Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 28:17 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

17 Agus nuair a chonacadar é d’adhradar é; ach bhí cuid acu lag-chreideamhac.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

17 Agus nuair a chonaic siad é, thug siad adhradh dó; ach bhí cuid acu in amhras.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

17 Agus ar a fheiceáil dóibh, thug siad adhradh dó; acht bhí amhras ar chuid acu.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

17 Agus nuair do‐chonnacadar é, d’adhradar é: acht do bhí amhras ar chuid aca.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

17 Agus an tan do chonncadar é, do onóruigheadar é: achd do bhi amharus ag cuid dióbh air.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

17 agus ar a fheiceáil dóibh dʼumhlaigh siad dó, ach go raibh amhras ar chuid acu.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

17 agus ar a fheiceáil dóibh d'umhlaigh siad dó, ach go raibh amhras ar chuid acu.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 28:17
10 Tagairtí Cros  

Go deimhin adeirim libh, tá cuid d’á bhfuil ’n-a seasamh anso agus ní bhlaisfid siad bás go bhfeicfid siad Mac an Duine ag teacht ’n-a rígheacht.


Agus féach, do bhuail Íosa úmpa, agus dubhairt sé: Slán daoibh. Agus do thánadar agus do rugadar ar chosaibh air, agus d’adhradar é.


Agus nuair airigheadar é bheith beó, agus go bhfeacaidh sí é, níor chreideadar an sgéal.


Agus thánadar san agus d’innseadar do’n chuid eile é; agus níor chreideadar iad ach chómh beag.


Fé dheire, bhí an t-aoinne déag acu ’n-a suidhe i bhfochair a chéile, agus thaisbeáin sé é féin dóibh; agus do chas sé leó a ndíthchreideamh agus a ndúrchroidhe, toisg nár chreideadar an mhuintir a chonaic go raibh sé tar éis aiseirighe.


I dtreó go dtabharfadh gach aoinne onóir do’n Mhac, fé mar a thugaid siad onóir do’n Athair; an t-é ná tugann onóir do’n Mhac ní thugann sé onóir do’n Athair a chuir uaidh an Mac.


Agus tar éis é féin a thaisbeáint beó dhóibh i ndiaidh a pháise, le mórán deasbhuithe, i gcaitheamh dachad lá, ’ghá thabhairt féin le feisgint dóibh agus ag labhairt leó ar rígheacht Dé.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí