Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




2 Tiomóid 1:13 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 Congbhuigh go daingean sompla na mbriathar maith do chualais uaim, san gcreideamh agus san ngrádh atá i nÍosa Críost.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

13 Lean lorg mhúnla na bhfocal folláin a chuala tú uaim, sa chreideamh agus sa ghrá atá in Íosa an Críost;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Bíodh agad sompla fírinneach na mbríathar bhfalláin, do chúaluidh tú uáimse, a gcreideamh agus a ngrádh a Níosa Críosd.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

13 An teagasc folláin a chuala tú uaim-se, coimeád agat mar threoir é agus lean den chreideamh agus den ghrá atá agat i gCríost Íosa.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

13 An teagasc folláin a chuala tú uaimse, coimeád agat mar threoir é agus lean den chreideamh agus den ghrá atá agat i gCríost Íosa.

Féach an chaibidil Cóip




2 Tiomóid 1:13
30 Tagairtí Cros  

id’ oide do lucht dith‐céillidhe, id’ mhúinteoir do leanbhaibh, toisc múnla an eolais agus na fírinne bheith agat san dlighe;


Acht, buidheachas le Dia, gidh go rabhabhar ’n‐bhur seirbhíseachaibh do’n pheacadh, d’umhluigheabhar ó chroidhe do mhodh an teagaisc d’á dtugabhar sibh féin;


Acht amháin caithidh bhur saoghal mar d’oirfeadh do shoiscéal Chríost; ar chuma, cia aca thigim agus chím sibh, nó bhím as láthair, go mbéidh a fhios agam ’n‐bhur dtaobh go bhfuil sibh ag seasamh i n‐aon spiorad amháin, sibh ar aon‐intinn amháin ag déanamh lán bhur ndíchill ar son creidimh an tsoiscéil;


Na neithe d’fhoghlaim sibh, agus do chuala sibh, agus do chonnaic sibh bheith ionnam‐sa, cleachtuighidh‐se na neithe sin: agus béidh Dia na síothchána libh.


ó chualamar trácht ar bhur gcreideamh i nÍosa Críost, agus ar an ngrádh atá agaibh do na naomhaibh go léir,


fromhaidh gach aon nidh; greamuíghidh go daingean dhá bhfhuil maith;


do lucht striapachais, do lucht ainmhianta mí‐nádúrtha, do lucht goidthe daoine, do bhréagairibh, agus éinnidh eile atá i n‐aghaidh an teagaisc fholláin;


agus do mhéaduigh grása ár dTighearna go mór, le creideamh agus leis an ngrádh atá i nÍosa Críost.


Má mhúineann aoinneach a mhalairt de theagasc, agus muna gclaoidheann sé le briathraibh fóghanta, briathra ár dTighearna Íosa Críost, agus leis an teagasc atá do réir crábhaidh;


Pól, abstal Íosa Críost, tré thoil Dé, do réir geallamhna na beathadh atá i nÍosa Críost,


Coimheád an taisce maith tugadh dhuit tríd an Spiorad Naomh chómhnuigheas ionnainn.


Agus na neithe do chualais uaim‐se i n‐éisteacht móráin fiadhnaidhthe, cuir ar iontaoibh daoine ionnraice iad, go mbéidh ar chumas dóibh daoine eile do theagasc, leis.


Acht lean‐sa de na neithibh atá foghlamtha agat agus go bhfuil tú dearbhtha dhíobh, agus a fhios agat ciarbh iad ó n‐ár fhoghlaimis iad;


Óir tiocfaidh an t‐am nach seasfaidh siad deagh‐theagasc; acht le tocas ’n‐a gcluasaibh, cruinneochaidh siad chuca féin lucht teagaisc do réir a n‐ainmhianta féin:


ag greamú de’n bhriathar fírinneach atá do réir an teagaisc, chum go mbéidh ar chumas dó na daoine do ghríosadh do réir an teagaisc fholláin, agus iad‐san chuireas ’n‐a aghaidh do bhréagnú.


Acht labhair‐se na neithe oireas do’n teagasc fóghanta:


ar mhodh go gcuirfear náire ar an trasnálaidhe, gan droch‐fhocal bheith fágtha aige le rádh ’n‐ár dtaobh.


coimheádaimís go daingean an dóchas admhuighmíd chum nach lagaidh sé; óir is dílis an té thug an gheallamhain:


acht is amhlaidh atá Críost mar Mhac os cionn tighe Dé; agus is sinne a theach‐san, acht ár muinighin agus an dóchas atá mar adhbhar glóire againn do chongbháil go daingean go deireadh.


D’á bhrigh sin, ó tá árd‐shagart mór do chuaidh tré na flaitheasaibh againn, Íosa Mac Dé, congbhuighmís ár gcreideamh go daingean.


A cháirde ionmhaine, ó thárla go raibh fonn mór orm scríobhadh chugaibh i dtaobh ár slánuighthe chómh‐choitchinn, is é do bhí ’gam’ spreagadh a mheas go raibh sé de dhualgas orm scríobhadh chugaibh g’á impidhe oraibh an creideamh tugadh aon uair amháin do na naomhaibh do chosaint go daingean.


Acht cheana, congbhuighidh greim ar a bhfuil agaibh, nó go dtagad.


Atáim ag teacht go luath; congbhuigh a bhfuil agat, chum nach mbainfidh aoinneach do choróin díot.


Cuimhnigh, d’á bhrigh sin, ar a bhfuarais agus ar a gcualais, agus congbhuigh é, agus déan aithrighe. Acht muna ndéanair faire, tiocfad‐sa ar nós gadaidhe, gan a fhios agat cia an uair thiocfad ort.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí