2 Tiomóid 1:9 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)9 do shaor, agus do ghoir le naomh‐ghairm sinn, ní h‐é do réir ár ngníomhartha, acht do réir a rúin agus a ghrása féin, tugadh i nÍosa Críost dúinn ins na h‐aoisibh i bhfad ó shoin, Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)9 a shlánaigh sinn agus a ghlaoigh orainn le naomhghairm, ní as ucht ár n-oibreacha féin ach as ucht an chuspóra a bhí curtha roimhe aige agus as ucht an ghrásta a bhronn sé orainn in Íosa Críost na cianaoiseanna ó shin, Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)9 Noch do sháor sinn, agus do ghoir sinn maille ré gairm náomhtha, ní réir ar noibrightheadh, ahd réir a chinnidh féin agus a ghrás, noch do tugadh dhúinn a Niósa Críosd roimh chrúthughadh an domhuin; Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 20129 Mar is é Dia a shlánaigh sinn agus a ghlaoigh orainn le naomh-ghlao, agus ní de bharr aon ní dá ndearnamarna é ach de bharr a thola agus a ghrásta féin. Bhí an grásta seo tugtha dúinn i gCríost Íosa ó thús aimsire Féach an chaibidilAn Bíobla Naofa 19819 Mar is é Dia a shlánaigh sinn agus a ghlaoigh orainn le naomhghlao, agus ní de bharr aon ní dá ndearnamarna é ach de bharr a thola agus a ghrásta féin. Bhí an grásta seo tugtha dúinn i gCríost Íosa ó thús aimsire Féach an chaibidil |
Le linn na h‐uaire céadna sin do líonadh é de gháirdeachas mór tríd an Spiorad Naomh, agus adubhairt sé, Do‐bheirim a bhuidheachas leat, a Athair, a Thighearna neimhe agus talmhan, gur cheilis na neithe sin ar Lucht eagna agus tuigseana, agus gur nochtais do leanbhaibh iad: do‐rinnis é, a Athair; óir ba é do thoil féin é.
An t‐ainmhidhe do chonnacais, do bhí sé ann, agus ní fhuil sé ann: agus atá sé le teacht aníos as an duibheagán agus imtheacht chum léirscriosta. Agus béidh iongnadh ar lucht áitreabha na talmhan, ar an méid nach bhfuil a n‐ainmneacha scríobhtha ó thosach an tsaoghail i leabhar na beathadh, nuair chífeas siad an t‐ainmhidhe, de bhrigh go raibh sé ann, agus nach bhfuil sé ann, agus go bhfuil sé le teacht.