Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 28:8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Agus d’imthigheadar‐san go luath ó’n tuama agus eagla agus an‐áthas ortha, agus do ritheadar chum an scéal d’innsin d’á dheisceablaibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

8 Dʼimigh siad ón tuama faoi dheifir mar sin agus eagla agus móráthas orthu, agus rith siad lena insint dá dheisceabail.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

8 Agus d’imthigh siad amach go tapaidh ó’n tuamba fá eagla agus fá mhór-áthas, ina rith le h-innse dá dheisciobail.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Agus ar nimtheachd ón túama go deithneasach dhóibh maille ré heagla agus ré gáirdeachus mór; do riothadar dá fhoillsiughadh sin dá dheisciobluibhsion.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

8 Agus d’imthigheadar amach go tapaidh ó’n uaigh, agus bhi eagla mór ortha agus áthas mór, agus iad ag ruith chun an sgéil a dh’innsint dos na deisgiobuil.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

8 Dʼfhág siad an tuama go tapa, agus uamhan agus ardáthas orthu, agus iad ag rith le fios an scéil chun a dheisceabal.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

8 D'fhág siad an tuama go tapa, agus uamhan agus ardáthas orthu, agus iad ag rith le fios an scéil chun a dheisceabal.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 28:8
9 Tagairtí Cros  

Agus imthighidh anois go luath, agus innisidh d’á dheisceablaibh, D’éirigh sé ó na marbhaibh; agus féach, atá sé ag dul rómhaibh do’n Ghalilé; chífidh sibh annsin é: féach, adubhras‐sa libh é.


Agus féach, do casadh Íosa ortha, agus adubhairt sé, Go mbeannuighidh Dia dhaoibh. Agus thángadar agus rugadar ar chosaibh air, agus d’adhradar é.


Agus d’imthigheadar amach, agus do theicheadar ó’n tuama; óir do bhi crith‐eagla agus uathbhás ortha: agus níor labhradar focal le h‐aon duine; óir do bhí scannradh ortha.


Go fírinneach adeirim libh, go ndéanfaidh sibh‐se gol agus caoineadh, acht béidh áthas ar an saoghal: béidh brón oraibh‐se, acht athróchar bhúr mbrón chum gáirdeachais.


Mar sin daoibh‐se, agus brón oraibh fá láthair: acht do‐chífead arís sibh, agus béidh áthas ar bhúr gcroidhe, agus ní bhainfidh aoinneach bhúr n‐áthas díbh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí