Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 28:7 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

7 Imthighidh anois go luath, agus innsidh d’á dheisgiobulaibh gur aiseirigh sé; agus féach, tá sé ag dul rómhaibh go Gaililí: chífidh sibh sa n-áit sin é; féach tá innste agam daoibh roim ré.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

7 lmígí ansin go tapaidh agus insígí dá dheisceabail go bhfuil sé i ndiaidh éirí ó mhairbh, agus féachaigí, tá sé ag dul romhaibh go Galailí; is ansin a fheicfeas sibh é. Seo, tá sé inste agam daoibh.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

7 Agus imthighigidh go tapaidh, agus innsigidh dá dheisciobail gur éirigh sé: agus féach, rachaidh sé rómhaibh chun na Gailile: tchífidh sibh annsin é; féach, d’innis mé díbh é roimh ré.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Agus imthighidh anois go luath, agus innisidh d’á dheisceablaibh, D’éirigh sé ó na marbhaibh; agus féach, atá sé ag dul rómhaibh do’n Ghalilé; chífidh sibh annsin é: féach, adubhras‐sa libh é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Agus ar nimtheachd dáoibh go lúath, innsidh dá dheisciobluibh gur éirigh sé ó mharbhuibh; agus, féuch, atá sé ag dul romhuibh don Ghalilé; do chífidhe ann sin e: féuch, a dubhairt misi ribh é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

7 Agus imígí libh go tapa dá insint dá dheisceabail go bhfuil sé éirithe ó mhairbh, agus tá sé ag dul romhaibh go dtí an Ghailíl: is ansiúd a fheicfidh sibh é. Sin agaibh mo scéal!”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

7 Agus imígí libh go tapa á insint dá dheisceabail go bhfuil sé éirithe ó mhairbh, agus tá sé ag dul romhaibh go dtí an Ghailíl: is ansiúd a fheicfidh sibh é. Sin agaibh mo scéal!”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 28:7
20 Tagairtí Cros  

Féach, ta innste agam daoibh roim sé.


Ach tar éis aiseirighthe dhom raghad rómhaibh sa nGaililí.


Ansan dubhairt Íosa leó: Ná bhiodh eagla oraibh; imthighidh, agus innsidh dom’ bráithribh, ionus go raghaidís go Gaililí; Chífid siad sa n-áit sin mé.


Agus d’imthigheadar amach go tapaidh ó’n uaigh, agus bhi eagla mór ortha agus áthas mór, agus iad ag ruith chun an sgéil a dh’innsint dos na deisgiobuil.


Ach tar éis m’aiseirighe raghad rómhaibh go Gaililí.


Agus d’imthigh sí sin agus d’innis sí é do’n mhuintir a bhíodh i n-a fhochair, agus do bhí ag gol agus ag caoi.


Agus thánadar san agus d’innseadar do’n chuid eile é; agus níor chreideadar iad ach chómh beag.


Agus: Tá an Tighearna eirighthe go deimhin, agus thaisbeáin sé é féin do Shímón, ar siad.


Agus anois tá sé innste agam daoibh roim sé, i dtreó nuair a thiocfaidh sé go gcreidfidh sibh.


Ach táid na neithe seo innste agam daoibh i dtreó, nuair a thiocfaidh an t-am dóibh, go gcuimhneóchaidh sibh ar mé ’ghá n-innsint daoibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí