Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Tiomóid 1:5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 ag cuimhneamh dhom ar an gcreideamh gan cluain atá ionnat, creideamh do bhí ar dtús id’ shean‐mháthair Lóis, agus id’ mháthair Eúnice; agus atá, mar táim cinnte dhe, ionnat‐sa, leis.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

5 Cuireann sin dúthracht do chreidimh i gcuimhne dom, an creideamh sin a raibh cónaí aige i do sheanmháthair Lóis agus í do mháthair Eunícé agus atá anois, táim cinnte, ina chónaí ionatsa.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Ar mbeith cuimhneach dhamh ar an gcreideamh neamhfhallsa atá ionnad, noch do bhí na chómhnuidhe ar tús ann do sheanmháthair Lois, agus ann do mháthair Eunice; agus ís deimhin leam a bheith ionnadsa mar an gcéudna.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

5 Cuimhním freisin ar an gcreideamh glan sin agat. An creideamh úd a bhí ag do sheanmháthair Lóis romhat agus ag do mháthair Eoinícé, táim cinnte go bhfuil sé agat-sa chomh maith.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

5 Cuimhním freisin ar an gcreideamh glan sin agat. An creideamh úd a bhí ag do sheanmháthair Laoise romhat agus ag do mháthair Eunaícé, táim cinnte go bhfuil sé agatsa chomh maith.

Féach an chaibidil Cóip




2 Tiomóid 1:5
25 Tagairtí Cros  

Do chonnaic Íosa Natanaél ag teacht chuige, agus adubhairt sé leis, Féach an t‐Israelíteach fíor nach bhfuil aon chealg ann!


Agus tháinig sé go Derbé agus go Listra, leis: agus féach, do bhí deisceabal annsin, darbh ainm Timóteus, mac mná Iúdaighe go raibh an creideamh aici; acht ba Ghréagach a athair.


Óir atá eolas ag an righ, go bhfuilim ag cainnt go dána leis, ar na neithibh seo; óir ní mheasaim go bhfuil éinnidh díobh so fá cheilt air, óir ní i gcúinne do‐rinneadh é.


Atá a fhios agam, agus atáim dearbhtha dhe san Tighearna Íosa, nach bhfuil rud ar bith neamh‐ghlan ann féin; acht do’n té mheasas rud do bheith neamh‐ghlan, go bhfuil sé neamh‐ghlan dó‐san.


Bíonn meas ag duine áirithe ar lá seachas a chéile: measann duine eile gur mar a chéile gach uile lá. Bíodh gach duine lán‐dearbhtha ’n‐a intinn féin.


Atáim féin dearbhtha ’n‐bhur dtaobh‐sa, a bhráithre, go bhfuil sibh féin lán de mhaitheas, agus go bhfuil sibh líonta de gach eolas, agus go bhfuil ar chumas daoibh teagasc do thabhairt d’á chéile.


agus a láin‐deimhin aige go raibh ar chumas dó a raibh geallta aige do thabhairt chum críche.


Óir atáim dearbhtha nach bhféadfaidh bás, ná beatha, ná aingle, ná cumhachta, ná neithe atá ann, ná neithe atá le teacht,


i ngeanmhaidheacht, i n‐eolas, i bhfad‐fhulang, i gcáirdeamhlacht, san Spiorad Naomh,


Acht is é cuspóir an teagaisc an grádh as croidhe úr‐ghlan, agus as coinsias maith, agus as creideamh neamh‐chealgach.


Má chuireann tú na neithe seo i gcuimhin do na bráithribh, béidhir id’ sheirbhíseach maith d’Íosa Críost, oilte as briathraibh an chreidimh agus as an deagh‐theagasc d’ár leanais go dtí anois.


Is ar an adhbhar sin atáim ag fulang na neithe seo: acht ní fhuil aon náire orm; óir atá a fhios agam cia ann ar chreideas, agus atáim cinnte dhe go bhfuil ar chumas dó a bhfuil curtha fá n‐a chúram agam do choimheád fá chómhair an lae úd.


agus ó bhís id’ leanbh go raibh eolas agat ar na naoimh‐scrioptúiribh fhéadas thú do dhéanamh eolgach chum slánuighthe tré chreideamh i nÍosa Críost.


Fuaradar‐san uile bás san gcreideamh, gan a raibh geallta dhóibh d’fhágháil, acht do chonnacadar i bhfad uatha iad, agus d’fháiltigheadar rómpa, g‐á admháil go rabhadar ’n‐a gcoigríochachaibh agus ’n‐a n‐oilithribh ar an saoghal.


Acht, a cháirde ionmhaine, má tá féin go bhfuilim ag labhairt ar an gcuma so, is deimhin linn gur fearr ’ná sin atá na neithe agaibh‐se, neithe atá ag teacht leis an slánughadh:


Ó thárla bhur n‐anmanna bheith glanta ag umhlú do’n fhírinne dhaoibh, chum fíor‐ghrádh na mbráthar do chothú, tabhraidh grádh ó chroidhe go dúthrachtach d’á chéile:


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí