A chara, is é Íosa do Shlánaitheoir, an té a fuair bás ar do shon ar an gcros. Mac grá Dé é, agus trí Íosa, tá slánú agus beatha shíoraí againn.
Rí na Ríthe agus Tiarna na dTiarnaí é, agus d’fhulaing sé ar son do pheacaí. Ba mhaith leis go dtiocfá níos gaire dó gach lá, go mbeadh aithne agat air agus go labhrófá leis.
Is mian le hÍosa a bheith i do chara is fearr. Is chomh mór sin an grá atá aige duit gur roghnaigh sé bás a fháil chun tú a shábháil. Deirtear i (Lúcás 19:10) gur tháinig Mac an Duine chun an rud a bhí caillte a chuardach agus a shábháil.
Trí Íosa amháin is féidir linn an tslánú agus an bheatha shíoraí a bhaint amach, agus a bheith saor ó chuing na daoirse sa saol gearr seo. Mar a deirtear i (Gníomhartha 4:12), níl slánú in aon duine eile, mar níl aon ainm eile faoin spéir tugtha do dhaoine, trínar féidir linn a bheith slán.
Oír is mar so do ghrádhuigh Día an domhan, go dtug sé a éighein Meic fein, ionnus gidh bé chreideas ann, nachd rachadh sé a mugha, achd go mbeith an bheatha shiorruidhe aige.
Achd foillsighidh Día a ghrádh féin dúinne ann so, do bhrigh ag mbeith dhúinn fós ar bpeacthachuibh, gur fhuiling Críosd bás air ar son.
Iona bhfuil fuásgladh aguinn tré na fhuil, (maithmheachas na boeacadh,) do réir sháidhbhris a ghrássan:
Noch do sháor sinn ó chúmhachduibh an dorchaduis, agus do atharruigh sinn go rioghachd a Mhic ionmhuin féin: Ion a bhfuil an fúasgladh aguinn tré na fhuil, eadhon maithmheachas na bpeacadh:
Ar mbeith a fheasa aguibh nach lé neithibh truáillighe, ré hairgead ná hór do fúasgladh síbh ó bhur gcoinbhearsaid dhíomhaóin dár leanabhair do réir luirg na sinnsear; Achd ré fuil mhórluáidh Chríosd, amhuil uáin gan cháidhe gan lochd:
Agus ní bhfuil slánughadh a neach air bith eile: oír ní bhfuil ainm ar bith eile fáoi neamh ar na thabhairt do dháoinibh, lér ab éidir sinne shlánughadh.
Oir do pheacaigh a nuile dhuine, agus atáid a négmhuis ghlóire Dé; Agus atáid ar na sáoradh a naisgidh ré na ghrásuibhsean trés an bhfúasgladh do rinneadh lé Híosa Críosd:
A dubhairt Iósa ris, As misi an tslighe, agus a nfírinne, agus a bheatha: ní thig áonduine chum a Nathar, achd tríomsa.
Eadhon dá nadmha tú ód bhéol an Tighearna Iósa, agus dá gcreide tú ad chróidhe gur thóg Día é ó mharbhuibh, sláinéochthar thú.
Ar a nadhbharsin má atá éunduine a Gcríosd, is créutúr núadh é: do imthigheadar na seinneithe thoruinn; feuch, do rinneadh na huile neithe núadh.
Oír as tré ghrás atá sibh ar bhur slánughadh tré ghrás atá sibh ar bhur slánughadh tré chreideamh; agus ní uáibh féin so: achd tioglacadh Dé: Ní ó oibrighthibh, deagla go ndéanadh áonduine uáill as féin.
Do céusadh mé má ráon ré Críosd: gidheadh atáim beo; bíodh nach misi feasda, achd Críosd atá béo ionnam: agus an bheatha chaithim a nois sa gcoluinn is tré chreideamh Mhic Dé chaithim í, noch do ghrádhuigh mé, agus tug é féin ar mo shon.
Agus fós ní tré fhuil ghabhar na láodh, achd tré na fhuil féin; do chuáidh sé a steach éun uáir amháin sna hiosdadhuibh náomhtha, ar bhfagháil fúasluighthe shíorruidhe dhúinne.
Achd da siubhlam sa tsolas, amhuil atá seision sa tsolas, atá cumann aguinn ré chéíle, agus glanuidh fúil Iósa Críosd a Mhicsion sinn ó nuile pheacadh.
Acht is ar son ar lochtne do loiteadh é, do brúigheadh é ar son ar cciontadhne: is airsion do bhí smachdughadh ar síothchána; agus is le na chneadhuibhsion atamaóidne slánuighthe.
Oír asé as tuarasdal don pheacadh bás; achd asé tabhartus De an bheatha mhárrthanach tré Iosa Críosd ar Dtighearna.
Achd an mhéid do ghabh chuca é, tug sé cumhachda dhóibh bheith na gcloinn ag Día, eadhon don droing chreideas ann a ainmsean:
Ar sgríos sgríbhinne na norduigheadh do bhí ar nadhuighne dhó, agus do bhí contrárrdha dhúinne, do thóg se as a tslighe í, ága greamadh don chroich;
Noch fhúasglas hanam ó scrios; noch chuirios coróin mhaitheasa agus thrócaireadha chinéulta ort;
Ar a nadhbharsin tar éis ar soártha tré chreideamh, atá siothcháin aguinn ré Día tré ar Dtighearna Iósa Críosd:
Ar a nadhbharsin bíodh a fhios agaibh a fhir agus a bhraithreacha, gur trés an bhfearso foillsighthear dhibh maithfeachus na bpeacadh: Agus go bhfuil gach áon chreideas ar na sháoradh thrídsion ó na huile neithibh, dá nár bhféidir sibhse do sháoradh a reachd Mháoise.
Ata Spiorad an Tighearna DIA orumsa; do bhrígh gur ung an TIGHEARNA mé do sheanmóir sgéula maithe do na ceannsuighibh; do chuir sé mé do cheangal súas na ccroidhthe mbriste, dfúagra saóirse do na braighdibh, agus oscuilte an phríusúin don druing atá ceangailte;
Ar a nadhbharsin ní bhfuil damnughadh ar bith a nois don dreim atá a Niósa Críosd, nach siobhlann do réir na féola achd do réir na Spioruide.
Noch do sháor sinn ó na chomhór sin do bhás, agus sháorus sinn: as a bhfuil ar ndóigh go sáorfuidhe sé sinn fós mar an gcéudna;
Ar a nadhbharsin, a dhearbhráithre, ó atá sáoirse aguinn ré dhul a steach don naóimhiosdadh tré fhuil Iosa, Nó go deimhin do choisgfeidís dá bheith dhá bhforáil? do bhrígh ar mbeith do luchd na niodhbarthadhsin dforáil ar na nglanadh éunuáir amháin, nach bíadh ní sa mhó coinnsías pheacuigh aca. An tslighe núadh bhéo, noch do ullmhuigh sé dhúinn, trés an mbrat, as ionann sin ré a rádh, agus tré na fheóil féin; Agus tré shagart mór agá bhfuil ceannas thighe Dé; Druideam air ar naghaidh maille ré croídhe fírinneach sáirdheimhneach a gcreideamh, ar mbeith dár gcroídhibh ar na ccróthadh ó dhrochchoinnsías, agus ar mbeith dár gcorp ionnailte ré huisge glan.
Noch do bhásuigheadh air son ar gciontaine, agus do haithbheódhuigheadh chum sinne sháoradh.
Achd dfúasguil Críosd sinne ó mhallachd air ar son: óir atá sgríobhtha, As malluighe gach áon chrochdar a gcrann:
Agus is eision an réidhteach air son ar bpeacuighne: ní ar son ar bpeacuighne amháín, achd air son an domhuin uile mar an gcéudna.
Bíodh dóigh ag Israel san TTIGHEARNA: óir is ag an TIGHEARNA atá trócaire, agus aigesion atá iomad fúascalta. Agus fuaisgeoluidh sé Israel ó na nuile chiontaibh.
Achd a nois a Níosa Críosd atá sibhse bhi ar uáiribh neamhchómhgaracg ar bhur ndéunamh comhgarach tré fhuil Chríosd.
Ionnas gur féidir leis an dream thig chum Dé thríd féin do shlánughadh go híomlán, ar mbeith dhó beó go síorruidhe chum eadarghuidhe do dhéunamh ar a son.
An té nár choigill a Mhac díleas féin, achd tug air ar soinne uile é, cionnas nach ttiodhluicfeadh sé dhúinn gach uile ní maille ris?
Noch do sháor sinn, agus do ghoir sinn maille ré gairm náomhtha, ní réir ar noibrightheadh, ahd réir a chinnidh féin agus a ghrás, noch do tugadh dhúinn a Niósa Críosd roimh chrúthughadh an domhuin;
Chum a fhiréantachda féin dfoillsiughadh ann sa naimsirsi do lathair ionnus go mbíadh sé féin ceart, agus go sáorfadh sé an té atá do chreideamh Iósa.
As fogus an TIGHEARNA don druing agá bhfuil a ccroidhe briste; agus sáorfuidh na comhmbrúighte a spioraid.
Do chúamar uile amhuil caóiridh ar seachrán; do chláonamar gach uile dhuine aguinn air ar slighe féin; do leag an TIGHEARNA airsion ar ccionta uile.
An tí diomchair ar bpeacuighne ann a chorp féin air an gcrann, ionnus air mbeith dhúinne marbh do na peacuighibh, go mairfemís do nfíréuntachd: an tí agár leigheasadh sibhse ré na chréuchduibh.
Ar a nadhbharsin atámuid adhlaice maráon risean tré bhaisdeadh chum báis: ionnus do réir mar do tógbhadh súas Críosd ó mharbhaibh chum glóire a Náthar, gur mar sin mar an gcéudna do dhéunmais siubhal a núaidheachd beatha.
Thug sé súas mé mar an gcéadna as an bpoll úathbhásach, as criáidh lathaidh, agus do chuir mo chosa ar charruic, agus do dhaingnidh mo choiscéime.
Uime sin seasuidh sa tsáoirse léur sháor Críosd sinn, agus ná bíghidh a rís ar bhur gcreapall ré cuing ná dáoirse.
(Oír mar sin bá héigean dó páis dfulang do minic ó thús an domháin: achd a nois do foillsigheadh é éun uáir amháin a ndeireadh an tsáoghail, chum an pheacuidh sgrios tré na iodhbairt féin.
An so do foillsigheadh grádh Dé dhúinne, eadhon gur chuir sé úadha a éinghin Mhic air a tsáoghal, chum go mairfeadh sinne thríd.
Achd Día, noch atá saidhbhir a dtrócaire, tré na mhórghrádh lér grádhuigh sé sinn, Ar mbéith dhúinn fós marbh tré chionntuibh, do chóimhbheódhuigh sé sinn maille ré Críosd, is lé grásuibh shlánaighthear sibh;
Oír do rinne seisean air ar soinne, peacadh don tí ag nách raibh fios peacaigh; ionnus go ndéuntaói fíréuntachd Dé dhínne annsan.
A gcorp a fhéola féin tré bhás, chum bhur ndéunta náomhtha glan agus neimhchiontach na fhíadhnuise féin:
Ar a nadhbharsin ní bhfuil damnughadh ar bith a nois don dreim atá a Niósa Críosd, nach siobhlann do réir na féola achd do réir na Spioruide. Agus má atá Críosd ionnuibh, atá an corp go deimhin marbh do thaóibh an pheacuigh; achd is beatha an Spiorad tré fhiréantachd. Achd má chomhnuigheann ionnuibh Spiorad an té do dhúisigh Iósa ó mharbhuibh, an té do dhúisigh Críosd ó mharbhuibh béodhachaigh sé bhar gcuirp shó mharbhthachasa mar an gcéudna tré na Spioruidsion chomhnuigheas ionnuibh. Uime sin, a bráithreacha, ní don fheóil, atámaóid ar bhféitheamhnuibh, ar chor go gcaithfeadhmaóis ar mbeatha do réir na féola. Oír más do réir na féola chaithfidhe bhar mbeatha, do ghéubthaói bás: achd má mharbhthaói gníomhartha na colla leis an Spioruid, do gheubhthaói beatha. Oír an mhéid thréoruighthear lé Spiorud Dé, a síad clann Dé íad. Oír níor ghabhabhair chugaibh Spiorad na seirbhíse a rís chum eagla; achd do ghabhabhair chugaibh Spiorad atharghadh na cloinne, tré ngoirmíd, Abba, a Athair. Do ní an Spioradsa fíadhnuisi lé ar spioriodne, gur clann do Dhía sinn: Agus más clann, is oidhrighe fós sinn; óidhrighe gan amharas do Dhía, agus comhóidhrighe do Chríosd; má fhuilngmíd a néinfheachd ris, ionnus go mbemís a ccómhghlóir ris. Oír measuim nach fíu ná neithe fhuilgemíd sa naimsirse a láthair an ghlóir fhoillséochthar dhúinn. Oír atá feitheamh díthcheallach gach creatúir ag fuireach ré foillsiughadh chloinne Dé. Oír do sháor dligheadh Spioruide na beatha a Níosa Críosd misi ó dligheadh an pheacaidh agus an bháis.
An lá na dhíaigh sin do chunnairc Eóin Iósa ag teachd chuige féin, agus a dubhairt sé, Féuch Uan Dé, thógbhas peacadh an domhain.
Oír a Níosa Críosd ní bhfuil éifeachd ar bith a dtimchillghearradh, ná a neamhthimchillghearradh, achd sa gcrúthughadh núadh.
Ar a nadhbharsin sirim dathchuinge oraibh, a dhearbhraithreacha, tré trócaire Dé, bhur gcuirp do thabhairt na bhéo-iodhbairt, náomhtha, geanamhail do Dhía, bhur seirbhís réusúnta.
¶ Gidheadh budh toil leis an TTIGHEARNA a bhrúghadh, do chuir sé chum doilghis é: a nuáir do dhéana tú ofráil da anam ar son pheacaidh, do chifidh sé a shíol, faideochuidh sé a láethe, agus rachuidh deaghthoil an TIGHEARNA ar a haghaidh iona láimh.
Achd as ar neamh atá ar gcoinbhearsáidne; an tionad as a bhfuil súil aguinn fós ré teachd an Tslánaighthéora, an Tíghearna Iósa Críosd: Noch chuirfeas an gcorp truáillighe a nátharrach crótha, chum a dhéunta cómhchosmhuil ré na chorp glórmhar féin, tres a noibriughadh lér féidir leis na huile neithe fós do chur faói féin.
Oír is ar bhur sonsa atáid na huile neithesi, ionnus go líonfadh an grás ro lionmharsa chum glóire Dé tré bhreith buidheachais mhórain.
Agus go líonaidh Día an dóthchais sibhse do gach uile gháirdeachus agus shoithcháin ó chreideamh dháoibh, ionnus go madh móide bhur ndóthchas, tré chúmhachdaibh an Spiorad Náoimh.
Dá nadmham ar bpeacuidh, atá seision fírinneach agus ceart re ar bpeacuigh do mhaitheamh dhúinn, agus ré ar nglanadh ó anuile neamhfhiréuntachd.
Agus do aithbhéodhuigh sé sibhse maille rísion, ar mbeith dhíbh marbh a bpeacaidhibh agus a neamhthimchillghearradh bhur bhféola, ag maitheamh a nuile pheacuidh dhíbh;
Dadmhaidh me mo pheacadh dhuitse, agus níor fholuigh mé mo chionta. A dubhairt mé, Aideomhad maindlighthe don TIGHEARNA; agus do mhaith tú urchóid mo pheacaidh. Selah.
Atá an TIGHEARNA grásamhuil, agus lán do thruáighe; fadfhuilingtheach, agus mórthrócaireach.
Agus do fhreagair Peadar iád, Déanuidh aithrighe, agus baisdear gach áonduine agaibh a nainm Iósa Críosd chum maitheamhnuis na bpeacadh, agus géubhtháoi chugaibh tiodhlacadh a Spioruid Naoimh.
Oir do rinne sé diongmhálta go síorruidhe ré héin iodhbairt amháin an dream atá ar na náomhadh.
Oír ní bhiáidh tighearnus ag an bpeacadh oraibh: do bhrígh nách fáoi an dligheadh atá sibh, achd faói ghrásuibh.
Bíodh dóigh ag Israel san TTIGHEARNA: óir is ag an TIGHEARNA atá trócaire, agus aigesion atá iomad fúascalta.
Tug é féin ar son ar bpeacuighne, chum ar sáortha ón drochsháoghalsa do láthair, do réir dheághthoile Dé eádhon ar Nathaírne:
An TIGHEARNA mo charruic, agus mo dhaingean, agus mfear sáortha; mo Dhía, mo neart, ióna ccuirfe mé mo dhóthchus; mo scíath, agus adharc mo shlánuighthe, mo ionad árd.
Agus as beag nach ré fuil ghlantar na huile neithe do réir an reachda; agus ní faghthar maitheamhnas ar bith gan dórtadh fola.
Tigdís fós do thrócaireadha chugamsa, a THIGHEARNA, do shlánughadh, do réir do bhréithre.
Oír tusa, a THIGHEARNA, atáoi maith agus maithfeach; agus ro thrócaireach don luchd ghairios ort.
Gáirdeochuidh mé go mór annsa TIGHEARNA, biáidh manam sólásach ann mo Dhia; óir déaduigh sé mé a cculadhuibh an tslánaighthe, dfoluigh sé mé le róba na firéantachda, amhuil chóirigheas fear núadhpósta é féin le breághachtuibh, agus mar chóirigheas an bhean núadhphósta í féin lé na séuduibh.
Ní ag cur ghrás Dé ar gcúl atáim: oír má thig trés an reachd fíréuntachd, is gan adhbhar fuáir Críosd bás.
Agus a sí so an fhíadhnuise sin, go dtug Día an bheatha mharthannach dhúinne, agus is ann a Mhac atá an bheathasa.
Agus atáid ar na sáoradh a naisgidh ré na ghrásuibhsean trés an bhfúasgladh do rinneadh lé Híosa Críosd:
Deuna trócaire orum, a Dhé, do réir do thrócaire móire: do réir ro iomaid do thruáighe scrios amach maindlighthe. Cruthaigh ionnam croidhe glan, a Dhé; agus athnúaghaidh ann mo mheadhón spiorad iomlán. Ná teilg mé seachad od fhiaghnuise; agus ná beír do spiorad náomhtha uáim. Aisig dhamh gáirdeachus do shlánuighthe; agus connuimh súas mé le spiorad shaóir. Ann sin múinfidh mé do shlighe do chiontachaibh; agus iompóchthair peacacha chugadsa. Sáor mé ó fhuil, a Dhé, Día mo shlánuighthe: agus foillseochaidh mo theanga thfíréantacht ós áird. A THIGHEARNA, foisgeola tú mo phuisíne; agus foillseochuidh mo bhéul do mholadh. Oír ní íarrann tú íodhbairt; agus go ttiubhruinn sin uáim: ní bhfuil dúil agad a nofráil loisge. Is íad íodhbartha Dé spiorad briste: ar chroidhe bhriste chomhbrúighte, a Dhé, ní dhéanair tarcuisne. Déan maith do Shion ó do dheaghthoil féin: cuir súas balladha Ierusalem. Annsin biáidh fonn agad a níodhbairt na fíréuntachda, a nofráil loisge agus a nofráil chnaóite go hiomlán: annsin do dhéanaid bulóga óga do thoirbhirt air haltóir. Nigh mé ó mo chiontaibh go hiomlán, agus glan mé ó mo pheacaidh.
Ar a nadhbharsin, a dhearbhráithre, ó atá sáoirse aguinn ré dhul a steach don naóimhiosdadh tré fhuil Iosa,
Gidheadh a bhuídhe ré Día, do bheir dhúinn buáidh do bhreith tré ar Dtíghearna Iósa Críosd.
Uimesin bhéara misi cuid dhó a mórán, agus roinnfe sé an chreach ris an ccumhachdach; do bhrígh gur dhóirt sé amach a anam chum báis: agus gur hairmheadh a measc na cciontach é; agus gur iomchuir sé peacuidhe mhóráin, agus go ndéarna sé guidhe ar son na cciontach.
Achd ar gcoimhlíonadh na haimsire, do chuir Día a Mhac féin úadh, do gineadh ó mhnáoi, agus do gineadh fáoi an réachd, Chum na druinge do bhí fáoi an reáchd dfúasgladh dhó, ionnus go bhfuighemísne ait cloinne.
Ag fádhbhadh na núachdaránachd agus ná gcúmhachd dó, do thaisbéin sé go follas íad, ar ndul dó ann féín go caithréimeach ós a gcionn.
Ar mbéith dhúinn fós marbh tré chionntuibh, do chóimhbheódhuigh sé sinn maille ré Críosd, is lé grásuibh shlánaighthear sibh;
Oír do fhulaing Críosd fós éunuáir amháin ar son na bpeacadh, an firéun ar son na neimhfhiréun, ionnus go dtiubhradh sinne chum Dé, do bhásuigheadh é a dtáobh na colla, achd do béodhaigheadh é ris an Spioruid:
Oir íona fheirg ní bhfuil acht móiment; iona fhabhar atá beatha: annsa tráthnóna bíodh go mbí gul, tig gáirdeachus air maidin.
Achd as ar neamh atá ar gcoinbhearsáidne; an tionad as a bhfuil súil aguinn fós ré teachd an Tslánaighthéora, an Tíghearna Iósa Críosd:
Oir má, réidheadh eadruinne agus Día tré bás a Mhic, a nuáir do bhámar ar náimhdibh, is mó ná sin go mór, ar mbeith a nathmhuinnteardhas dúinn, choimhéadfuighthear sinn tré na bheathasan.
Oír do cheannchadh sibh ar lúach: uime sin tugaidh glóir do Dhía ré bhur gcorp, agus ré bhur spioraid, óir is lé Día íad.
Ag rádh is beannuighe an dream agá bhfuil a ndroichghníomhartha ar na maitheamh dhóibh, agus agá bhfuilid a bpeacuigh ar na bhfolach. Is beannuighe an té ag nach ccuírfí an Tighearna peacadh na leith.
Cuimhneochuid críocha na talmhan uile é agus iompóchuid chum an TIGHEARNA: agus do dhéanuidh a nuile chineadh do na geinteibh adhradh ós a choinne.
Do bhrígh go bhfuil grádh aige orumsa, saorfa mé é: áirdeochád é, do bhrígh gó ráibh fios manma aige.
Achd is cinéul toghtha sibhse, sagartachd ríogha, cineadh náomhtha, pubal ar leith; ionnus go bhfoillséochadh sibh subháilcidhe an tí do ghoir sibh as dorchadus chum a sholais iongantuigh féín.
Glóir agus moladh do Dhía, eadhon Dathair ar Dtighearna Iósa Críosd, noch do bheannuidh sinn lé gach uile bheannachdadh sbioralta sna neíthibh neamhdha a Gcríosd:
Acht a nois is marso a deir an TIGHEARNA do chruthaidh thusa, a Iácob, agus an té do chum thú, a Israel, Ná himeagluigh: óir dfúasguil mé thú, do ghoir mé thú as hainm; is liomsa thú.
An té chreideas ann sa Mhac atá an bheatha mharthanach aige: achd an té bhiós easumhal don Mhac, ní fhaicfe sé an bheatha; achd comhnuighidh fearg Dé air.
Go madh beannuigh an TIGHEARNA, noch thréoruighios sinn go láetheamhuil, Día ar shlánuighthe. Selah.