Matha 28 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL XXVIII. Aiseiríghe Chríost. An gnó a thug sé le déanamh d’á dheisgiobulaibh. 1 Agus i ndeire na sabbóide, nuair a bhí an chéad lá de’n tseachtmhain ag soillsiú tháinig Máire Mhagdalén agus an Máire eile ag féachaint na h-uagha. 2 Agus féach, tháinig luasgadh mór talmhan. Mar tháinig aingeal an Tighearna anuas ó neamh, agus chuaidh sé agus d’iompuigh sé siar an chloch agus shuidh sé uirthi; 3 Agus bhí a ghnúis mar lasair theintrighe, agus a chuid éadaigh mar an sneachta. 4 Agus le h-eagla roimis tháinig sgannra ár an lucht coimeádta, agus ba chuma iad nó daoine a bhéadh marbh. 5 Agus d’fhreagair an t-aingeal agus dubhairt sé leis na mnáibh: Ná bíodh aon eagla oraibh-se; mar tá fhios agam gur bh’é Íosa, do céasadh, atá uaibh. 6 Ní’l sé anso: Mar d’aiseirigh sé, fé mar a gheall sé: tagaidh agus féachaidh ar an áit ’n-ar cuireadh an Tighearna. 7 Imthighidh anois go luath, agus innsidh d’á dheisgiobulaibh gur aiseirigh sé; agus féach, tá sé ag dul rómhaibh go Gaililí: chífidh sibh sa n-áit sin é; féach tá innste agam daoibh roim ré. 8 Agus d’imthigheadar amach go tapaidh ó’n uaigh, agus bhi eagla mór ortha agus áthas mór, agus iad ag ruith chun an sgéil a dh’innsint dos na deisgiobuil. 9 Agus féach, do bhuail Íosa úmpa, agus dubhairt sé: Slán daoibh. Agus do thánadar agus do rugadar ar chosaibh air, agus d’adhradar é. 10 Ansan dubhairt Íosa leó: Ná bhiodh eagla oraibh; imthighidh, agus innsidh dom’ bráithribh, ionus go raghaidís go Gaililí; Chífid siad sa n-áit sin mé. 11 Agus nuair a bhíodar imthighthe, tháinig cuid de’n lucht coimeádta isteach sa chathair, agus d’innseadar d’uachtaránaibh na sagart cad a bhí tuitithe amach. 12 Agus thánadar-san i bhfochair a chéile, mar aon leis na seanóiríbh, agus chuadar i gcómhairle, agus thugadar cuid mhór airgid dos na saighdiúiríbh, 13 Agus dubhradar leó: Abraidh, táinig a dheisgiobuil sa n-oidhche, agus ghoideadar é agus sinne i n-ár gcodladh, 14 Agus má airigheann an riaghaltóir an sgéal labharfaimíd-ne leis, agus cuirfimíd sibh-se ó bhaoghal. 15 Agus do ghlacadar-san an t-airgead, agus dheineadar mar a dubhradh leó. Agus tá an sgéal san leathta a measg na n-Iúdach go dtí an lá indiu. 16 Agus d’imthigh an t-aoinnedéag deisgiobul go Gaililí, go dtí an cnoc mar a raibh ceapaithe ag Íosa dhóibh. 17 Agus nuair a chonacadar é d’adhradar é; ach bhí cuid acu lag-chreideamhac. 18 Agus tháinig Íosa agus do labhair sé leó, agus dubhairt: Do tugadh dómh-sa gach cómhacht ar neamh agus ar talamh. 19 Imthighidh, d’á bhrígh sin, agus múinidh na geinte go léir, agus baistidh iad i n-ainim an Athar, agus an Mhic, agus an Spioraid Naoimh. 20 Agus teagaisgidh iad chun gach ar órduigheas-sa dhaoibh do choimeád: agus féach, táim-se i nbhúr bhfochair tríd na laethanta go léir, go dtí críochnú an tsaoghail. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society