Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

2 Corantaigh 1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Pól, abstal Íosa Críost tré thoil Dé, agus Timótéus ár mbráthair, chum eaglaise Dé atá i gCoirinnt, mar aon leis na naomhaibh go léir atá i nAcháia ar fad:

2 Grása dhaoibh agus síothcháin ó Dhia ár nAthair agus ó’n Tighearna Íosa Críost.

3 Go mbeannuightear Dia agus Athair ár dTighearna Íosa Críost, Athair na dtrócaire agus Dia gach cómhfhortachta,

4 do‐bheir cómhfhortacht dúinn ’n‐ár n‐anró uile, chum go mbéidh ar chumas dúinn cómhfhortacht do thabhairt do na daoinibh go mbíonn buaidhirt ar bith ortha, tríd an gcómhfhortacht le n‐a bhfaighmíd féin cómhfhortacht ó Dhia.

5 Óir dá mhéid iad pianta Chríost ionnainn, is móide ár sólás tré Chríost, leis.

6 Agus má’s buaidhirt dúinn, is chum bhur gcómhfhortachta agus bhur slánuighthe é; nó má’s cómhfhorthacht dúinn, is chum bhur gcómhfhortachta é, ag oibriú ionnaibh, agus sibh go foighdeach ag fulang na bpianta céadna fhulaingmid‐ne:

7 agus is daingean an dóchas atá againn ’n‐bhur dtaobh, de chionn gur ab eol dúinn, fá mar tá sibh chómhpháirteach ins na piantaibh, go bhfaighidh sibh bhur gcuid féin de’n tsólás, leis.

8 Níorbh áil linn, a bhráithre, sibh bheith gan eolas i dtaobh an anró thárla dhúinn san Áise, go raibh trom‐ualach mór orainn do sháruigh orainn ar fad, i riocht gur bhaineamar dúil de’n bheathaidh féin:

9 go deimhin do bhí breath báis ionnainn féin, chum nach mbéadh muinighin againn asainn féin, acht as Dia aithbheodhas na mairbh:

10 do shaor ó n‐a chómhmór sin de bhás sinn, agus shaorfas; go bhfuil ár muinighin as go saorfaidh sé fós sinn;

11 agus sibh‐se ag cuidiú linn le h‐athchuinghe ar ár son; chum go dtiubhraidh a lán daoine buidheachas ’n‐ár dtaobh as ucht na tíodhlaice do bronnadh orainn ar impidhe móráin.

12 Óir is é fáth ár maoidhmheachais, fiadhnaise ár gcóinsiais, gur i naomhthacht agus i bhfíre i bhfiadhnaise Dé d’iomcharamar sinn féin san tsaoghal, ní h‐é i ngliocas colnaidhe, acht i ngrása Dé, ’n‐bhur dtaobh‐sa go mór.

13 Óir ní scríobhaimíd chugaibh acht an méid léighfeas sibh agus aithnigheas sibh gur fíor é, agus atá súil agam go n‐aithneochaidh sibh go deireadh é:

14 amhail mar chuir sibh a bheag nó a mhór d’aithne orainn, gur sinne adhbhar bhur maoidhmheachais, fá mar is sibh‐se adhbhar ár maoidhmheachais i ló ár dTighearna Íosa.

15 Agus leis an dóchas so ba mhian liom teacht chugaibh roimhe seo, chum go bhfaigheadh sibh breis áthais; agus imtheacht uaibh isteach san Maiceadóin,

16 agus teacht chugaibh arís ó’n Maiceadóin, agus go ndéanfadh sibh mo thíodhlacadh ar an mbealach dom chómh fada le h‐Iúdaea.

17 Nuair do bhíos ar an intinn sin, an rabhas corrach? nó an chómhairle ar a gcinnim, an do réir na colna chinnim uirthi, ar mhodh go mbeadh an ’seadh agus an ní h‐eadh im’ bhéal agam i n‐éinfheacht.

18 Acht, mar tá Dia fírinneach, ní raibh ár mbriathar daoibh‐se ’n‐á ’seadh agus ’n‐a ní h‐eadh i n‐éinfheacht.

19 Óir Íosa Críost, Mac Dé, do sheanmóireamar daoibh, is é sin mise agus Silbhánus agus Timótéus, níor ’seadh agus ní h‐eadh é, acht ní fhuil ann acht ’seadh i gcómhnaidhe.

20 Dá mhéid iad geallamhnacha Dé, is ann atá an ’seadh: agus d’á bhrigh sin is tríd adeirtear Amén, chum glóire Dé trínne.

21 Agus an té dhaingnigheas sinn i n‐éinfheacht libh‐se i gCríost, is é Dia é;

22 an té do chuir séala orainn, agus do chuir éirlis an Spioraid ’n‐ár gcroidheachaibh.

23 Agus éilighim Dia mar fhiadhnaidhe ar m’anam, gur ar mhaithe libh‐se nach dtainig mé arís go Coirinnt.

24 Ní h‐é go ndéanaimíd máighistreacht ar bhur gcreideamh, acht go bhfuilmíd ag cur le n‐bhur n‐áthas; óir is tré chreideamh sheasas sibh.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí