Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Salm 61 - An Bíobla Naofa 1981


Ar son an Rí

1 Do stiúrthóir an chóir. Ar théada ceoil. [Salm] le Dáiví.

2 Éist le mo ghlao, a Dhia; tabhair cluas do m'urnaí!

3 Glaoim ort ó chríocha na cruinne nuair a chliseann mo chroí. Ar charraig nach bhfuil breith agam uirthi, cuir mé in airde, a Dhia,

4 Óir is tú mo dhún is mo dhaingean in aghaidh an namhad.

5 Mo thrua gan mé i mo chónaí i do phuball go brách na breithe, chun go bhfaighe mé díon agus dídean faoi scáth do sciathán. Selah

6 Óir d'éist tú le mo mhóideanna, a Dhia; thug tú dom oidhreacht an dreama arb eagal leo d'ainm.

7 Cuir fad le saol an rí; go maire sé choíche!

8 Go raibh a réim go brách na breithe i bhfianaise Dé. Cuir trócaire ghrámhar agus dílse uait amach, á chaomhnú,

9 agus molfaidh mé d'ainm go brách; díolfaidh mé mo mhóideanna gach aon lá.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí