Salm 147 - An Bíobla Naofa 1981Amhrán Molta agus Buíochais do Dhia as ucht Atógáil Iarúsailéim 1 Alleluia. Molaigí an Tiarna toisc gur maith é; canaigí Salm dár nDia toisc gur grámhar é; is dósan is dual ár moladh. A 2 Tá an Tiarna ag atógáil Iarúsailéim; tá sé ag bailiú díbeartaigh Iosrael le chéile. 3 Leigheasann sé lucht an chroí bhriste; agus déanann a gcréachtaí a cheangal. 4 Socraíonn sé líon na réaltaí; ainmníonn sé ina gceann is ina gceann iad. 5 Is mór é ár nDia agus is mór é a neart; níl teorainn ar bith lena eagna. 6 Ardaíonn an Tiarna na daoine ísle; agus leagann sé ar lár na hurchóidigh. 7 Canaigí don Tiarna le buíochas; seinnigí moladh ar an gcruit dár nDia, 8 an té a chlúdaíonn na spéartha le néalta; agus a thugann an fhearthainn don talamh. Cuireann sé an féar ag fás ar na sléibhte; agus luibheanna chun fónamh don duine. 9 Tugann sé a gcuid do na beithígh; agus beathaíonn gearrcaigh na bhfiach nuair a ghlaonn siad air. 10 Ní hé neart an eich is aoibhinn leis; ná ní hiad cosa an duine is taitneamhach leis. 11 Tugann an Tiarna taitneamh do lucht a eaglaithe; don dream ar muinín leo a thrócaire. B 12 Tabhair moladh don Tiarna, a Iarúsailéim; tabhair moladh do do Dhia, a Shíón. 13 Óir dhaingnigh sé sparraí do dhoirse; agus bheannaigh sé do chlann atá istigh ionat. 14 Rinne sé síocháin i do chríocha; agus tugann do sháith de phlúr na cruithneachta duit. 15 Cuireann sé a aithne ag triall ar an talamh; agus gluaiseann a bhriathar go lántapaidh. 16 Scaipeann sé sneachta amhail olann; croitheann sé cuisne amhail luaithreach. 17 Leathann sé a leac oighir ina blúirí; cé a fhéadann a fhuacht a fhulaingt? 18 Cuireann sé a bhriathar uaidh á leá; agus a ghaoth a choscairt an tsneachta. 19 D'fhoilsigh sé a bhriathar do Iacób; a reachtanna agus a fhoraitheanta d'Iosrael. 20 Ní dhearna sé amhlaidh d'aon chine eile; níor nocht sé a reachtanna dóibh. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart