Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Tiomóid 1:10 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 acht atá foillsighthe anois tré thaisbeánadh ár Slánuightheora Íosa Críost, do chuir an bás ar ceal, agus thug an bheatha agus an do‐mharbhthacht chum solais tríd an soiscéal,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

10 mar atá anois á thaispeáint trí léirnochtadh ár Slánaitheora Íosa an Críost, a chuir an bás ar ceal agus a thug chun solais tríd an soiscéal an bheatha bhuan agus an neamhbhásmhaireacht.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Achd atá a nois ar fhoillsiughadh tré theachd deallruigheeach ar Dtíghearna Iósa Críosd, noch do dhíbhir an bás, agus tug beatha agus neamhthruáilleadh chum soillse trés an tsoisgéul:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

10 ach is anois beag a foilsíodh é trí thaibhsiú ar slánaitheora Críost Íosa. Chuir seisean an bás ar neamhní agus thug chun solais an bheatha agus an neamh-bhásmhaireacht trí bhíthin an dea-scéil.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

10 ach is anois beag a foilsíodh é trí thaibhsiú ar slánaitheora Críost Íosa. Chuir seisean an bás ar neamhní agus thug chun solais an bheatha agus an neamhbhásmhaireacht trí bhíthin an dea-scéil.

Féach an chaibidil Cóip




2 Tiomóid 1:10
58 Tagairtí Cros  

D’á bhrigh sin, má bhíonn do chorp uile soillseach, gan aon chuid de bheith dorcha, béidh sé soillseach go h‐iomlán, de réir mar shoillsigheann lóchrann thú agus é ag deallrú go geal‐ghlan.


Agus adubhairt sé leis an bhfíon‐churadóir, Féach, atáim le trí bliadhnaibh ag teacht ar lorg tortha ar an gcrann fige seo, agus ní fhaghaim: leag é; cad chuige an talamh do chur amugha gan tairbhe d’á dheascaibh?


óir atá Slánuightheoir beirthe dhaoibh indiu, is é sin Críost an Rí, i gcathair Dháibhi.


Do b’é sin an fíor‐sholas shoillsigheas gach uile dhuine, ag teacht ar an saoghal.


Adubhairt Íosa leis, Is mise an tslighe, agus an fhírinne, agus an bheatha: ní thig aoinneach chum an Athar acht amháin tríom‐sa.


acht do scríobhadh an méid seo chum go gcreidfeadh sibh gur ab é Íosa an Críost, Mac Dé; agus g‐á gcreideamhain, go mbéadh an bheatha agaibh ’n‐a ainm‐sean.


agus adubhradar leis an mnaoi, Ní mar gheall ar do chainnt‐se chreidimíd: óir d’éisteamar féin, agus atá a fhios againn gurb é Slánuightheoir an tsaoghail é go fíor.


agus ní h‐áil libh teacht chugam‐sa, chum go mbéidh beatha agaibh.


Is ó shliocht an fhir sin, de réir na geallamhna, thug Dia Slánuightheoir d’Israel, Íosa;


D’árduigh Dia le n‐a láimh dheis é chum bheith ’n‐a Phrionnsa agus ’n‐a Shlánuightheoir, chum aithrighe agus maitheamhnas na bpeacadhdo thabhairt d’Israel.


acht atá d’á nochtadh anois, agus d’á cur i dtuigsin do’n uile chineadh tré scrioptúiribh na bhfáidh, do réir aithne an Dé shíorraidhe, chum go mbéidís umhal do’n chreideamh;


an bheatha shíorraidhe do’n dream loirgeas glóir agus onóir agus do‐mharbhthacht, ag leanmhaint go foighdeach do dheagh‐ghníomharthaibh:


Uime sin, an ag déanamh neamh‐nidh de’n dlighe tríd an gcreideamh atáimíd? Nár leigidh Dia é: is ag daingniú an dlighe atáimíd.


mar tá a fhios againn gur céasadh ár sean‐nádúir ’n‐a theannta, chum go bhfágfaidhe corp an pheacaidh gan éifeacht, chum nach mbéimís fá dhaor‐smacht an pheacaidh feasta;


Is é an bás an námha dheiridh cuirfear ar ceal.


D’á bhrigh sin ná tabhraidh breitheamhnas i gcúis ar bith roimh an am, nó go dtagidh an Tighearna bhéarfas chum an tsolais neithe atá foluighthe fá dhorchadas, agus nochtfas rúin na gcroidhthe; annsin gheobhas gach duine a mholadh féin ó Dhia.


Óir chómh fada is bhímíd san bpailliún so bímíd ag osnaighil, agus sinn fá throm‐ualach; ní h‐é go mba mhian linn bheith gan clúdach, acht bheith clúduighthe, chum go sluigfidhe a bhfuil so‐mharbhtha leis an mbeathaidh.


Atá sibh deighilte ó Chríost; an méid díbh gur mian libh bhur bhfíréanú tríd an dlighe; atá sibh tuitthe ó ghrása.


chum go soillseochar súilí bhur gcroidhe, chum go mbéidh a fhios agaibh cad é an dóchas chum a ngoireann sé sinn, saidhbhreas glóire a oidhreachta ins na naomhaibh,


tar a éis dó rúindiamhair a thola do nochtadh dhúinn, fá mar bhí ceaptha ann féin aige, do réir a dhéighmhéine féin,


Annsin is eadh foillseochar an duine míriaghalta go marbhóchaidh an Tighearna Íosa le h‐anáil a bhéil é, agus go scriosfaidh sé le n‐a theacht agus le n‐a thaidhbhsiú é.


Pól, abstal Íosa Críost, tré thoil Dé, do réir geallamhna na beathadh atá i nÍosa Críost,


D’á bhrigh sin ná bíodh aon náire ort fá fhiadhnaise do thabhairt ar son an Tighearna, ná fúm‐sa, príosúnach ar a shon: acht fulaing cruadhtan mar aon liom‐sa ar son an tsoiscéil do réir cumhachta Dé;


Cuirim d’athchuinghe ort i bhfiadhnaise Dé agus i bhfiadhnaise Íosa Críost, bhéarfas breith ar bheodhaibh agus ar mharbhaibh, agus i n‐ainm a thaisbeánta agus a ríoghachta;


ó’n am so amach is í coróin na fíréantachta atá i ndán dom, coróin bhéarfas an Tighearna, breitheamh fíréan, dom san ló úd, agus ní damh‐sa amháin, acht do na daoinibh go léir gur geal leo a theacht.


Óir do foillsigheadh grása Dé, ag slánú an uile dhuine,


ag fanamhain le dóchas beannuighthe agus le taisbeánadh glóire an Dé mhóir agus ár Slánuightheora Íosa Críost;


Acht nuair do nochtadh maitheas agus grádh Dé ár Slánuightheoir do’n duine,


Acht bidhidh ag cuimhneamh ar na sean‐laethibh ’n‐ar sheasuigh sibh spairn phianamhail, tar a éis daoibh solas d’fhágháil;


Síomón Peadar, seirbhíseach agus abstal Íosa Críost, chum na ndaoine fuair an creideamh sár‐luachmhar céadna atá againne; tré fhíréantacht ár nDé agus ár Slánuightheora Íosa Críost:


óir is mar sin do‐bhéarfar daoibh slighe fhairsing isteach i ríoghacht ár dTighearna agus ár Slánuightheora Íosa Críost.


ó tárla gur bhronn a chumhacht diadha gach éinnidh atá riachtanach do’n bheathaidh agus do’n diadhacht orainn, tré eolas an té do ghlaodh tré n‐a ghlóir agus tré n‐a shubháilce féin sinn;


Óir, tar a éis dóibh teacht saor ó thruailliú an tsaoghail tré eolas an Tighearna, agus an tSlánuightheora Íosa Críost, má greamuightear iad ann arís agus má buaidhtear ortha, is measa a staid deiridh ’ná a gcéad staid.


Acht bidhidh ag fás i ngrása agus i n‐eolas ár dTighearna agus ár Slánuightheora Íosa Críost. Dó‐san go dtugtar an ghlóir anois agus go síorraidhe. Amén.


chum go gcuimhneochaidh sibh ar na briathraibh do labhair na naomh‐fháidhe roimh ré, agus ar aithne an Tighearna agus an tSlánuightheora tré n‐bhur n‐abstalaibh:


i dtaobh Briathair na beathadh (is eadh, do foillsigheadh an bheatha, agus do chonnacamar í, agus atáimíd ag tabhairt fiadhnaise, agus atáimíd ag fógairt na beathadh dhaoibh, an bheatha mharthannach do bhí leis an Athair, agus do foillsigheadh dhúinne);


Agus do chonnacamar agus do‐bheirimíd fiadhnaise gur chuir an tAthair a Mhac uaidh mar Shlánuightheoir an domhain.


Tar éis na neithe seo do chonnacas aingeal eile ag teacht anuas ó neamh, agus cumhacht mhór aige; agus do lonnruigh an talamh le n‐a ghlóir.


An té go bhfuil cluas aige, éisteadh sé le n‐a bhfuil ag an Spiorad d’á rádh leis na h‐eaglaisibh. An té bheireas buaidh, do‐bhéarfad dó‐san toradh le n’ithe de chrann na beathadh atá i bpárrthas Dé.


Agus do teilgeadh an bás agus Hádes amach i loch na teineadh. Is é seo an dara bás.


Is beannuighthe na daoine nigheas a róbaí, chum go mbéidh cead chum crainn na beathadh aca, agus go rachaidh siad thar na geataibh isteach san gcathair.


Agus adeir an Spiorad agus an bhean óg nua‐phósta, Tar. Agus an té éisteas, abradh sé, Tar. Agus an té go bhfuil tart air, tagadh sé: an té gur ab áil leis é, glacadh sé uisce na beathadh i n‐aisce.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí