Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Salm 91 - An Bíobla Naofa 1981


Faoi Scáth an Uilechumhachtaigh

1 An té a chónaíonn i ndaingean an Té is Airde, a mhaireann faoi scáth an Uilechumhachtaigh,

2 deir sé leis an Tiarna: “Mo dhídean is mo dhaingean tú; mo Dhia ina bhfuil mo dhóchas.”

3 Saorfaidh seisean thú ar ghaiste an fhoghlaera, ós é atá [ar tí do mhillte].

4 Déanfaidh sé díon duit lena eiteoga, agus rithfidh tú chuige faoina sciatháin.

5 Ní eagal duit uamhan na hoíche, ná an tsaighead a scaoiltear sa lá,

6 ná an phlá a thriallann sa dorchacht, ná an sciúirse a mhilleann um nóin

7 Ar a shon go dtitfeadh míle le d'ais, agus deich míle ar do dheis, ní thiocfaidh sé i do ghaobhar ná i do ghaire, óir is sciath duit agus is lúireach a dhílse.

8 Óir ní gá duit ach féachaint i do thimpeall, chun go bhfeice tú cúiteamh na bpeacach.

9 Óir is tú a dúirt: “A Thiarna, mo dhídean tú!” agus a rinne caiseal den Neach is Airde.

10 Ní thiocfaidh aon urchóid i d'aice, ná aon phlá i gcóngar do bhotha,

11 Óir thug sé ordú dá aingil i do thaobh: tú a chosaint i do shlite go léir.

12 Iompróidh siad thú lena lámha sula mbuailfeá do chos in aghaidh cloiche.

13 Satlóidh tú ar an leon is ar an nathair; gabhfaidh tú de chosa sa leon óg is sa dragan.

14 De bharr a dhilghrá dom déanfaidh mé a shaoradh, agus a dhíonadh toisc gur admhaigh sé m'ainm.

15 Nuair a ghlaofaidh sé orm déarfaidh mé: “Táim i d'fhochair.” Déanfaidh mé é a shaoradh agus a onórú in am a bhuartha.

16 Déanfaidh mé é a shásamh le fad saoil a thabhairt dó; agus déanfaidh mé mo shlánú a nochtadh dó.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí