Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Tiomóid 1:6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Is ar an adhbhar sin chuirim i gcuimhin duit an tabhartas ó Dhia atá ionnat tré leagadh mo lámh‐sa, d’athbhrostú.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

6 Dá bhrí sin cuirim i gcuimhne duit an tíolacadh sin ó Dhia atá ionat trí leagan mo lámh a athfhadú;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Ar a nadhbharsa cuírim a gcoimhne dhuit tiodhlacadh Dé atá ionnad tré chur mo lámhsa ort, do bhíodhgadh súas.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

6 Sin é an fáth a bhfuilim dá chur i gcuimhne duit tabhartas Dé a athmhúscailt, an tabhartas úd a fuair tú nuair a chuir mise mo lámha ort.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

6 Sin é an fáth a bhfuilim á chur i gcuimhne duit tabhartas Dé a athmhúscailt, an tabhartas úd a fuair tú nuair a chuir mise mo lámha ort.

Féach an chaibidil Cóip




2 Tiomóid 1:6
19 Tagairtí Cros  

Agus do ghlaodh sé chuige deichneabhar seirbhíseach leis, agus thug sé dhóibh deich bpúint, agus adubhairt sé leo, Bidhidh ag déanamh ceannaidheachta nó go dtagad.


Agus nuair do chuir Pól a lámha ortha, tháinig an Spiorad Naomh ortha; agus do labhradar as teangthachaibh, agus do‐rinneadar tarngaireacht.


do chuireadar iad sin i láthair na n‐abstal: agus, tar éis dóibh guidhe do dhéanamh, do chuireadar a lámha ortha.


Ná déan faillighe san tabhartas atá ionnat, tugadh tré tharngaire dhuit le leagadh lámh na seanóir.


Má chuireann tú na neithe seo i gcuimhin do na bráithribh, béidhir id’ sheirbhíseach maith d’Íosa Críost, oilte as briathraibh an chreidimh agus as an deagh‐theagasc d’ár leanais go dtí anois.


Cuir na neithe seo i gcuimhin dóibh, g‐á fhógairt dóibh i bhfiadhnaise an Tighearna gan bheith ag aighneas fá fhoclaibh nach bhfuil aon tairbhe ionnta, acht chuireas amugha an dream chluineas iad.


déan an briathar do chraobh‐scaoileadh; bí go díoghrasach i dtráth agus i n‐ántráth; bí ag spreagadh, ag smachtadh, ag gríosadh le gach ceannsacht agus le gach teagasc;


agus teagaisc fá bhaisteadh, agus fá leagadh lámh, agus fá aiséirghe na marbh, agus fá’n mbreitheamhnas síorraidhe.


Ar an adhbhar sin leanfad‐sa i gcómhnaidhe de bheith ag cur na neithe seo i gcuimhne dhaoibh, bíodh go bhfuil eolas agaibh ortha, agus go bhfuil sibh suidhte go daingean san bhfírinne atá anois ann.


Is í seo anois, a cháirde, an dara h‐eipistil atá agam d’á scríobhadh chugaibh; agus san dá eipistil atáim ag brostú bhur slán‐aigne agus ag múscailt bhur gcuimhne,


Is mian liom anois a chur i gcuimhne dhaoibh, bíodh go bhfuil lán‐eolas agaibh ar na neithibh seo ar fad, gur shaor an Tighearna pobal as tír na hÉigipite aon uair amháin, acht gur scrios sé ’n‐a dhiaidh sin iad‐san nár chreid.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí