Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 28:9 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

9 Agus féach, do bhuail Íosa úmpa, agus dubhairt sé: Slán daoibh. Agus do thánadar agus do rugadar ar chosaibh air, agus d’adhradar é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

9 Agus féach, tháinig Íosa ina n‑airicis agus dúirt sé, “Fáilte!” Agus tháinig siad aníos chuige gur rug ar a chosa agus gur adhair siad é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

9 Agus féach, casadh Íosa ortha, agus dubhairt: Go mbeannuighthear díbh. Agus tháinic siad, agus rug greim ar a chosa, agus thug adhradh dó.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 Agus féach, do casadh Íosa ortha, agus adubhairt sé, Go mbeannuighidh Dia dhaoibh. Agus thángadar agus rugadar ar chosaibh air, agus d’adhradar é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Agus an tan do imthigheadar do chum go bhfoillséochadis sin dá dheisciobluibhsion, féuch, tárla Iósa orrthá, ag rádh, Día bhur bheathadh dháoibh. Achd tangadarsan, agus rugadar ar a chosaibhsion, agus do onóruigheadar é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

9 Agus seo Íosa ag teacht faoina ndéin go ndúirt: “Is é bhur mbeatha!” Dhruid siad ina aice agus rug siad barróg ar a chosa ag umhlú dó.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

9 Agus seo Íosa ag teacht faoina ndéin go ndúirt: “Sé bhur mbeatha!” Dhruid siad ina aice agus rug siad barróg ar a chosa ag umhlú dó.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 28:9
18 Tagairtí Cros  

Agus tháinig na daoine a bhí ar an luing agus d’adhradar é, agus dubhradar, Is tú Mac Dé go fíor.


Agus fáiltiú dhóibh i n-áit an mhargaidh, agus go dtabharfadh na daoine Rabbí ortha.


Ansan dubhairt Íosa leó: Ná bhiodh eagla oraibh; imthighidh, agus innsidh dom’ bráithribh, ionus go raghaidís go Gaililí; Chífid siad sa n-áit sin mé.


Agus nuair a chonacadar é d’adhradar é; ach bhí cuid acu lag-chreideamhac.


Agus d’imthigheadar amach go tapaidh ó’n uaigh, agus bhi eagla mór ortha agus áthas mór, agus iad ag ruith chun an sgéil a dh’innsint dos na deisgiobuil.


Agus tháinig an t-aingeal isteach ag triall uirthi, agus dubhairt sé: Go mbeannuighthear duit atá lán de ghrástaibh; tá an Tighearna ad’ fhochair; is beannuighthe thu idir mhnáibh.


Agus dheineadar-san Dia d’adhradh agus thánadar thar n-ais go Ierúsalem agus áthas mór ortha.


Agus sheasaimh sí lastiar i n-aice a chos, agus chrom sí ar a chosaibh do nighe le n-a deóraibh, agus ar iad do thriomú le n-a gruaig, agus bhi sí ag pógadh a chos agus ag cimilt na h-ola dhíobh.


Agus thóg Máire púnt meaghchaint d’ola ana-uasal, de spícnárd dhílis, agus chuir sí ar chosaibh Íosa é, agus ansan do chimil si a chosa le n-a gruaig; agus do líonadh an tigh de bhaluith chúmhra an spícnáird.


Agus um thráthnóna an lae chéadna, an chéad lá de’n tseachtmhain, agus na dóirse dúnta, mar a raibh na deisgiobuil cruinnighthe le h-eagla na nIúdach, tháinig Íosa agus do sheasaimh sé i lár baill, agus dubhairt sé leó: Síothcháin daoibh.


D’fhreagair Tomás agus dubhairt sé leis: Is tú mo Thighearna agus mo Dhia.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí