Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 28:6 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

6 Ní’l sé anso: Mar d’aiseirigh sé, fé mar a gheall sé: tagaidh agus féachaidh ar an áit ’n-ar cuireadh an Tighearna.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

6 Níl sé anseo, mar tá sé i ndiaidh éirí mar a dúirt sé. Tagaigí go bhfeice sibh an áit a raibh sé ina luí.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

6 Ní fhuil sé annseo; óir d’éirigh sé, mar a dubhairt sé. Taraigidh, agus feicigidh an áit ina raibh an Tighearna ina luighe.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Ní annso atá sé; óir d’aiséirigh sé, fá mar adubhairt sé roimh ré. Tagaidh, féachaidh an áit ’n‐a raibh an Tighearna ’n‐a luighe.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Ní bhfuil sé ann so: óir do eirigh sé, mar a dubhairt sé, Tigidh, féachaidh a náit an a raibh an Tighearna na luighe.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

6 Níl sé anseo, mar tá sé éirithe de réir mar a dúirt sé. Tagaigí i leith agus breathnaígí an áit a raibh sé ina luí.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

6 Níl sé anseo, mar tá sé éirithe de réir mar a dúirt sé. Tagaigí i leith breathnaigí an áit a raibh sé ina luí.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 28:6
17 Tagairtí Cros  

Óir, fé mar a bhí Iónas trí lá agus trí oidhche i mbolg an mhíolmhóir, beidh Mac an Duine trí lá agus trí oidhche i gcroidhe na talmhan.


Ansan do thosnuigh Íosa ar a thaisbeáint d’á dheisgiobuil nár bhfoláir é féin a dhul go Ierúsalem agus mórán d’fhulang ós na sínsearaibh agus ós na Sgníbh-neóiríbh agus ó uachtaránaibh na sagart, agus a chur chun báis, agus a aiseirighe an trímhadh lá.


Agus nuair a thánadar go Capharnaum tháinig lucht na ndidrachma do ghlacadh ag triall ar Pheadar, agus dubhradar leis: Ná díolann bhúr máighistir-se an didrachma? Dubhairt seisean: Díolann.


Agus ag teacht anuas ó’n gcnoc dóibh dubhairt Íosa leo: Ná h-innsidh d’aoinne an radharc go n-eirighidh Mac an Duine ós na mairbh.


Agus tabharfaid siad dos na geintibh é le tarcaisniú, agus le sgiúrsáil, agus le céasadh ar chrois; agus eireóchaidh sé airís an trímhadh lá.


Agus dubhradar: A Uasail, is cuimhin linn go ndubhairt an feallaire úd nuair a bhí sé bheó: I gceann trí lá eireóchad airís.


Agus dubhairt sé leó: Ná glacaidh aon sgannra. Íosa Nasareit a céasadh isé atá uaibh. D’eirigh sé; ní’l sé anso; féach an áit ’n-ar chuireadar é.


Agus chrom sé ar a theagasg dóibh nár bhfoláir do Mhac an Duine mórán d’fhulang, agus na seanóirí ’ghá shéanadh, agus uachtaráin na sagart, agus na Sgríbhneóirí; agus go gcurfaí chun báis é, agus tar éis trí lá go n-eíreóchadh sé ó’n mbás.


Ach d’eirigh Peadar agus do rith sé chun an tuama, agus nuair a chrom sé ní fheacaidh sé ach na h-éadaighe lín ann, agus d’imthigh sé agus é ag déanamh iongna d’á raibh tuitithe amach.


Agus ní bhfuaradar an corp, agus thánadar agus dubhradar go bhfeacadar aingil adeir go bhfuil sé beó.


Agus dubhairt sé leó: Sidiad na focail a labhras libh nuair a bhíos fós i nbhúr measg, nách foláir gach nídh do chómhlíonadh d’á bhfuil sgríobhtha orm-sa i ndlígh Mhaoise agus ins na fáidhibh agus ins na salmaibh.


Mar gheall air seo atá grádh ag an Athair dom, mar go bhfuilim ag tabhairt m’anama uaim, i dtreó go ndéanfainn é ghlacadh chúgham airís.


D’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leó: Leagaidh ar lár an teampal so, agus cuirfead suas é i n-aon trí lá amháin.


Ach do thóg Dia é tar éis dubrón ifrinn do chur ar neamhnídh, de bhrígh nár bh’féidir go gcimeádfí eisean fé n-a chumas


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí