Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Tiomóid 1:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 Mar is é Dia a shlánaigh sinn agus a ghlaoigh orainn le naomhghlao, agus ní de bharr aon ní dá ndearnamarna é ach de bharr a thola agus a ghrásta féin. Bhí an grásta seo tugtha dúinn i gCríost Íosa ó thús aimsire

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

9 a shlánaigh sinn agus a ghlaoigh orainn le naomhghairm, ní as ucht ár n-oibreacha féin ach as ucht an chuspóra a bhí curtha roimhe aige agus as ucht an ghrásta a bhronn sé orainn in Íosa Críost na cianaoiseanna ó shin,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 do shaor, agus do ghoir le naomh‐ghairm sinn, ní h‐é do réir ár ngníomhartha, acht do réir a rúin agus a ghrása féin, tugadh i nÍosa Críost dúinn ins na h‐aoisibh i bhfad ó shoin,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Noch do sháor sinn, agus do ghoir sinn maille ré gairm náomhtha, ní réir ar noibrightheadh, ahd réir a chinnidh féin agus a ghrás, noch do tugadh dhúinn a Niósa Críosd roimh chrúthughadh an domhuin;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

9 Mar is é Dia a shlánaigh sinn agus a ghlaoigh orainn le naomh-ghlao, agus ní de bharr aon ní dá ndearnamarna é ach de bharr a thola agus a ghrásta féin. Bhí an grásta seo tugtha dúinn i gCríost Íosa ó thús aimsire

Féach an chaibidil Cóip




2 Tiomóid 1:9
41 Tagairtí Cros  

Béarfaidh sí mac, agus tabharfaidh tú Íosa mar ainm air, óir slánóidh sé a phobal óna bpeacaí.”


An uair sin féin rinne sé gairdeas sa Spiorad Naomh agus dúirt: “Beirim buíochas duit, a Athair, a Thiarna neimhe agus talún, de chionn mar cheil tú na nithe seo ar lucht eagna agus éirime agus mar a d'fhoilsigh tú do naíonáin iad. Sea, a Athair, óir is amhlaidh sin ba mhaith leat é.


A Athair, an mhuintir a thug tú dom, is mian liom, an áit ina bhfuilimse, iadsan a bheith ann mar aon liom, ionas go bhfeicfidh siad mo ghlóir, an ghlóir a thug tú dom; mar gur thug tú grá dom roimh chruthú an domhain.


Ar a son atáim ag guí; ní ar son an tsaoil atáim ag guí ach ar son na muintire a thug tú dom, mar is leatsa iad.


Gach a dtugann an tAthair dom tiocfaidh sé chugam, agus an té a thagann chugam ní chaithfidh mé amach é.


Is é an Tiarna atá á rá seo agus tá eolas orthu le fada an lá.’ ”


agus iad ag moladh Dé. Agus bhí gnaoi an phobail orthu. Agus ó lá go lá bhí an Tiarna ag cur le líon na ndaoine a bhí ar bhealach a slánaithe.


le mo chine féin a spreagadh chun iomaíochta agus cuid éigin acu a shlánú.


mar ní cúis aiféala choíche do Dhia a thíolacthaí ná an rogha a bhíonn déanta aige.


Moladh leis an té úd atá in ann sibh a dhaingniú de réir an dea-scéil a chraobhscaoilimse, agus an fhorógra faoi Íosa Críost, an dea-scéal ina bhfoilsítear an rúndiamhair a bhí folaithe ar feadh na gcianta


Mar ní fhíréanófar duine ar bith i bhfianaise Dé as an dlí a chomhlíonadh. Óir is aithne ar an bpeaca a thagann ón dlí.


ach sular rugadh iad agus sula raibh aon ní olc maith déanta fós acu,


Mar is sinne a ghlaoigh sé ní as measc na nGiúdach amháin ach as measc na ngintlithe chomh maith.


Scéal seo na croise, is díth céille é dar leo sin atá ar bhealach a millte, ach is é cumhacht Dé é dar linne atá ar bhealach ár slánaithe.


Mar is i gCríost a roghnaíodh sinne inár n‑oidhrí agus a leagadh amach dúinn, de réir intinne an té úd a oibríonn gach ní de réir chomhairle a thola féin,


nocht sé dúinn rún a thola - de réir an chuspóra a bhí leagtha amach aige ó thús lena chur i gcrích i gCríost,


fiú amháin nuair a bhíomar marbh de dheasca ár gcionta, gur athbheoigh sé sinn in éineacht le Críost - is in aisce a slánaíodh sibh -


de réir an bheartais shíoraí a chuir sé i bhfeidhm i gCríost Íosa ár dTiarna.


agus leanúint orm faoi dhéin na sprice nó go mbeidh an duais bainte agam - an ghairm in airde a tháinig ó Dhia in Íosa Críost.


Ní chun na neamhghlaine a ghlaoigh Dia sinn ach chun na naofachta.


Mise Pól, aspal Chríost Íosa ar ordú ó Dhia ár slánaitheoir agus ó Chríost Íosa ár ndóchas.


Mise Pól, aspal Chríost Íosa de thoil Dé, de réir ghealltanais na beatha atá againn i gCríost Íosa.


le súil go mbainfidís amach an bheatha shíoraí. Gheall Dia, nár thug éitheach riamh, an bheatha seo dúinn roimh thús aimsire


Ar an ábhar sin, a bhráithre naofa, atá pairteach i ngairm neamhaí, breathnaígí ar Íosa, aspal agus ardsagart ár gcreidimh.


Bhí aithne air cheana féin roimh chruthú an domhain, ach foilsíodh é i ndeireadh ré ar bhur sonsa


Ach is cine tofa sibhse, sagartacht ríoga, muintir naofa, pobal a cuireadh ar leithrigh, le go bhfógródh sibh éachtaí an té sin a ghlaoigh as an dorchadas amach oraibh chun a sholais iontaigh féin.


Agus áitritheoirí uile an domhain, nach bhfuil a n‑ainm scríofa ó thúsú an domhain i leabhar beatha an Uain a básaíodh, sléachtfaidh siad le hómós dó.


“An beithíoch a chonaic tú, bhí sé ann agus níl anois, agus tá sé le teacht aníos as an duibheagan agus tá sé ar bhóthar a léirscriosta. Agus iad siúd d'áitritheoirí an domhain, nach bhfuil a n‑ainm scríofa i leabhar na beatha ó chruthú an domhain, beidh ionadh orthu nuair a fheicfidh siad an beithíoch a bhí ann agus nach bhfuil, ach atá le teacht.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí