Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Tiomóid 1:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Ná bíodh aon náire ort, dá bhrí sin, fianaise a thabhairt ar ár dTiarna agus ná bíodh aon náire ort fúmsa atá i mo phríosúnach ar a shon. Ní hea, ach fulaingse cruatan liom ar son an dea-scéil as ucht an chumais atá faighte agat ó Dhia.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

8 Nára náireach leat é tú féin fianaise a thabhairt ar ár dTiarna, ná ormsa atá i mo phríosúnach aige, ach gabh do pháirt sna pianta atá le fulaingt ar son an tsoiscéil le cumhachtaí Dé,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 D’á bhrigh sin ná bíodh aon náire ort fá fhiadhnaise do thabhairt ar son an Tighearna, ná fúm‐sa, príosúnach ar a shon: acht fulaing cruadhtan mar aon liom‐sa ar son an tsoiscéil do réir cumhachta Dé;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Uime sin ná bíodh adhnáire ort fá fhíadhnuise ar Dtíghearna, ná am thimchiollsa priosúnach ar a shon: achd bíodh do chuid agad do bhuáidhirt an tsoisgéil do réir chúmhachd Dé;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

8 Ná bíodh aon náire ort, dá bhrí sin, fianaise a thabhairt ar ár dTiarna agus ná bíodh aon náire ort fúmsa atá i mo phríosúnach ar a shon. Ní hea, ach fulaing-se cruatan liom ar son an dea-scéil as ucht an chumais atá faighte agat ó Dhia.

Féach an chaibidil Cóip




2 Tiomóid 1:8
48 Tagairtí Cros  

Inseoidh mé d'fhorálacha i láthair ríthe; ní bheidh cotadh ar bith orm.


Tá a thriall amach as teorainn na spéire agus a iomchuairt thart chun na teorann eile, agus níl dul óna theas ag aon ní ar bith.


Éistigí liom, sibhse a bhfuil eolas an chirt agaibh, a phobal a mheabhraíonn mo dhlíthe in bhur gcroí. Ná bíodh eagla oraibh roimh mhasla daoine ná anbhuain de bharr a gcuid achasán.


chun teagasc agus tiomna a fháil.” Nach cinnte gur mar sin a labhróidh siad, mar níl breacadh lae i ndán dóibh.


Óir cibé ar nár leis mise agus mo bhriathra sa ghlúin adhaltrach pheacúil seo, is nár le Mac an Duine eisean mar an gcéanna nuair a thiocfaidh sé i nglóir a Athar in éineacht leis na haingil naofa.”


Óir cibé ar nár leis mise agus mo bhriathra, is nár le Mac an Duine eisean nuair a thiocfaidh sé ina ghlóir féin agus i nglóir an Athar agus na n‑aingeal naofa.


Déanann sibhse fianaise freisin, mar bhí sibh in éineacht liom ó thosach.


Agus an té a chonaic is aige atá fianaise tugtha air, agus is fíor í an fhianaise, agus tá a fhios aigesean gur fíor a ndeir sé, chun go gcreidfeadh sibhse chomh maith.


D'imigh siadsan leo ó láthair na sainidríne agus áthas orthu de chionn go mba fhiú le Dia iad tarcaisne a fhulaingt ar son ainm Íosa.


Óir ní náir liom an dea-scéal, mar is é cumhacht Dé é chun slánú a thabhairt do chách a chreideann ann, don Ghiúdach ar dtús agus don Ghréagach chomh maith,


Moladh leis an té úd atá in ann sibh a dhaingniú de réir an dea-scéil a chraobhscaoilimse, agus an fhorógra faoi Íosa Críost, an dea-scéal ina bhfoilsítear an rúndiamhair a bhí folaithe ar feadh na gcianta


Mar atá scríofa: “Ar do shonsa táimid dár mbású ar feadh an lae; táimid dár meas mar chaoirigh atá réidh lena gcoscairt.”


mar atá scríofa: “Feach, tá ceap tuisle agus carraig oilbhéime á leagan agam i Síón; ach an té a chreideann ann, ní bheidh díomá air.”


Tá an fhianaise ar Chríost dulta chomh daingean sin i bhfeidhm oraibh


le fógairt na fírinne agus le cumhacht Dé; bíonn an fhíréantacht ina harm cosanta agus ina harm ionsaithe againn;


Sin é an fáth a bhfuilimse, Pól, agus mé i mo ghéibheannach ag Críost Íosa mar gheall oraibhse, gintlithe -


Impím oraibh, dá bhrí sin, gan bheith domheanmnach mar gheall ar na trioblóidí atá ag cur ormsa ar bhur son, mar is údar glóire daoibh iad.


Táim ag impí oraibh, dá bhrí sin, agus mé i mo ghéibheannach ag an Tiarna, bhur saol a thabhairt go cuí de réir na gairme atá faighte agaibh


Is é a deirim libh, mar sin, in ainm an Tiarna, gan bhur saol a chaitheamh ar nós na bpágánach a mbíonn a n‑aird ar nithe baotha,


Is maith is ceart dom an aigne seo a bheith agam in bhur dtaobh go léir, de bhrí go bhfuil sibh i gcochall mo chroí agam agus a rá go bhfuil sibh go léir rannpháirteach sa ghrásta a bhronn Dia orm, cibé acu a bhím i gcuibhreacha nó ag cosaint agus ag daingniú an dea-scéil.


Níl uaim anois ach aithne a chur ar [Chríost] agus ar éifeacht a aiséirí, ar bheith páirteach leis ina phiolóidí agus bheith cosúil leis ina bhás


Táim in ann gach ní a dhéanamh le cabhair an té úd a thugann neart dom.


go gcuirfeadh a neart glórmhar ar bhur gcumas cur suas go foighneach le gach ní


Is cúis áthais domsa a bhfuil á fhulaingt anois agam ar bhur son. Cibé easnamh a bhí ar pheannaidí Chríost táimse a dhéanamh suas i mo cholainn féin ar mhaithe lena chorpsan, is é sin, ar mhaithe leis an Eaglais.


Dúramar libh cheana, fad a bhíomar in bhur measc, go raibh ciapadh i ndán dúinn; rud a tharla mar is eol daoibh.


a thug suas é féin in éiric orthu uile; sin í an fhianaise a tugadh ina mhithidí féin;


ach is anois beag a foilsíodh é trí thaibhsiú ar slánaitheora Críost Íosa. Chuir seisean an bás ar neamhní agus thug chun solais an bheatha agus an neamhbhásmhaireacht trí bhíthin an dea-scéil.


Sin é an fáth a bhfuil na nithe seo le fulaingt agam; ach ní náir liom iad mar go bhfuil a fhios agam cé air a bhfuil mo sheasamh: agus táim cinnte de go bhfuil ar a chumas an taisce a d'fhág sé faoi mo chúram a ghardáil go dtí an lá úd.


Go ndéana an Tiarna trócaire ar theaghlach Onaesaforas, mar is minic a chuir sé misneach ionam, agus in ionad aon náire a bheith air faoi mé bheith i bpríosún,


Cuir suas le do chion féin den chruatan mar a dhéanfadh saighdiúir dílis Chríost Íosa.


Cuimhnigh ar Íosa Críost a rugadh de shliocht Dháivi, agus a tógadh ó mhairbh de réir an dea-scéil a bhímse a fhógairt.


Is mar gheall ar an dea-scéal sin atáimse ag fulaingt anró agus mé fiú amháin i ngéibheann ar nós an choirpigh. Níl aon ghéibheann ar bhriathar Dé, áfach.


Sheas an Tiarna liom, áfach, agus thug an neart dom go bhfógróinn an teachtaireacht ina hiomláine agus go n‑éisteodh na gintlithe uile léi. Saoradh mé ó bhéal an leoin


Ach bíse stuama staidéartha i ngach ní; cuir suas leis an gcruatan, déan do ghnó mar shoiscéalaí, comhlíon do dhualgas.


Tá sibh anois do bhur gcumhdach tríd an gcreideamh ag Dia na bhfeart, le haghaidh an tslánaithe atá réidh lena fhoilsiú ag deireadh ré.


Agus chonaiceamar agus tugaimid fianaise gur sheol an tAthair uaidh a Mhac, Slánaitheoir an tsaoil.


An té sin ar féidir leis sibh a choimeád gan titim i bpeaca, agus sibh a chur gan smál i láthair a ghlóire faoi lúcháir,


thug seisean fianaise ar bhriathar Dé agus ar fhianaise Íosa Críost de réir mar a chonaic sé.


Mise Eoin bhur mbráthair atá páirteach libh in Íosa sa duainéis, sa ríocht agus san fhoighne. Bhí mé san oileán ar a dtugtar Patmos ar son briathar Dé a fhógairt agus fianaise Íosa.


Agus rug siad bua air trí fhuil an Uain, agus trí bhriathar a bhfianaise mar nár chás leo a n‑anam thar an mbás.


Agus chaith mé mé féin ag a chosa á adhradh. Ach ar sé liom: “Cuir uait! Is comhsheirbhíseach leatsa mé agus le do bhráithre a bhfuil fianaise Íosa acu. Déan Dia a adhradh. Óir is ionann spiorad na fáidheoireachta agus fianaise Íosa.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí