Salm 126 - An Bíobla Naofa 1981Síolchur Deorach, Fómhar Lúcháireach 1 Amhrán Oilithreach. 1 Amhrán Oilithreach. 1 Nuair a sheol an Tiarna príosúnaigh Shíón ar ais, ba chosúil le lucht aislinge sinn. 2 Líon ár mbéal le gáire, agus ár dteanga le gairdeas. Bhíothas á rá ansin i measc na gciníocha: “Rinne an Tiarna go héachtach dóibh.” 3 Rinne an Tiarna na héachtaí dúinn; bhí áthas orainn go deimhin. 4 Cuir sonas orainn arís, a Thiarna, mar shruthanna sa Neigib. 5 An dream a chuireann síol le deora, bainfidh siad an fómhar faoi ghairdeas. 6 Ag sileadh deor dóibh gabhann siad amach, ag iompar síl chun a scaipthe. Ag teacht ar ais dóibh tagann siad faoi áthas, agus a bpunanna á n‑iompar acu. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart