2 Tiomóid 1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Pól, abstal Íosa Críost, tré thoil Dé, do réir geallamhna na beathadh atá i nÍosa Críost, 2 chum Timóteuis, mac ionmhain liom: Grása, trócaire agus síothcháin, ó Dhia an tAthair, agus ó Íosa Críost ár dTighearna. 3 Do‐bheirim buidheachas le Dia, d’á ndéanaim seirbhís le coinsias glan, fá mar rinne mo shinnsir, go mbím ag síor‐chuimhneamh ort im’ urnaighthibh d’oidhche agus de ló, 4 ag tnúth let’ fheicsin, ag athchuimhneamh ar do dheoraibh: chum go líonfar mé de gháirdeachas; 5 ag cuimhneamh dhom ar an gcreideamh gan cluain atá ionnat, creideamh do bhí ar dtús id’ shean‐mháthair Lóis, agus id’ mháthair Eúnice; agus atá, mar táim cinnte dhe, ionnat‐sa, leis. 6 Is ar an adhbhar sin chuirim i gcuimhin duit an tabhartas ó Dhia atá ionnat tré leagadh mo lámh‐sa, d’athbhrostú. 7 Óir ní spiorad eagla thug Dia dhúinn, acht spiorad cumhachta, agus grádha, agus cialldhachta. 8 D’á bhrigh sin ná bíodh aon náire ort fá fhiadhnaise do thabhairt ar son an Tighearna, ná fúm‐sa, príosúnach ar a shon: acht fulaing cruadhtan mar aon liom‐sa ar son an tsoiscéil do réir cumhachta Dé; 9 do shaor, agus do ghoir le naomh‐ghairm sinn, ní h‐é do réir ár ngníomhartha, acht do réir a rúin agus a ghrása féin, tugadh i nÍosa Críost dúinn ins na h‐aoisibh i bhfad ó shoin, 10 acht atá foillsighthe anois tré thaisbeánadh ár Slánuightheora Íosa Críost, do chuir an bás ar ceal, agus thug an bheatha agus an do‐mharbhthacht chum solais tríd an soiscéal, 11 chum ar h‐órduigheadh mise im’ sheanmóiridhe, agus im’ abstal, agus im’ theagascthóir de. 12 Is ar an adhbhar sin atáim ag fulang na neithe seo: acht ní fhuil aon náire orm; óir atá a fhios agam cia ann ar chreideas, agus atáim cinnte dhe go bhfuil ar chumas dó a bhfuil curtha fá n‐a chúram agam do choimheád fá chómhair an lae úd. 13 Congbhuigh go daingean sompla na mbriathar maith do chualais uaim, san gcreideamh agus san ngrádh atá i nÍosa Críost. 14 Coimheád an taisce maith tugadh dhuit tríd an Spiorad Naomh chómhnuigheas ionnainn. 15 Is eol duit gur thréig a raibh san Áise mé; daoine dhíobh‐san is eadh Figelus agus Hermogenés. 16 Go dtugaidh an Tighearna trócaire do theaghlach Onésiforuis; óir is minic thug sé sólás croidhe dhom, agus níor nár leis mo shlabhradh; 17 acht ar mbeith san Róimh dhó do chuaidh sé go dícheallach ar mo lorg, agus fuair sé me. 18 (Go dtugaidh an Tighearna dhó trócaire d’fhágháil ó’n Tighearna san ló úd): agus is maith atá a fhios agat féin méid na seirbhís do rinne sé dhom i nEiféis. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932
British & Foreign Bible Society