Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 28:19 - An Bíobla Naofa 1981

19 Imígí dá bhrí sin, déanaigí deisceabail de na náisiúin uile, á mbaisteadh in ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

19 Siúlaigí libh mar sin a dhéanamh deisceabal as na náisiúin uile, á mbaisteadh in ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

19 Ar an adhbhar sin, imthighigidh, agus teagascaigidh na h-uile chinidheacha, ghá mbaisteadh i n-ainm an Athar, agus an Mhic, agus an Spioraid Naoimh;

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

19 Imthighidh‐se, d’á bhrigh sin, agus déanaidh deisceabail as na náisiúnaibh go léir, g‐á mbaisteadh i n‐ainm an Athar, agus an Mhic, agus an Spioraid Naoimh:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

19 Ar a nadhbharsin imthighidhsi, teaguisgidh na huile chineadhacham da mbaisdeadh a nainm a Nathar, agus an Mhic, agus an Spiorad Náoimh:

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

19 Imthighidh, d’á bhrígh sin, agus múinidh na geinte go léir, agus baistidh iad i n-ainim an Athar, agus an Mhic, agus an Spioraid Naoimh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

19 Imígí dá bhrí sin, déanaigí deisceabail de na náisiúin uile, dá mbaisteadh in ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh,

Féach an chaibidil Cóip




Matha 28:19
39 Tagairtí Cros  

Dúirt Dia: “Déanaimis an duine ar ár ndeilbh féin, ar ár gcosúlacht féin, agus bíodh tiarnas acu ar iasc na farraige, ar éanlaith an aeir, ar an eallach, ar an talamh go léir, agus ar na péisteanna go léir a shníonn ar an talamh.”


Gabhaigí i leith chugam go gcloise sibh an méid seo: “Ón tús níor labhair mé libh faoi choim, agus ón am a tharla seo tá mise ann.” - “Agus anois tá an Tiarna Dia tar éis mé a chur uaidh, mar aon lena spiorad.”


“Is fánach an mhaise duit a bheith i do ghiolla agam chun treibheanna Iacóib amháin a thabhairt chucu féin, chun ar slánaíodh d'Iosrael a thabhairt ar ais. Ceapfaidh mé thú i do sholas do na ciníocha, chun go dté mo shlánú go críocha na cruinne.”


Tá an Tiarna ag nochtadh a láimhe naofa os comhair súile na gciníocha go léir, agus feicfidh críocha uile na talún beart tarrthála ár nDé.


Dúirt sé leo: “Sin an fáth, gach scríobhaí a bhíonn ina dheisceabal de ríocht na bhflaitheas, gur cosúil é le fear tí a thógann amach as a stór nithe nua agus sean.”


Beidh na náisiúin uile cruinnithe os a chomhair, agus déanfaidh sé na daoine a scaradh ó chéile, mar a scarann an t‑aoire na caoirigh ó na gabhair.


go dtí an lá a tógadh suas ar neamh é, tar éis dó a chuid orduithe a thabhairt le cabhair an Spioraid Naoimh do na haspail a bhí tofa aige.


Ach gheobhaidh sibh neart an Spioraid Naoimh atá le tuirlingt oraibh agus beidh sibh in bhur bhfinnéithe ormsa in Iarúsailéim agus ar fud Iúdáia go léir agus na Samáire agus a fhad le himeall an domhain.”


Tar éis dóibh an dea-scéal a fhógairt sa bhaile sin agus mórán deisceabal a dhéanamh, d'fhill siad arís ar Liostra agus ina dhiaidh sin ar Iocoiniam agus Aintíoch,


An méid díobh a ghlac lena theachtaireacht, baisteadh iad agus cuireadh tuairim is trí mhíle duine lena líon an lá sin.


“Bíodh a fhios agaibh dá bhrí sin go bhfuil an slánú seo Dé á sheoladh chuig na gintlithe. Éistfidh siadsan leis.”


Agus de phreib thit mar a bheadh screamh dá shúile agus tháinig a radharc arís dó; agus ar éirí dó ina sheasamh, baisteadh é.


Ach ceist agam: An é nár chuala siad an scéala? Chuala go deimhin mar “chuaigh a nglór amach ar fud an domhain go léir agus a mbriathra go himill na cruinne.”


Rud eile de, cén fheidhm a bhíonn leo siúd a bhaistear thar ceann na marbh? Más rud é nach n‑aiséiríonn na mairbh ar chor ar bith, cad chuige a mbaistear thar a gceann iad?


Gach duine agaibh a baisteadh i gCríost, tá Críost curtha uime aige mar éide.


mar is tríd atá teacht againn araon ar an Athair faoi luí an aon Spioraid.


Ní mór daoibh, áfach, fanacht bunaithe go daingean ar an gcreideamh, agus gan bogadh ón dóchas a lasadh ionaibh ag an dea-scéal atá cloiste agaibh agus atá fógartha don uile dhuine faoin spéir agus a bhfuilimse, Pól, i mo mhaor air.


An baisteadh atá ag freagairt dó sin, mar shamhail. Déanann sé sibhse a shlánú anois, agus ní mar ghlanadh salachair choirp é, ach mar impí chun Dé ar son coinsiasa ghlain trí aiséirí Íosa Críost.


Tá triúr ann a thugann fianaise (ar neamh, an tAthair, an Briathar, agus an Spiorad Naomh; agus is aon an Triúr. Agus tá triúr a thugann fianaise ar talamh:)


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí