Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Salm 103 - An Bíobla Naofa 1981


rócaire an Tiarna
1 [Salm le] Dáiví.

1 [Salm le] Dáiví. 1 Beannaigh an Tiarna, a anam liom; go mbeannaí a bhfuil ionam a ainm naofa.

2 Beannaigh an Tiarna, a anam liom; ná tabhair i ndíchuimhne a thíolacthaí uile.

3 Maitheann sé do chionta go léir duit; agus leigheasann sé d'easláintí uile.

4 Fuasclaíonn sé d'anam ón uaigh; corónaíonn sé le buanghrá is le trua thú.

5 Líonann sé do shaol le nithe fónta; déantar d'óige a athnuachan mar a bheadh iolar.

6 Cuireann an Tiarna an fhíréantacht i bhfeidhm; tugann sé ceart dá mbíonn faoi dhaorsmacht.

7 Chuir sé a shlite in iúl do Mhaois; agus a ghníomhartha in iúl do chlann Iosrael.

8 Is grámhar trócaireach é an Tiarna, foighneach agus lán de cheansacht.

9 Ní i gcónaí a bheidh sé ag cáineadh; ní de shíor a bheidh sé i bhfeirg linn.

10 Ní de réir ár bpeacaí a roinneann sé linn; ní de réir ár gcionta a chúitíonn sé linn.

11 Óir ní airde neamh os cionn talaimh ná a bhuanghrá don dream lenarb eagal é.

12 Ní faide an t‑oirthear ón iarthar ná an fad a chuireann sé ár gcionta uainn.

13 Amhail is trua leis an athair a chlann, is trua leis an Tiarna lucht a eaglaithe.

14 Óir is eol dó an tslí inar cumadh sinn agus is cuimhin leis nach bhfuil ionainn ach luaithreach.

15 Is cosúil ré an duine le féar; bláthaíonn sé amhail bláth an mhachaire.

16 Téann sé ar ceal le leoithne gaoithe, agus ní fios dá ionad féin é feasta.

17 Ach maireann buanghrá an Tiarna go síoraí don dream ar a mbíonn a eagla,

18 agus a fhíréantacht do chlann a gclainne nuair a chomhlíonann siad a chonradh go dílis, agus go ndéanann siad de réir a thola.

19 Shocraigh an Tiarna a chathaoir ar neamh; agus rialaíonn a ríogacht gach aon ní.

20 Molaigí an Tiarna, a aingle uile an Tiarna a dhéanann a réir go cumasach, agus a bhíonn go humhal dá bhriathar.

21 Molaigí an Tiarna, a aingle uile an Tiarna, a lucht fónaimh a dhéanann a thoil.

22 Molaigí an Tiarna, a oibreacha uile an Tiarna i ngach uile áit dá bhfuil faoina réir. Beannaigh an Tiarna, a anam liom.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí