Eifisigh 1:4 - An Bíobla Naofa 19814 Roimh thúsú an domhain roghnaigh sé sinn i gCríost chun bheith naofa gan locht os a chomhair. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)4 Mar bhíomar tofa mar rogha aige i gCríost, le bheith naofa gan ainimh os a chomhair, san am sular bunaíodh an domhan. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)4 fá mar thogh sé sinne ann roimh thosach an domhain, chum go mbéimís naomhtha, gan locht ’n‐a fhiadhnaise i ngrádh: Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)4 Amhuil do thógh sé sinn annsan, sul do chrúthuigheadh an dómhan, ionnus go mbéimís náomhtha agus neimhchiontach dhá lathairsion a ngrádh: Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 20124 Roimh thúsú an domhain roghnaigh sé sinn i gCríost chun a bheith naofa gan locht os a chomhair. Féach an chaibidil |
“An beithíoch a chonaic tú, bhí sé ann agus níl anois, agus tá sé le teacht aníos as an duibheagan agus tá sé ar bhóthar a léirscriosta. Agus iad siúd d'áitritheoirí an domhain, nach bhfuil a n‑ainm scríofa i leabhar na beatha ó chruthú an domhain, beidh ionadh orthu nuair a fheicfidh siad an beithíoch a bhí ann agus nach bhfuil, ach atá le teacht.