Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Tiomóid 1:12 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Is ar an adhbhar sin atáim ag fulang na neithe seo: acht ní fhuil aon náire orm; óir atá a fhios agam cia ann ar chreideas, agus atáim cinnte dhe go bhfuil ar chumas dó a bhfuil curtha fá n‐a chúram agam do choimheád fá chómhair an lae úd.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

12 agus sin is cúis leis na pianta seo atá á bhfulaingt agam. Ach ní náire liom sin, ós aithnid dom an té ar chreid mé ann, agus ó tá mé cinnte gur féidir leis ar taobhaíodh liom a chaomhnú go dtí an Lá úd.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 An tadhbhar fá a bhfuilim ag fulang na neitheannsa: gidheadh ní bhfuil adhnáire oram: oír atá a fhios agum cía dhár chreid mé, agus as deimhin leam gur féidir leis an ní dfág mé táobh ris do choimhéud fa chómhair an láoi úd.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

12 Sin é an fáth a bhfuil na nithe seo le fulaingt agam; ach ní náir liom iad mar go bhfuil a fhios agam cé air a bhfuil mo sheasamh: agus táim cinnte de go bhfuil ar a chumas an taisce a dʼfhág sé faoi mo chúram a ghardáil go dtí an lá úd.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

12 Sin é an fáth a bhfuil na nithe seo le fulaingt agam; ach ní náir liom iad mar go bhfuil a fhios agam cé air a bhfuil mo sheasamh: agus táim cinnte de go bhfuil ar a chumas an taisce a d'fhág sé faoi mo chúram a ghardáil go dtí an lá úd.

Féach an chaibidil Cóip




2 Tiomóid 1:12
58 Tagairtí Cros  

Agus is as a ainm‐sean bhéas muinighín ag na Geintibh.


Acht i dtaobh an lae sin, agus i dtaobh na h‐uaire sin, ní fhuil a fhios ag aon duine, fiú amháin ag na h‐ainglibh ar neamh, ná ag an Mac, acht ag an Athair amháin.


Is iomdha duine adéarfas liom an lá sin, A Thighearna, a Thighearna, nach id’ ainm‐se dorinneamar fáidheadóireacht, agus nach id’ ainm‐se do chaitheamar amach na deamhain, agus nach id’ ainm‐se do‐rinneamar mórán míorbhail?


Adeirim‐se libh gur sócamhlaighe do Shodom, an lá sin, ’ná do’n chathair sin.


Agus do ghlaodh Íosa de ghuth árd, agus adubhairt, A Athair, do‐bheirim m’anam i leith do lámh‐sa; agus ag rádh na bhfocal sin dó, do scar a anam leis.


Ní iarraim ort iad d’aistriú as an saoghal, acht iad do chosaint ar an olc.


Ní féidir le h‐aon duine teacht chugam‐sa, muna dtarraingidh an t‐Athair do chuir uaidh mé, é: agus tógfad‐sa suas é an lá deiridh.


Agus do labhair Pól agus Barnabas go dána, agus adubhradar, Is libh‐se ba dhual dhúinn briathar Dé do labhairt ar dtús. Acht ó’s ag diúltadh dhó atá sibh, agus nach fiú libh, de réir bhúr mbreithe féin, an bheatha shíorraidhe d’fhágháil, féach, atáimíd ag iompodh chum na nGeinte.


Acht do spreag na h‐Iúdaigh na mná onóracha diadha, agus uaisle na cathrach, agus do ghríosadar géirleanamhain i n‐aghaidh Phóil agus Bharnabais, agus ruaigeadar as a ndúthaigh amach iad.


Annsin d’fhreagair Pól, Cad chuige dhaoibh bheith ag gol agus ag briseadh mo chroidhe? óir atáim‐se ullamh, ní h‐é amháin chum bheith ceangailte, acht fós chum báis d’fulang i nIarúsalem ar son ainme an Tighearna Íosa.


Agus do ghabhadar de chlochaibh ar Stiofán, agus é ag guidhe, g‐á rádh, A Thighearna Íosa, glac chugat mo spioraid.


óir taisbeánfad‐sa dhó an mhéid mhór atá le fulang aige ar son m’ainme.


Óir, ní nár liom an soiscéal: mar is é cumhacht Dé é chum gach duine chreideas do shlánú; do’n lúdach ar dtús, agus do’n Ghréagach mar an gcéadna.


fá mar tá scríobhtha, Féach, cuirim i Síon ceap tuislidh agus carraig scannail, Agus cibé chreideas ann, ní náireochar é.


an té dhaingneochas sibh go deireadh, chum go mbéidh sibh gan locht i ló ár dTighearna Íosa Críost.


óir foillseochaidh an lá é, de bhrigh go ndéanfar soiléir é san teinidh; agus déanfaidh an teine féin a chruthú cia an cineál obair gach duine.


do réir mar tá súil agus dóchas mór agam nach gcurfar náire orm fá rud ar bith, acht anois, mar bhí ariamh, go nglóireochar Críost im’ cholainn le lán‐dearbhthacht, má’s lem’ bheathaidh, nó lem’ bhás é.


chum go bhfaighead eolas air, agus ar chumhacht a aiséirighthe, agus ar rannpháirteacht ’n‐ar fhulaing sé, dom’ chur i gcosamhlacht leis ’n‐a bhás;


an té chuirfeas malairt crotha ar chorp so ár h‐umhlaidheachta, chum go ndéanfar cosmhail é le n‐a chorp glórmhar féin, do réir an chumais atá aige chum gach uile nidh do thabhairt fá n‐a cheannas féin.


Go fírinneach measaim gur cailleamhain gach uile nidh ar aon eolais shár‐luachmhair Íosa Críost mo Thighearna: gur fhulaingeas díth gach uile nidh ar a shon, agus ní fhuil de mheas agam ortha acht mar bhéadh agam ar aoileach, chum go ngnóthóchainn Críost,


’g‐ár gcosc ar labhairt leis na Cineadhachaibh chum iad do shlánú; ag méadú a bpeacaidhe de shíor; acht atá dhíbheirg tagtha go h‐iomlán ortha.


Acht, a bhráithre, ní fhuil sibh‐se san dorchacht, go dtiocfadh an lá úd oraibh mar thiocfadh gadaidhe.


A Thimóteuis, coimheád a bhfuil curtha mar chúram ort, ag seachaint baoth‐chainnte neamh‐dhiadha, agus contrárdhachta an nidh go dtugtar eolas go bréagach air:


Coimheád an taisce maith tugadh dhuit tríd an Spiorad Naomh chómhnuigheas ionnainn.


Go dtugaidh an Tighearna trócaire do theaghlach Onésiforuis; óir is minic thug sé sólás croidhe dhom, agus níor nár leis mo shlabhradh;


(Go dtugaidh an Tighearna dhó trócaire d’fhágháil ó’n Tighearna san ló úd): agus is maith atá a fhios agat féin méid na seirbhís do rinne sé dhom i nEiféis.


D’á bhrigh sin ná bíodh aon náire ort fá fhiadhnaise do thabhairt ar son an Tighearna, ná fúm‐sa, príosúnach ar a shon: acht fulaing cruadhtan mar aon liom‐sa ar son an tsoiscéil do réir cumhachta Dé;


go bhfuilim ag fulang ar a shon i gcuibhreachaibh amhail cuirptheoir, acht ní fhuil briathar Dé fá chuibhreachaibh.


ó’n am so amach is í coróin na fíréantachta atá i ndán dom, coróin bhéarfas an Tighearna, breitheamh fíréan, dom san ló úd, agus ní damh‐sa amháin, acht do na daoinibh go léir gur geal leo a theacht.


Is fíor an rádh é, agus ba mhian liom go gcuirfeá ’n‐a luighe ar na daoinibh é, go gcaithfidh an dream chreideas i nDia deagh‐oibreacha do chleachtadh. Is iad so na neithe atá fóghanta, tairbheach do na daoinibh:


ag féachaint chum Íosa, príomh‐ughdar agus críochnuightheoir ár gcreidimh; an té d’fhulaing an chroch, ar son an áthais do cuireadh roimhe, do chuir neamh‐shuim san náire, agus atá ’n‐a shuidhe ar dheis righ‐chathaoireach Dé.


Óir do réir mar fhulaing sé féin cathuighthe, is eadh is fearr fhéadann sé fóirithin ar na daoinibh go gcurtar cathuighthe ortha.


D’á bhrigh sin atá ar chumas dó na daoine thig chum Dé tríd do shlánú ar fad, de bhrigh go maireann sé beo i gcómhnaidhe chum eadarghuidhe do dhéanamh ar a son.


atá d’bhur gcumhdach le cumhacht Dé tré chreideamh fá chómhair slánuighthe atá ullamh le n‐a fhoillsiú ins an aimsir dheiridh.


acht má’s mar Chríostaidhe é, ná bíodh náire air; acht tabhradh sé glóir do Dhia as ucht an ainme seo.


D’á bhrigh sin, na daoine fhulaingeas do réir tola Dé, cuiridís a n‐anmanna fá chumhdach an Chruthuightheora dhílis, ag cleachtadh maitheasa.


Anois, do’n té go bhfuil ar chumas dó bhur gcongbháil slán ó thuisleadh, agus bhur gcur i láthair a ghlóire gan smál,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí