Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 28:7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Agus imthighidh anois go luath, agus innisidh d’á dheisceablaibh, D’éirigh sé ó na marbhaibh; agus féach, atá sé ag dul rómhaibh do’n Ghalilé; chífidh sibh annsin é: féach, adubhras‐sa libh é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

7 lmígí ansin go tapaidh agus insígí dá dheisceabail go bhfuil sé i ndiaidh éirí ó mhairbh, agus féachaigí, tá sé ag dul romhaibh go Galailí; is ansin a fheicfeas sibh é. Seo, tá sé inste agam daoibh.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

7 Agus imthighigidh go tapaidh, agus innsigidh dá dheisciobail gur éirigh sé: agus féach, rachaidh sé rómhaibh chun na Gailile: tchífidh sibh annsin é; féach, d’innis mé díbh é roimh ré.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Agus ar nimtheachd dáoibh go lúath, innsidh dá dheisciobluibh gur éirigh sé ó mharbhuibh; agus, féuch, atá sé ag dul romhuibh don Ghalilé; do chífidhe ann sin e: féuch, a dubhairt misi ribh é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

7 Imthighidh anois go luath, agus innsidh d’á dheisgiobulaibh gur aiseirigh sé; agus féach, tá sé ag dul rómhaibh go Gaililí: chífidh sibh sa n-áit sin é; féach tá innste agam daoibh roim ré.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

7 Agus imígí libh go tapa dá insint dá dheisceabail go bhfuil sé éirithe ó mhairbh, agus tá sé ag dul romhaibh go dtí an Ghailíl: is ansiúd a fheicfidh sibh é. Sin agaibh mo scéal!”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

7 Agus imígí libh go tapa á insint dá dheisceabail go bhfuil sé éirithe ó mhairbh, agus tá sé ag dul romhaibh go dtí an Ghailíl: is ansiúd a fheicfidh sibh é. Sin agaibh mo scéal!”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 28:7
20 Tagairtí Cros  

Féach atá inniste agam daoibh roimh ré.


Tar éis m’aiséirighthe, ámh, rachad rómhaibh go dtí an Ghalilé.


Annsin adubhairt Íosa leo, Ná bíodh eagla oraibh: imthighidh agus abraidh lem’ bhráithribh imtheacht do’n Ghalilé, agus do‐chífidh siad annsin mé.


Agus d’imthigheadar‐san go luath ó’n tuama agus eagla agus an‐áthas ortha, agus do ritheadar chum an scéal d’innsin d’á dheisceablaibh.


Tar éis m’aiséirighthe, ámh, rachad rómhaibh do’n Ghalilé.


D’imthigh sise, agus d’innis sí é dhóibh‐sean do bhíodh ’n‐a fhochair, agus do bhí ag caoi agus ag gol.


Agus d’imthigheadar‐san agus d’inniseadar do’n chuid eile é: acht mar sin féin, níor chreideadar iad.


agus adubhradar‐san leo, Atá an Tighearna éirighthe go deimhin, agus do thaisbeán sé é féin do Shíomón.


Agus anois atá sé inniste agam daoibh roimh ré, chum go gcreidfeadh sibh nuair thiocfas sé chum críche.


Acht d’inniseas na neithe sin daoibh chum go gcuimhneochaidh sibh ar a ndubhairt mé libh, nuair thiocfas an t‐am. Acht níor inniseas na neithe sin daoibh ó thosach, toisc go rabhas‐sa ’n‐bhúr bhfochair.


agus gur h‐adhlacadh é: agus gur aiséirigh sé an treas lá do réir na scrioptúir;


don dáréag ’n‐a dhiaidh sin; gur taidhbhrigheadh é ’n‐a dhiaidh sin do thuilleadh agus cúig céad bráthair i n‐éinfheacht, go bhfuil an chuid is mó aca ’n‐a mbeathaidh fós, acht go bhfuil cuid eile aca tuitthe fá shuan.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí