Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




2 Tiomóid 1:16 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Go dtugaidh an Tighearna trócaire do theaghlach Onésiforuis; óir is minic thug sé sólás croidhe dhom, agus níor nár leis mo shlabhradh;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

16 Go ndéana Dia trócaire ar theaghlach Onésiforus, mar ba mhinic a fuair mé faoiseamh uaidh; níor náire leis na geimhle seo orm,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Go dtuguidh Tighearna na trócaire do thigh Onesiphoruis; óir tug sé fúaradh go minic dhamhsa, agus níor ghabh adhnaire é f shlábhradh:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

16 Go ndéana an Tiarna trócaire ar theaghlach Onaesafóras, mar is minic a chuir sé misneach ionam, agus in ionad aon náire a bheith air faoi mé a bheith i bpríosún,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

16 Go ndéana an Tiarna trócaire ar theaghlach Onaesaforas, mar is minic a chuir sé misneach ionam, agus in ionad aon náire a bheith air faoi mé bheith i bpríosún,

Féach an chaibidil Cóip




2 Tiomóid 1:16
27 Tagairtí Cros  

Ar an gcuma chéadna, an duine fuair an dá thallainn, do ghnóthuigh seisean dhá thallainn eile.


Is aoibhinn do lucht na trócaire, mar do‐gheobhaidsean trócaire.


Annsin do dhruid an t‐árdchaiptín i n‐aice leis, agus rug sé air, agus d’órduigh sé a cheangail le dhá shlabhradh; agus d’fhiafruigh sé cia arbh é, agus créad do bhí déanta aige.


Ar an adhbhar sin thugas cuireadh dhaoibh go bhfeicfeadh sibh mé agus go labharfainn‐se libh: óir is ar son dóchais Israel atáim ceangailte leis an slabhradh so.


Óir thugadar suaimhneas spioraid damh‐sa agus daoibh‐se: bíodh meas agaibh ar a leithéidibh‐sean d’á bhrigh sin.


go bhfuilim im’ thaidhleoir fá chuibhreachaibh ar a shon: chum go labharfad ’n‐a thaobh gan scáth, mar ba cheart dom labhairt.


Is ar an adhbhar sin atáim ag fulang na neithe seo: acht ní fhuil aon náire orm; óir atá a fhios agam cia ann ar chreideas, agus atáim cinnte dhe go bhfuil ar chumas dó a bhfuil curtha fá n‐a chúram agam do choimheád fá chómhair an lae úd.


acht ar mbeith san Róimh dhó do chuaidh sé go dícheallach ar mo lorg, agus fuair sé me.


(Go dtugaidh an Tighearna dhó trócaire d’fhágháil ó’n Tighearna san ló úd): agus is maith atá a fhios agat féin méid na seirbhís do rinne sé dhom i nEiféis.


D’á bhrigh sin ná bíodh aon náire ort fá fhiadhnaise do thabhairt ar son an Tighearna, ná fúm‐sa, príosúnach ar a shon: acht fulaing cruadhtan mar aon liom‐sa ar son an tsoiscéil do réir cumhachta Dé;


Beannuigh do Phriscus agus d’Acuila, agus do líon tighe Onésiforuis.


Mar sin, a bhráthair, cuir fá’n gcomaoin seo mé san Tighearna: tabhair suaimhneas dom i gCríost.


Óir ba mhór an t‐adhbhar áthais agus sóláis dom do ghrádh‐sa a bhráthair, toisc gur tógadh croidheacha na naomh tríot.


Óir thug sibh truagh do na daoinibh do bhí i ngeimhleachaibh, agus do ghlac sibh go fonnmhar le creachadh bhur maoine, agus a fhios agaibh go bhfuil maoin is fearr ’ná sin ionnaibh féin, maoin shíorbhuan.


óir ní fhuil Dia éagcórach go ndéanfadh sé dearmad ar bhur saothar agus ar an ngrádh do thaisbeáin sibh d’á ainm, mar rinne sibh friotháileamh ar na naomhaibh, agus mar ghníonn sibh fós.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí