Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Corantaigh 1:10 - An Bíobla Naofa 1981

10 Eisean a thug saor ó bhéala an bháis sinn agus is é a thabharfaidh saor sinn feasta. Is air sin atá ár seasamh go dtabharfaidh sé slán sinn amach anseo

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

10 ba é a dʼfhuascail agus a fhuasclós sinn as an mbaol marfach sin; agus tá dóchas againn as go ndéanfaidh sé ár bhfuascailt arís.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 do shaor ó n‐a chómhmór sin de bhás sinn, agus shaorfas; go bhfuil ár muinighin as go saorfaidh sé fós sinn;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Noch do sháor sinn ó na chomhór sin do bhás, agus sháorus sinn: as a bhfuil ar ndóigh go sáorfuidhe sé sinn fós mar an gcéudna;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

10 Eisean a thug saor ó bhéala an bháis sinn agus is é a thabharfaidh saor sinn feasta. Is air sin atá ár seasamh go dtabharfaidh sé slán sinn amach anseo

Féach an chaibidil Cóip




2 Corantaigh 1:10
14 Tagairtí Cros  

Bíonn an Tiarna i ngar don lucht coscartha agus tarrthaíonn sé an dream atá do-mheanmnach.


“Éistigí liom, a theaghlach Iacóib, a iarmhair uile de theaghlach Iosrael! sibhse a bhí ar iompar agam ó saolaíodh sibh, a bhí mar chúram agam ó bhroinn na máthar i leith.


Sin é an fáth a raibh na Giúdaigh ag iarraidh mé a mharú, tar éis dóibh breith orm sa Teampall.


go dtiocfaidh mé slán ó dhíchreidmhigh Iúdáia agus go mbeidh na naoimh lánsásta le mo chabhair do Iarúsailéim;


Bhraitheamar gurbh í breith an bháis a bhí tugtha orainn, rud a mhúin dúinn gan bheith ag brath orainn féin ach ar an Dia a thógann na mairbh.


Is daoine anaithnide sinn a bhfuil aithne ag an saol mór orainn, bímid in ainm bheith i mbéal báis agus féach sinn go beo beathach; bímid in ainm bheith dár smachtú ach nílimid tugtha suas chun báis.


Mar is é fáth a bhfuilimid ag obair agus ag coimhlint, de bhrí go bhfuil ár ndóchas againn as Dia beo, an té atá ina shlánaitheoir ar chách uile agus go háirithe ar an muintir a bhfuil an creideamh acu.


Sheas an Tiarna liom, áfach, agus thug an neart dom go bhfógróinn an teachtaireacht ina hiomláine agus go n‑éisteodh na gintlithe uile léi. Saoradh mé ó bhéal an leoin


tá a fhios ag an Tiarna conas na fíréin a fhuascailt ó thriail ach na coirpigh a choinneáil á bpionósú go lá na breithe,


Lean Dáiví air: “An Tiarna a d'fhuascail mé ó lapaí an leoin agus na beithre, déanfaidh sé mé a fhuascailt ó láimh an Fhilistínigh seo.” Dúirt Sól le Dáiví: “Imigh, agus go raibh an Tiarna leat!”


Ansin thóg Samúéil cloch agus chuir ina seasamh í idir Mizpeá agus Iseana, agus thug sé Eibin Eizir (“Cloch na Cabhrach”) uirthi á rá: “Thug an Tiarna cabhair dúinn chomh fada leis seo!”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí