Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 28:10 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

10 Ansan dubhairt Íosa leó: Ná bhiodh eagla oraibh; imthighidh, agus innsidh dom’ bráithribh, ionus go raghaidís go Gaililí; Chífid siad sa n-áit sin mé.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

10 Dúirt Íosa leo ansin, “Ná bíodh eagla oraibh; imígí agus tugaigí scéal chuig mo bhráithre go gcaithfidh siad dul go Galailí, agus go bhfeicfidh siad ansin mé.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

10 Annsin deir Íosa leo: Ná bíodh eagla oraibh. Imthighigidh agus abraigidh le mo bhráithre dul chun na Gailile: tchífidh siad annsin mé.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 Annsin adubhairt Íosa leo, Ná bíodh eagla oraibh: imthighidh agus abraidh lem’ bhráithribh imtheacht do’n Ghalilé, agus do‐chífidh siad annsin mé.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 A deir Iósa an tansin ríu, Ná bíodh eagla oruibh, imthighidh beiridh sgéula chum mo dhearbhraithreach do chum go rachaidís don Ghalilé, agus do chífid misi ann sin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

10 Dúirt Íosa leo ansin: “Ná bíodh eagla oraibh! Imígí, beirigí scéala chun mo bhráithre iad a dhul go dtí an Ghailíl, agus feicfidh siad ansiúd mé.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

10 Dúirt Íosa leo ansin: “Ná bíodh eagla oraibh! Imígí, beirigí scéala chun mo bhráithre iad a dhul go dtí an Ghailíl, agus feicfidh siad ansiúd mé.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 28:10
18 Tagairtí Cros  

Agus do labhair Íosa leó láithreach: Glacaidh misneach, ar seisean: Is mise atá ann. Ná bíodh eagla oraibh.


Agus déarfaidh an Rí ’ghá bhfreagra: Go deimhin adeirim libh, an fhaid a dheineabhair é do dhuine de’n chuid is suaraíghe de m’bráithribh anso, do dheineabhair dómh-sa é.


Ansan déarfaidh sé ’ghá bhfreagra: Go deimhin adeirim libh, an fhaid nár dheineabhair d’aoinne de’n mhuintir suarach so é ’níor dheineabhair dómh-sa é.


Ach tar éis aiseirighthe dhom raghad rómhaibh sa nGaililí.


Agus d’imthigh an t-aoinnedéag deisgiobul go Gaililí, go dtí an cnoc mar a raibh ceapaithe ag Íosa dhóibh.


Agus d’fhreagair an t-aingeal agus dubhairt sé leis na mnáibh: Ná bíodh aon eagla oraibh-se; mar tá fhios agam gur bh’é Íosa, do céasadh, atá uaibh.


Imthighidh anois go luath, agus innsidh d’á dheisgiobulaibh gur aiseirigh sé; agus féach, tá sé ag dul rómhaibh go Gaililí: chífidh sibh sa n-áit sin é; féach tá innste agam daoibh roim ré.


Agus féach, do bhuail Íosa úmpa, agus dubhairt sé: Slán daoibh. Agus do thánadar agus do rugadar ar chosaibh air, agus d’adhradar é.


Ach imthighidh, agus innsidh d’a dheisgiobulaibh agus do Pheadar, go bhfuil sé ag dul rómhaibh go Gaililí; chífidh sibh sa n-áit sin é, mar adubhairt sé libh.


Dubhairt Íosa léi: Ná teangmhuigh liom, óir níor chuas suas chun m’ Athar fós; ach imthigh ag triall ar mo bhráithre agus abair leó, Táim ag dul suas chun m’ Athar agus chun bhúr n-Athar, ag triall ar mo Dhia agus ar bhúr nDia.


Agus dubhairt sé leó: Mise atá ann; ná bíodh eagal oraibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí