Féach an grá atá ag an Athair dúinn, go dtugtar clann Dé orainn, agus is ea sinn! A chroí, smaoinigh air sin ar feadh nóiméid. Is clann Dé muid, gach duine againn.
Mar chlann Dé, táimid glaoite chun cónaí a dhéanamh de réir a thola agus a phrionsabail. Trí íobairt Íosa, táimid glactha mar chuid dá theaghlach agus is oidhrí muid dá ghrá agus dá ghealltanais. Ciallaíonn sé sin go gcaithfimid siúl san fhírinne agus sa cheart, ag léiriú íomhá ár nAthair neamhaí anseo ar talamh.
Ach ní bhíonn sé éasca i gcónaí. Bíonn dúshláin agus streachailt romhainn a chuireann ceist ar ár bhféiniúlacht mar chlann Dé. Cloisimid guthanna an tsaoil ag iarraidh sinn a shainmhíniú de réir ár ngnóthachtálacha, ár gcuma, nó ár stádas sóisialta. Ach ná ligimis do na guthanna sin dul i bhfeidhm orainn. Cuimhnigh cé tú i gCríost. Tugann sé sin misneach agus dínit duit, is cuma cén imthosca atá romhat.
Tá freagracht orainn mar chlann Dé, áfach. Táimid glaoite chun a íomhá a léiriú inár ngníomhartha agus inár gcinntí go léir. Is iompróirí solas Chríost muid i ndomhan atá lán le dorchadas.
Chun tuiscint níos fearr a fháil ar ár bhféiniúlacht mar chlann Dé, ní mór dúinn dul i muinín a bhriathair. Is ann a fhaighimid fianaise na ndaoine a bhfuil taithí acu ar ghrásta agus ar ghrá Dé tríd na haoiseanna. Trí na Scrioptúir a léamh agus machnamh a dhéanamh orthu, is féidir linn ár gcaidreamh lenár nAthair neamhaí a dhoimhniú agus ár muinín inár bhféiniúlacht dhiaga a neartú.
Mar sin, cuimhnigh i gcónaí, a chara, go bhfuil grá ag Dia duit, go bhfuil luach ag baint leat, agus go bhfuil cuspóir agat sa saol seo. Is clann Dé thú, agus is rud iontach é sin.
Oír níor ghabhabhair chugaibh Spiorad na seirbhíse a rís chum eagla; achd do ghabhabhair chugaibh Spiorad atharghadh na cloinne, tré ngoirmíd, Abba, a Athair.
Achd an mhéid do ghabh chuca é, tug sé cumhachda dhóibh bheith na gcloinn ag Día, eadhon don droing chreideas ann a ainmsean:
Tuguidh dá bhur naire, créd é méud an ghrádha tug an Tathair dhúinne, as a ngoirfidhe clann Dé dhínn: is uime so nach aithnidh don tsáoghal sinn, do bhrígh nach aithnidh dhó eisean. Is as so aitheantar clann Dé, agus clann an díabhail: gidh bé nach leanann do nfíréuntachd ní ó Dhía atá sé, ná an tí nach dtabhair grádh dhá dhearbhrathair. Oír a sí so an teachdaireachd do chúalabhair ó thosuigh, eadhon sinne do thabhairt grádh dhá chéile. Ní do nós Cháin, noch do bhí ón droch spioruid, agus do mharbh a dhearbhráthair. Agus créd é an tadhbhar fár mharbh sé é? Do bhrígh go rabhadar a oibreacha féin go holc, agus oíbreacha a dhearbhráthar fíreunta. A dhearbhráithre, na bíodh íongnadh aguibh, fá fhúath bheith ag an tsáoghal oruibh. Atá a fhios aguinne gur hathruigheadh sinn ó bhás go beatha, do bhrígh go bhfuil grádh aguinn air na dearbhráithribh. An tí nach grádhuigheann a dhearbhrathair cómhnuighe sé a mbás. Gidh bé neach fhúathuigheas a dhearbhráthair as fear dúnmharbhtha é: agus atá a fhios aguibh nach déunann an bheatha marthannach comhnuighe a bhfear dúnmharbhtha ar bith. Is as so is aithnigh dhúinn grádh Dé, gur chuir sé a anum síos air ar soinne: uime sin atá dfíachuibh oruinne ar nanmanna do chur síos ar son ar ndearbhraithreach. Agus gidh bé agá bhfuil maóin an tsáoghailse, agus do chí a dhearbhráthair a ríachdanas, agus nach déun trúaighe dhó, cionnus chomhnuigheas gradh Dé ann? A chlann bheag, nár ab a mbréithir, ná a dteanguidh bhías bhur ngrádh; achd a ngníomh agus a bhfírinne. Agus aithnigheamaóid as so gur don fhírinne sinn, agus do bhéuram air ar gcroidhthibh bheith deimhnighthe na fhíadhnuisesion. A cháirde, as clann do Dhía sinn a nois, achd ní léir fós créd bhus sinn: gidheadh atá a fhios aguinn, an tan fhoillséochar eision, go mbíam cosmhuil ris; óir do chífeam é do réir mar atá sé.
Achd is cinéul toghtha sibhse, sagartachd ríogha, cineadh náomhtha, pubal ar leith; ionnus go bhfoillséochadh sibh subháilcidhe an tí do ghoir sibh as dorchadus chum a sholais iongantuigh féín.
Ar a nadhbharsin má atá éunduine a Gcríosd, is créutúr núadh é: do imthigheadar na seinneithe thoruinn; feuch, do rinneadh na huile neithe núadh.
Noch a nallód nach raibh bhur bpobal, achd a nois as pobal do Dhía sibh: a dhream nach bhfuáir trócaire, atá sibh a nois ar bhfagháil trócaire.
Amhuil do thógh sé sinn annsan, sul do chrúthuigheadh an dómhan, ionnus go mbéimís náomhtha agus neimhchiontach dhá lathairsion a ngrádh: Agus do réimhchinn sé dhúinne bheith aige féin a náit cloinne tré Iósa Críosd ar a shon féin, do réir dheaghfhuinn a thola féin,
Mar sin do chruthaidh Día an duine an a iomháigh féin, a níomháigh Dé do chruthaidh sé é; feardha agus bannda do chruthaidh sé íad.
Suil do chum mé thú annsa mbolg do bhí thfios agam; agus suil tháinic tú amach as a mbroinn do náomhuigh mé thú, agus dórduigh mé thú ad fháigh do na cineadhachuibh.
Do céusadh mé má ráon ré Críosd: gidheadh atáim beo; bíodh nach misi feasda, achd Críosd atá béo ionnam: agus an bheatha chaithim a nois sa gcoluinn is tré chreideamh Mhic Dé chaithim í, noch do ghrádhuigh mé, agus tug é féin ar mo shon.
Oír as sinne a obairsion, air a gcrúthughadh a Níosa Críosd chum déaghoibrigheadh, noch do ullmhuigh Día roimh láimh, chum sinne do shiubhal ionnta.
Oír atá sibh marbh, agus atá bhur mbéatha folaighthe má ráon ré Críosd a Ndía. An tan fhóillséochthar Críosd, ar mbéathainne, foillséochthar sibhse fós an tan sin a nglór má ráon ris.
A né, nach bhfuil a fhios aguibh, gur ab é bhur gcorp teampoll an Spiorad Náoimh, noch atá ionnuibh, agus atá aguibh ó Dhía, agus nach libh fein sibh? A né nach bhfuil a fhions aguibh go mbéuraid na náoimh breath ar an dómhan? agus más ribhse bheirthar breath ar an dómhan, a né nach fíu sibh bheith bhur mbreitheamhnuibh ar na hadhbharaibh is lúgha? Oír do cheannchadh sibh ar lúach: uime sin tugaidh glóir do Dhía ré bhur gcorp, agus ré bhur spioraid, óir is lé Día íad.
Oír atá sibh uile bhur gcloinn ag Día tré chreideamh a Niósa Críosd. Oír an mheid aguibh do baisdeadh a Gcríosd do chuireabhair Críosd iomuibh. Ní bhfuil Iúduighe na Gréugach, ní bhfuil sáor na dáor, ní bhfuil fear na bean: óir is áon sibh uile a Niósa Críosd.
Gur coir dháoibh do réir na céud choinbhearsáide an seanduine do chur dhíbh, noch atá ar na thruáilleadh ó ainmhíanuibh seachráin; Agus bheith dháoibh ar bhur nathnúadhughadh a sbioruid bhur ninntinne; Agus an duine núadh do chur íomuibh, noch atá ar na chrúthughadh do réir Dé a bhfiréuntachd agus a bhfíornáomhthachd.
Tuguidh dá bhur naire, créd é méud an ghrádha tug an Tathair dhúinne, as a ngoirfidhe clann Dé dhínn: is uime so nach aithnidh don tsáoghal sinn, do bhrígh nach aithnidh dhó eisean.
Acht a nois is marso a deir an TIGHEARNA do chruthaidh thusa, a Iácob, agus an té do chum thú, a Israel, Ná himeagluigh: óir dfúasguil mé thú, do ghoir mé thú as hainm; is liomsa thú.
Oír ní sbiorad eagla tug Día dhúinne; achd sbiorad cúmhachd, agus grádh, agus sláinte inntinne.
Oír an mhéid thréoruighthear lé Spiorud Dé, a síad clann Dé íad. Oír níor ghabhabhair chugaibh Spiorad na seirbhíse a rís chum eagla; achd do ghabhabhair chugaibh Spiorad atharghadh na cloinne, tré ngoirmíd, Abba, a Athair.
Glóir agus moladh do Dhía, eadhon Dathair ar Dtighearna Iósa Críosd, noch do bheannuidh sinn lé gach uile bheannachdadh sbioralta sna neíthibh neamhdha a Gcríosd:
Agus do chum an TIGHEARNA Día an duine do luáithreadh na talmhan, agus do shéid ann a phoill-sróna anál na beatha, agus táinig an duine chum bheith na anam beó.
Uadh so súas ní ghoirfe mé searbhfhoghantuidhe dhíbh, óir ní bhfuil a fhios ag an tsearbhfhoghantuidh créud do ní a thighearna: achd do ghoir mé cáirde dhibh; óir na huile neithe do chúaluidh mé ó Mathair, do léig mé a bhfios chugaibhsi.
Noch do sháor sinn ó chúmhachduibh an dorchaduis, agus do atharruigh sinn go rioghachd a Mhic ionmhuin féin: Ion a bhfuil an fúasgladh aguinn tré na fhuil, eadhon maithmheachas na bpeacadh:
Agus mar an gcéudna is measda dháoibhsi go bhfuilti go deibhin marbh don pheacadh, agus béo do Dhía tré Iósa Críosd ar Dtighearna.
Oír an mheid aguibh do baisdeadh a Gcríosd do chuireabhair Críosd iomuibh. Ní bhfuil Iúduighe na Gréugach, ní bhfuil sáor na dáor, ní bhfuil fear na bean: óir is áon sibh uile a Niósa Críosd. Agus más lé Críosd sibh, as sibh síol Abraham gan amhras, agus oighrighe do réir na geallamhna.
As misi án fhíneamhuin, sibhsi na géuga: Gidh bé fhanus ionnamsa, agus misi annsan, do bheir sé toradh mór: óir gan misi ní héidir libh éainni do dhéanamh.
Ann sa tosach do bhí an Bhriathar, agus do bhí ab Bhriathar a bhfochair Dé, agus do bé Día an Bríathar.
Achd as ar neamh atá ar gcoinbhearsáidne; an tionad as a bhfuil súil aguinn fós ré teachd an Tslánaighthéora, an Tíghearna Iósa Críosd:
Ar a nadhbharsin ní bhfuil damnughadh ar bith a nois don dreim atá a Niósa Críosd, nach siobhlann do réir na féola achd do réir na Spioruide.
Oír an tí náomhus agus an dream do nithear náomhtha is ó aon íad uile: uime sin ní ghabhann adhnáire é fá dhearbhráithribh do ghairm dhíobh,
As tríd so atá an grádh ar na choimhlíonadh ionnuinne, ionnus go mbíadh dánachd aguinn a ló an bhreitheamhnuis, do bhrígh gur do réir mar atá seision, atámuidne fós sa tsáoghalsa.
Amhuil do thógh sé sinn annsan, sul do chrúthuigheadh an dómhan, ionnus go mbéimís náomhtha agus neimhchiontach dhá lathairsion a ngrádh:
Uime sin cuiridh iomuibh, mar chloinn thoghtha, náomhtha ionmhuin Dé, innighe trócaire, cáoine, úmhlachd inntinne, ceandsachd, agus foighid;
Ar mbeith fhios so aguinn, go bhfuil ar seanduine ar ná chéusadh maráon rision, do chum go sgriosfuidhe corp an pheacaidh, ionnus nách déanamaóis seirbhis ó so súas don pheacadh.
Molfa mé thú; do bhrígh go ndéarnadh mé go hiongantach agus go húathbhasach: is oirdheirc hoibreacha; agus atá a fhios sin aig manamsa go ro mhaith.
Uime sin ní searbhfoghantuidhe thú feasda, achd mac; agus más mac, is oighre thú mar an gcéudna do Dhía tré Chríosd.
Agus más clann, is oidhrighe fós sinn; óidhrighe gan amharas do Dhía, agus comhóidhrighe do Chríosd; má fhuilngmíd a néinfheachd ris, ionnus go mbemís a ccómhghlóir ris.
Bíodh a fhios agaibh gur bé an TIGHEARNA is Día: isé do rinne sinne, agus ní sinn féin; is sinne a dhaóine, agus caóirigh a innbhir.
Iona bhfuil fuásgladh aguinn tré na fhuil, (maithmheachas na boeacadh,) do réir sháidhbhris a ghrássan:
Uime sin gabhaídh chugaibh a chéile, do réir mar do ghabh Críosd sinne chuige chum glóire Dé.
Ní sibhsi do thog misi, achd misi do thogh sibhsi, agus do chuir mé sibh, ionnus go nimtheochadh sibh agus go dtiubhradh sibh toradh, agus go bhfanfadh bhur dtoradh: ar chor gidh bé ní íarrfuidhe a mainmsi ar a Nathair, go dtiobhradh se dhibh é.
Uime sin ní bhfuiltí ní sa mhó bhur gcoimhightheachuibh ná bhur gcoigcríochuibh, achd bhur luchd áonchaithreach do na náomhuibh, agus bhur luch tighe Dé;
Agus atá sibhse ar bhur iomlíonadh annsan, noch as ceann do huile úachdaranachd agus do na huile chúmhachduibh:
Agus Día na nuile ghrás, noch do ghoir sinn chum a ghlóire síorruidhe a Níosa Críosd, tár éis beagáin buáidheartha dfulang dhíbh, go ndéuna sé féin sibh íomlán, go neartuighe, go láidrighe, agus go ndaingnighe sé sibh.
Agus a sé Día, dhaingnigheas sinne maille ribhse a Gcríosd, agus do ung sinn; Noch fós do chuir séula oruinn, agus tug comhartha daingnighthe na Sbioruide ann ar gcroidhthibh.
As a bhfuil dánachd aguinn agus slighe ré dhul a steach maille ré dóthchas tré chreideamh annsan.
Is sibhsi solus an domhain. Ní héidir cathair atá ar na suighiughadh ar shlíabh dfolach. Agus ní lasaid dáoine coinneal do, chum go gcuirfidis fa bhéul buiséal í, achd a gcoinnléoir; agus ní sí solas dá a mbíonn a stigh. Go madh mar sin dhealróchus bhur soillsisi a bhfíaghnuisi na ndáione, a gcrúth go bhfaicfidh síad bhur ndeaghoibrighthe, agus do dtiobhruid glóir dá bhur Nathair atá ar neamh.
Uime sin seasuidh sa tsáoirse léur sháor Críosd sinn, agus ná bíghidh a rís ar bhur gcreapall ré cuing ná dáoirse.
Agus na cumaidh sibh féin ris an tsáoghalsa: achd cuiridh sibh féin a natharrach crotha ré hathnúadhughadh bhur ninntinne, ionnus go mbíadh a dhearbh aguibh créud í toil mhaith, gheanamhuil, dhiongmhála Dé.
Tré a dtug sé dhúinn geallamhnacha ró mhóra morluáidh: ionnus go mbíadh thrítheadh so cumann aguibh ris a nádúir dhíagha, ar mbeith dhibh ag seachna an truáillidhe atá sa tsáoghal tré ainmhían.
Agus a nois, a chlann bheag, déunuigh comhnuighe annsan; ionnas, an tan fhoillseóchar é, go mbiádh dánachd aguinn, agus nach mbiáidh náire oruinn na fhiadhnuise an tan thiucfas sé.
Ní bhéara arm ar bith dá ccuimeachthar buáidh ad aghaidhsi; agus gach teanga dá néireochuidh ad aghaidh daimneocha tú í a mbreitheamhnus. Así so oighreachd sheirbhíseach an TIGHEARNA, agus is uáimsi atá a bhfíreantachd, a deir an TIGHEARNA.
Oir do rinne sé diongmhálta go síorruidhe ré héin iodhbairt amháin an dream atá ar na náomhadh.
Oír a Níosa Críosd ní bhfuil éifeachd ar bith a dtimchillghearradh, ná a neamhthimchillghearradh, achd sa gcrúthughadh núadh.
Gidheadh a bhuídhe ré Día, do bheir dhúinn buáidh do bhreith tré ar Dtíghearna Iósa Críosd.
As clan na soillse sibh uile, agus clan an laói: ní clan do noidhche, ná don dorchadas sinn.
Agus teaguisgidh íad gach uile ní dár, aithín misi dhibh do choimhéud: agus, féuch, a táimsi bhur bhfochair gach éinla go deireadh an tsaoghail. Amen.
Ann a bhfuilmidne toghtha, air ar réimhchinneadh réir órduighthe an tí oibrigheas na huile neither réir chomhairle a thola féin, noch ann ata fós oirigheachd aguin:
Agus a sé an creideamh as bun do na neithibh ré bhfuil dóigh, agus as foillsiughadh dearbhtha air na neithibh nach bhfaicthear.
Achd as úadhasan atá sibhse a Niósa Críosd, noch atá ar na dhéunamh ó Dhía dhúinne na eagna, agus na fhíréuntachd, agus na náomhthachd, agus na fhúasgladh:
A gcorp a fhéola féin tré bhás, chum bhur ndéunta náomhtha glan agus neimhchiontach na fhíadhnuise féin:
Ar a nadhbharsin tar éis ar soártha tré chreideamh, atá siothcháin aguinn ré Día tré ar Dtighearna Iósa Críosd: Oir má, réidheadh eadruinne agus Día tré bás a Mhic, a nuáir do bhámar ar náimhdibh, is mó ná sin go mór, ar mbeith a nathmhuinnteardhas dúinn, choimhéadfuighthear sinn tré na bheathasan. Agus ní hé sin amháin, achd már an gcéudna do nímíd máoidheamh a Ndía tré ar Dtighearna Iósa Críosd, tré a bhfúaramar a nois an tathmhuinnteardhas. Ar a nadhbharsin mar tháinic an peacadh air a tsáoghal tré áonduine amhain, agus an bás trés an bpeacadh; is mar sin ráinic an bás na huile dhaóine, ar son gur pheacuigheadar uile: Oír gus an dligheadh do bhí an peacadh ann sa tsáoghal, achd ní cuirthear an peacadh a leith dhuine a nuáir nach mbíonn dligheadh ann. Gidheadh do bhí rioghachd ag an mbás ó Adhamh go Maóisi, ar a ndréim fós nar pheacaigh do réir chosamhlachda easumhlachda Adhuimh, noch atá na fhioghair ag an té úd do bhí chum teachda. Achd ní mar an gcoir, atá an tiodhlacadh. Oir má fúaradar mórán bás tré thuitim áonduine amháin, is romhó na sin do acfuinnigh grás Dé, agus an tiodhlacadh tré ghrás a náonduine Iósa Críosd, do mhórán. Agus ní mar an táonduine do pheacuigh, atá an tabhartas: óir tháinic an bhreitheamhnus tré áonchoir amháin chum dámanta, achd tainic an tabhartus ó iomad cionntadh chum sáortha. Oír más do bhrígh áonchoire amháin do ghabh an bás rioghachd tré áonduine; is mó ná sin go mór do ghéubhá an mhuinntir ghlacas fáirsingi ghrása agus thabhartais na fireantachda rioghachd a mbeatha tré áon, eadhon Iósa Críosd. Ar a nadhbharsin, amhail as tré áonchoir amháin tháinic bréitheamhnus air ná huile dhaóinibh chum damanta; is mar sin tháinic an tabhartus tré áontsáoradh amháin air gach uile dhuine chum sáortha na beatha. Oír mar is tré easúmhlachd éunduine amháin do rinneadh peacuigh do mhórán, is mar sin tré úmhlachd éunduine amháin do dhéantar firéanuigh do mhórán. Tré na bhfúaramar mar an gcéadna slighe trés an gcreideamh chum na ngrása ann a seasmáoid, agus a ndéanmáoid gáirdeachás fá mhuiníghin ghlóire Dé.
Taisbeanfa tú dhamh casáin na beatha: ad lathairsi atá líonmhaireachd lúathgháire; air do láimh dheis atá sáimhe go síothbhúan.
Oír do rinne seisean air ar soinne, peacadh don tí ag nách raibh fios peacaigh; ionnus go ndéuntaói fíréuntachd Dé dhínne annsan.
Ar mbeith dhamh dearbhtha as an ní céudnasa, eadhon an tí do thionnsguin obair mhaith ionnuibh go gcuirfe sé críoch uirrthe go lá Iósa Críosd:
Féachaigh ar éunlaith a naiéir: oír ni chuirid siól, agus ní bheanuid siád, agus ní chruinnighid síad ann an sgíobólaibh; gidheadh beathaighidh bhur Nathair neamhdhasa iád. A né nach fear sibhsi go mór na iádsan?
Gáirdeochuidh mé go mór annsa TIGHEARNA, biáidh manam sólásach ann mo Dhia; óir déaduigh sé mé a cculadhuibh an tslánaighthe, dfoluigh sé mé le róba na firéantachda, amhuil chóirigheas fear núadhpósta é féin le breághachtuibh, agus mar chóirigheas an bhean núadhphósta í féin lé na séuduibh.
Agus atá a fhios aguinn go gcomhoibrigheann gach uile ní chum maitheasa do na daóinibh ghráduigheas Día, noch atá ar na ngairm do reir a órduighesion.
Do rinneadar do lámha mé agus do chumadar mé: tabhair tuigsi dhamh, agus do dhéan haitheanta dfoghluim.
Ar a nádhbharsin ó thárrla a chomhmór sin do néull fíadhnuiseadh ar dtimchiollne mar an gceudna, ag cur gach uile thruim dhínn, agus an pheacuigh leanus din go héusguidh, riótham maille ré foighid chum chin na coimhleanga atá romhuinn, Oír do bhádarson dár smachdughadhne beagan láethe réir a dtola féin; achd chum ar leasa eision, ionnus go nglacfamaóis a náomhthachd san. Achd ní cosmhuil smachdughadh air bith ré headh na nuáire sin do bheith solásach, achd dólasach: gidheadh do bheir sé na dhiáigh sin toradh smuáimhneach na fíréuntachda don druing chleachdas é. Uime sin tógbhuidh súas na lámha díomhaóineach, agus na glúine gan sbracadh; Agus déunuidh céimniughadh díreach ré bhur gcosuibh, deagla a neithe atá bacach do chláonadh as a tslighe; ach go madh táosga leighéosaidh é. Leanuigh síothchain ris na huile dhaóinibh, agus náomhthachd, óir gan í ní fhaicfidh éinneach an Tíghearna. Tabhruidh aire ribh fá gan áoinneach aguibh do chláonadh ó ghrás Dé; fá gan fréumh shearbhuis ar bith do fhás súas dá bhur mbuáidhreadh, trés a ndéuntaói morán neamhghlan; Deagla go mbíadh éinneach na sdríopuigh, ná neimhdhíagha, mar Esau, noch do reac a cheart óighreachda ar son éinchinn amháin bídh. Oír atá a fhios aguibh an tan bá mían rís fós ná dhiáigh sin, an bheannachd fhagháil mar oighreachd, gur diultadh é: óir ní bhfuáir sé áit aithrighe, bíodh gur íarr sé í maille re déuruibh. Oír ní chum an tsléibh thangabhair ré a bhféudtar cumailt, ná chum na tíneadh lasarrgha, ná chum na sdoirme, ná an dorchaduis, na an gairbhshíain, Ná chum fuáime an sduicm bá ghótha na mbríathar; agár shireadar an dream do chúaluidh é dathchuinge gan an bhríathar do labhairt ríu féin ní sa mhó: Ag féuchuinn ar Iósa ceannphort agus fear críochnuighe an chreidimh; noch ar son an tsóláis do cuireadh as a chomhair do fhúlaing céusadh na croithe, ag gcur na masla a neamhshuim, agus do shuigh ar deis árdchathaóire Dé.
Uime sin má deirséirghe sibh má ráon ré Críosd, íarruidh na neithe atá shúas, sa nionad ann a bhfuil Críosd na shuídhe ar deis Dé.
Ar mbeith dhibh ar bhur naithghinéamhuin, ó shíol nach truáillighe, achd neamhthruáillighe, tré bhreithir Dé, mhaireas agus chómhnuigheas go síorruidhe.
Dá nadmham ar bpeacuidh, atá seision fírinneach agus ceart re ar bpeacuigh do mhaitheamh dhúinn, agus ré ar nglanadh ó anuile neamhfhiréuntachd.
Agus an duine núadh do chur íomuibh, noch atá ar na chrúthughadh do réir Dé a bhfiréuntachd agus a bhfíornáomhthachd.
Ar a nadhbharsin atámuid adhlaice maráon risean tré bhaisdeadh chum báis: ionnus do réir mar do tógbhadh súas Críosd ó mharbhaibh chum glóire a Náthar, gur mar sin mar an gcéudna do dhéunmais siubhal a núaidheachd beatha.
Oir amhuil mar as áon an corp, agus morán do bhallaibh aige, agus buill a néunchuirp uile, biodh gur ab iomdha íad, nach bhfuil ionnta achd éanchorp amháin: as mar an gcéudna atá Críosd. Oír is tré aoin Sbioruid do baisdeadh sinn uile chum éunchoirp, más Iúduighe sinn nó Gréugaígh, más sáor nó daor sinn; agus tugadh deoch dhuinn uile ré a híbhe chum éin Sbioruide.
Ionnus go mbiáidh sibh neimhchiontach agus neamhurchóideach, bhur gcloinn neamhlochduigh ag Día, a measg dhroichchinidh chrosda, eidir a bhfuil sibh ag deallrughadh mar lóchrannuibh soilse sa tsáoghal; Ag síneadh bhréithre na beatha uáibh amach; ionnus go dtiucfadh dhíomsa mórdháil do dhéunamh a ló Chríosd, nár rioth mé go díomháoin, agus nár sháothruidh mé go díomháóin.
Achd a sé as toradh don Spiorúid grádh, gáirdeachas, síothcháin, foíghid fhasa, ceannsachd, rún maitheasa do dhéunamh, creideamh,
Uime sin ná beiridh breith ar áoinní roimh a nam, nó go dtíg an Tighearna, noch fhoillseóchas neithe folaigheacha an dorchadais, agus nochdfus rún na gcroidheadh: agus ann sin do ghéubhaidh gach áon moladh ó Dhía.
Oír a deirim, ré gach áon eadruibhse, trés an ngrás do tugadh dhamh, gan ghabháil ré a ais ní do thuigsin ós cionn a neithe is iomchubhaidh dhó do thuigsin; achd a thuigsi do bheith réir mheasarrdhachda, amhail as do roinn Día ré gach áoinneach miosúr creidimh.
Eadhon gach uile dhuine da ngoirthear am ainmsi: óir do chruthaigh mé é ar son mo ghlóire, do chum mé é; fós, do rínne mé é.
Achd bíghidh ag fás a ngrás, agus a neólas ar Dtíghearna agus ar Slanaightheóra Iósa Críosd. Glóir dhósan a nois agus go síorruidhe. Amén.
Ar a nadhbharsin déunam maill ré dothchas go hárdchatháoir na ngrás, chum trócaire do ghnodhúghadh, agus ghrás dfagháil dúinn chum furtachda a nám ríachdanais.
Oír más béo dhuinn, as don Tighearna atámáid beó; agus más marbh dhúinn, as don Tighearna atámáoid marbh: uime sin más beó nó marbh dhúinn, as leis an Tighearna sinn.
Tigidh chugamsa, uile a bhfuiltí tuirseach agus fá anúalach trom, agus do bhéaraidh mé fúaradh dháoibh. Tógbhuidh mo chuingsi oraibh, agus foghlamuigh úaim; óir a táim ceannsaighe agus úmhal a gcroidhe: agus do gheabhtháoi súaimhneas dá bhur nanmaibh. A dubhair sé ris, An tusa an té ús do bhí réd atharrach? Oir a tá mo chuingsi sóiomchuir, agus a tá múalach éadtrom.
Agus más lé Críosd sibh, as sibh síol Abraham gan amhras, agus oighrighe do réir na geallamhna.
A chlann bheag, as ó Dhía atá sibhse, agus rugabhair buáidh orrthasan: óir as mó an tí atá ionnuibhse, na an tí atá sa domhan.
Ar mbeith díbh adhluice má ráon ris tré bhaisdeadh, ann a ndearnabhair eiseirghe fós má raón ris tré chreideamh oibre Dé, do thóg é súas ó mharbhuibh.
Gidheadh atá an tionnmhus so aguinn a soithighibh críadh, chum oirdhearcuis an chúmhachd sin do bheith ó Dhía, agus ní uainn féin.
Oír atá a dheirbhfhios agam, nach búdh héidir lé bás, na lé beatha, na lé hainglibh, ná lé húachdaranachuibh, ná lé cúmhachduibh, ná leis na neithibh atá do láthair, ná leis na neithibh atá chum teachda, Ná lé hairde, ná lé doimhne, ná lé creatúr ar bith eile, sinne dhéalughadh ó ghrádh Dé, atá a Niósa Críosd ar Dtighearna.
Riothuim go díán chum an chomhartha do mhían luáídhéachda árdghárma Dé a Níosa Críosd.
Oír imeochuid na sléibhte, áthrochar na cnoic; acht ní imeochuidh mo chínealsa uáitsi, ní mo áthrochthar cunnradh mo shíothchána, a deir an TIGHEARNA do rinne trócaire ort.
Congmham gan chorruidhe admháil ar muinighne; (óir as díleas an tí thug gealladh dhúinn:)
Achd ag déunamh maitheasa ná bímid tuirseach: oír beanfum iona ám féin, muna ndeacham a neimbrígh.
Agus bíghidhse mar bhéochlochaibh, tógtha súas bhur dtigh spioradálta, bhur sagartachd náomhtha, chum íodhbarthadh spioradálta dforáil, ar a mbiáidh gean ag Día tré Iósa Críosd.
Achd ní adhnáirgheann an dóchus; do bhrígh go bhfuil grádh Dé ar na dhórtudh an ar gcroidhibhne trés an Spiorad Náomh atá ar na thabhairt dúinn.
Dar thogair Día a fhoillsiughadh créd é siadhbhread ghlóire an ruindíamhairse a measg na Gcineadhach; agar ab é Críosd é bhur measgsa, muinighin na glóire:
Oír do shealbhuidh tú mo dhubháin: dfoluigh tú mé a mbroinn mo mhathar. Molfa mé thú; do bhrígh go ndéarnadh mé go hiongantach agus go húathbhasach: is oirdheirc hoibreacha; agus atá a fhios sin aig manamsa go ro mhaith.
Gidh bé chreideas gur ab é Iósa an Críosd atá sé ar na thuismeadh ó Dhía: agus gach áon ghradhuigheas an tuismightheóir grádhuidhe se mar an gcéudna an tí do tuismeadh úadh.
Oír ní bhfuil náire óram fá shoisgéal Chríosd: do bhrigh gur ab é cúmhachd Dé é chum slánaighe dá gach áon chreideas; don Iúdaighe ar tús, agus fós don Ghréugach. Oír as ann fhoillsighthear fíréuntachd Dé ó chreideamh go creideamh: amhail atá sgríobhtha, Do ghéubhaidh an firéun beatha tre chreideamh.
Oír a nois an íad dáoine, nó a né Día theaguisgim? nó a ní toil na ndáoine íarruim a dhéunamh? go deimhin dá mbéinn gus a nois ag déunamh toil na ndáoine, ní bhéinn um shearbhfhoghantuidhe ag Críosd.