Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 53:12 - An Bíobla Naofa 1981

12 Is é sin an fáth a ndáilfidh mé na sluaite air agus roinnfidh sé an chreach leis na tréana, cionnas gur scaoil sé a anam leis an mbás agus gur áiríodh é ar líon na bpeacach, cé go raibh coireanna na sluaite ar iompar aige agus é ag déanamh eadrána ar son na bpeacach.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Uimesin bhéara misi cuid dhó a mórán, agus roinnfe sé an chreach ris an ccumhachdach; do bhrígh gur dhóirt sé amach a anam chum báis: agus gur hairmheadh a measc na cciontach é; agus gur iomchuir sé peacuidhe mhóráin, agus go ndéarna sé guidhe ar son na cciontach.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 53:12
38 Tagairtí Cros  

Cuirfidh mé naimhdeas idir tú agus an bhean, idir do shíolsa agus a síolsa. Brúfaidh sé do cheann agus brúfaidh tusa a sháil.”


Tá m'anam ag leá uaim, Agus greim ag laethanta péine orm.


Iarr orm agus tiomnóidh mé na ciníocha duit agus críocha na cruinne mar oidhreacht duit.


Leathann siad a gcraos i mo choinne mar leon amplach agus é ag búiríl.


‘Rachaidh mé sa tóir orthu, agus béarfaidh mé orthu,’ arsa an namhaid. ‘Déanfaidh mé an chreach a dháil; sásófar mo chroí léi. Tarraingeoidh mé mo chlaíomh, agus scriosfaidh mo dheaslámh iad.’


Agus bhí mise á rá liom féin: “Tá mo shaothar in aisce agam, tá mo neart caite agam gan éifeacht.” Ach bhí mo cheart le fáil agam i bhfochair mo Thiarna, agus mo chúiteamh i bhfochair mo Dhé.


Is amhlaidh a bheidh rath ar mo Ghiolla, gheobhaidh sé gradam agus céimíocht agus oirearcas thar cuimse.


is amhlaidh fós a bheidh alltacht ar an iomad ciníocha; fágfar ríthe ina mbalbháin os a chomhair. Óir feicfidh siad rud nach raibh insint scéil air agus breathnóidh siad rud nár chualathas a leithéid riamh:


Sinn uile, amhail caoirigh, bhíomar ar seachrán, gach aon ag dul a bhealach féin. Agus d'aifir an Tiarna airsean ár gcionta go léir.


Le barr éigin agus le breithiúnas tugadh ar shiúl é; cé atá buartha faoina chríoch? Sea! Teascadh é as tír na mbeo; as ucht ár gcoireanna a ciorraíodh é.


D'imigh sé uathu arís agus thosaigh ag guí den dara huair: “A Athair, mura féidir an cupa seo a ghabháil tharam gan mé á ól, do thoil go raibh déanta!”


Agus chéas siad beirt robálaithe mar aon leis, duine acu ar a dheis agus duine acu ar a chlé.


Agus comhlíonadh an scrioptúr a deir: “Cuireadh ar aon bhuíon leis na mallaitheoirí é.”


Óir deirim libh, an rud úd atá scríofa, ní foláir é a theacht chun críche ionamsa: ‘Cuireadh ar aon bhuíon leis na mallaitheoirí é.’ Go deimhin féin, tá mo chúrsaí uile ag druidim chun deiridh.”


scaoil sé saor é siúd a teilgeadh i bpríosún mar gheall ar an gcíréib agus ar an dúnmharú - an té a d'iarr siad - ach thug sé Íosa suas chun a dtola.


chun a súile a oscailt le go n‑iompóidís ón dorchadas chun an tsolais agus ó chumhacht Shátain chun Dé, ar shlí go bhfaighidís maithiúnas óna bpeacaí agus ionad i measc an phobail naomhaithe, trína gcreideamh ionamsa.’ ”


Nuair atá Dia dár saoradh, cé a dhéanfaidh ár ndaoradh? An é Críost a dhéanfaidh é, an té a fuair bás agus a tógadh ó mhairbh, atá fós ar dheis Dé agus atá ag idirghuí ar ár son?


Mar an té úd nárbh eol dó an peaca, rinne Dia peaca de ar mhaithe linne, d'fhonn go ndéanfaí dínne fíréantacht Dé ann.


Fiú amháin má tá mo chuid fola le doirteadh agam mar dheoch ofrála ar an íobairt a dhéanann sibh chun Dé le bhur gcreideamh, tá áthas orm faoi agus déanaim comhghairdeas libh uile.


Lom sé na tiarnais agus na húdaráis, chuir ar taispeáint iad os comhair an tsaoil agus d'ardaigh leis iad i gcaithréim na croise.


Thug seisean é féin suas ar ár son chun sinn a fhuascailt ó gach urchóid agus chun pobal ar leith a íonghlanadh dó féin, pobal a bheadh cíocrach chun dea-oibreacha.


Bímis ag féachaint romhainn amach ar Íosa, ar cheannródaí ár gcreidimh, a thabharfaidh chun foirfeachta é. Ar son an aoibhnis a bhí leagtha amach dó d'fhulaing sé céasadh na croise mar rinne sé neamhní den mhasla sin, agus tá sé ina shuí anois ar an taobh deas de ríchathaoir Dé.


Dá thoradh sin, is féidir leis na daoine a thagann chun Dé tríd a shlánú go hiomlán de bhrí go maireann sé de shíor chun idirghuí a dhéanamh ar a son.


Óir ní isteach i sanctóir lámhdhéanta nach raibh ann ach samhail den fhíorshanctóir a chuaigh Críost, ach isteach sna flaithis féin mar a bhfuil sé anois ag déanamh idirghuí ar ár son i láthair Dé.


Óir dá mb'amhlaidh a bhí an scéal, bheadh air páis a fhulaingt arís agus arís eile ó chruthú na cruinne amach. Ina ionad sin, is amhlaidh atá sé tar éis teacht ar an saol sa ré dheiridh seo an t‑aon uair amháin ar fad chun na peacaí a chur ar ceal trína íobairt féin.


Mar an gcéanna ofráladh Críost an t‑aon uair amháin ar fad le peacaí na ndaoine go léir a thógáil air féin; tiocfaidh sé arís, ní chun peacaí a chur ar ceal, ach chun na daoine atá ag tnúthán leis a shlánú.


A chlann liom, scríobhaim na nithe seo chugaibh le nach ndéana sibh aon pheaca; ach má dhéanann éinne peaca, tá abhcóide againn fara an Athair, Iosa Críost atá cóir.


Scríobhaim chugaibhse, a chlann liom, mar gur maitheadh daoibh bhur bpeacaí trína ainmsean.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí