Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 28:20 - An Bíobla Naofa 1981

20 ag múineadh dóibh gach ní atá ordaithe agam a choinneáil. Agus féach, táim in éineacht libh i gcónaí go dtí deireadh an tsaoil.”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

20 agus ag teagasc dóibh go gcoinní siad na hordaithe uile a thug mé daoibhse; agus féachaigí, bím i gcónaí libh, go dtaga an aois chun críche.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

20 Agus teagascaigidh dóibh gach uile nídh dár aithin mise díbh a choimhéad. Agus féach, tá mise i bhur bhfochair gach aon lá go deireadh an tsaoghail.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

20 g‐á theagasc dóibh gach ar órduigheas daoibh do chóimhlíonadh, agus féach, atáim‐se ’n‐bhúr bhfochair i gcómhnaidhe, go deireadh an tsaoghail.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

20 Agus teaguisgidh íad gach uile ní dár, aithín misi dhibh do choimhéud: agus, féuch, a táimsi bhur bhfochair gach éinla go deireadh an tsaoghail. Amen.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

20 Agus teagaisgidh iad chun gach ar órduigheas-sa dhaoibh do choimeád: agus féach, táim-se i nbhúr bhfochair tríd na laethanta go léir, go dtí críochnú an tsaoghail.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

20 ag múineadh dóibh gach ní atá ordaithe agam a choinneáil. Agus féach, táim in éineacht libh i gcónaí go dtí deireadh an tsaoil.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 28:20
48 Tagairtí Cros  

Ach bhí an Tiarna fara Iósaef: bhí sé cineálta leis agus fuair fabhar dó i láthair an phríomhshéiléara.


D'fhreagair Banáiá mac Iahóideá an rí: “Amen,” ar sé, “agus go gcuire an Tiarna chomh maith [Amen le focail] mo thiarna an rí.


Go mba beannaithe é an Tiarna, Dia Iosrael, ó shíoraíocht go síoraíocht.” Ansin dúirt an pobal go léir “Amen” agus mhol siad an Tiarna.


“Éistigí! bíodh a fhios agaibh gur mise is Dia ann, in ardréim ar na ciníocha, in ardréim ar talamh.”


Tógtar clampar i measc na gciníocha, baintear croitheadh as ríochtaí, toirníonn seisean lena ghlór agus leánn an talamh.


Go moltar a ainm glórmhar go brách; go líona a ghlóir an talamh. Amen! Amen!


“Beidh mise leat,” ar sé, “agus beidh seo mar chomhartha agat air gur mise a sheol thú. Nuair a thabharfaidh tú mo phobal leat amach as an Éigipt, déanfaidh tú Dia a adhradh ar an gcnoc seo.”


Caithfimid aistear trí lá a dhéanamh isteach san fhásach chun íobairt a dhéanamh don Tiarna ár nDia mar a d'ordaigh sé dúinn.”


Ná bíodh eagla ort, tá mise i d'fhochair; ná bíodh faitíos ort, mar is mé do Dhia. Cuirimse neart ionat agus cuidím leat, coinním suas le mo dheasláimh bhuach thú.


“Seo mar a deir an Tiarna: ‘Seas i gcúirt Theampall an Tiarna. Le muintir uile chathracha Iúdá a thagann go Teampall an Tiarna a adhradh, abair na briathra uile a d'ordaigh mise duit a labhairt leo; ná fág siolla ar lár.


Tiocfaidh an prionsa leo, ag dul isteach agus amach mar a dhéanfaidh siadsan.


“Beidh an mhaighdean torrach agus béarfaidh sí mac agus tabharfar Imeánuéil mar ainm air,” - ainm a chiallaíonn: Tá Dia linn.


Sin mar a bheidh i ndeireadh an tsaoil: rachaidh na haingil amach agus scarfaidh siad na drochdhaoine ó na fíréin


Óir, mar a mbíonn beirt nó triúr tagtha i gceann a chéile i m'ainmse, bím féin ansin ina measc.”


Agus ina shuí dó ar Chnoc na nOlóg, tháinig na deisceabail chuige ar leithligh agus dúirt siad: “Inis dúinn cén uair a thitfidh an méid sin amach agus cén comhartha a bheidh ann ar do théarnamhsa agus ar dheireadh an tsaoil.”


agus ná lig sinn i gcathú, ach saor sinn ó olc.


Ach iad siúd, d'imigh siad leo agus chraobhscaoil siad i ngach áit, agus chabhraigh an Tiarna leo ag neartú an bhriathair leis na comharthaí a lean é.


Agus chloígh siad go daingean le teagasc na n‑aspal, le comaoin ar a chéile, le briseadh an aráin agus leis na hurnaithe.


mar níor staon mé ó bheartas Dé a fhógairt daoibh ina iomláine.


Molaim sibh as bheith ag cuimhneamh orm i gcónaí agus as bheith ag cloí leis na traidisiúin a thaobhaigh mé libh.


Is é fios a fuair mé féin ón Tiarna agus a thug mé daoibhse: mar atá, an oíche a bhí an Tiarna Íosa le tabhairt ar láimh, thóg sé arán


Más dóigh le haon duine gur fáidh nó duine spioradálta é féin, tuigeadh sé gur aithne ón Tiarna na nithe atá á scríobh agam.


A n‑ordaím daoibh déanaigí é go léir le barr cúraim; ná cuir leis agus ná bain uaidh.


“Féachaigí chuige dá bhrí sin go ndéanfaidh sibh de réir mar a d'aithin an Tiarna ár nDia daoibh. Ná claonaigí ar dheis na ar chlé ón gcosán.


Sin é an Críost a bhímidne a fhógairt: bímid ag tabhairt comhairle agus teagaisc do chách le barr eagna, d'fhonn an uile dhuine a thabhairt chun foirfeachta i gCríost.


Sheas an Tiarna liom, áfach, agus thug an neart dom go bhfógróinn an teachtaireacht ina hiomláine agus go n‑éisteodh na gintlithe uile léi. Saoradh mé ó bhéal an leoin


Ní fhéadfaidh aon duine an fód a sheasamh i d'aghaidh i gcaitheamh do shaoil go léir; mar a bhí agam le Maois is ea a bheidh agam leatsa; ní thréigfidh mé thú ná cliseadh ort.


go mbeadh cuimhne agaibh ar na ráitis a thug na fáithe beannaithe roimhe seo, agus ar aithne an Tiarna agus an tSlánaitheora a tugadh trí bhur n‑aspail.


ba mharbh dom, ach anois is beo dom ar feadh na síoraíochta, agus tá eochracha an bháis agus ifrinn agam.


Is méanar dóibh siúd a níonn a n‑éidí, chun go mbeadh ceart acu chun crann na beatha, agus dul na geataí isteach don chathair.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí