfiacla, is cosúil a dteanga le géarchlaíomh. 6 Éirigh in airde, a Dhia, os cionn na bhflaitheas; bíodh do ghlóir os cionn an domhain go léir! 7 Chuireadar eangach i bhfearas do mo chosa; rinneadar mé a ísliú. Thochail siad clais romham amach; ach thit siad féin inti. 8 Tá mo chroí go daingean, a Dhia; tá mo chroí go daingean. Canfaidh mé agus seinnfidh mé do mholtaí. 9 Múscail, a anam liom! Músclaígí, a chláirseach is a chruit! Músclóidh mé féin an maidneachan. 10 Gabhfaidh mé buíochas leat idir na ciníocha, a Thiarna: molfaidh mé thú i measc na náisiún. 11 Óir síneann do bhuanghrá chun na bhflaitheas agus do dhílse chun na spéartha. 12 Éirigh in airde, a Dhia, os cionn na bhflaitheas; bíodh do ghlóir os cionn an domhain go léir. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart