Agus a deir Iósa ris, Atáid fúachaisighe ag na sionnchaibh, agus neid ag eanlaithibh a naiéir; achd ní bhfuil áit ag Mac an duine ann a gcúirfeadh sé a cheann.
Achd do chum mbeith a fhios agaibh go bhfuil cumhachda ag Mac an duine peacaigh do mhaitheamh ar an ttalamh, (a deir sé an tansin ré fear na pairilise,) Erigh, tógaidh do leabaigh, agus imthigh dod thigh.
Agus an tan ghéarleanfuid síad sibh sa ccathruighsi, teithidh go cathruigh eile: oir go dearbhtha a deirimsi ribh, Nach géubhtháoi timcheall chaithreach Israel, suil thiocfas Mac an duine.
Tháinic Mac an duine ag ithe agus ag ól, agus a deirid, Féuch an duine cráosach, agus pótaire fíona, cara na bpuibliocánach agus na bpeacthach. Gidheadh a tá an ghliocas ar na sáoradh ó na cloinn féin.
Oír mar do bhí Ionás a mbroinn an mhíl mhóir trí lá agus trí oidhche: is mar sin bhías Mac an duine gcriodhe na talmhan tri lá agus trí oidhche.
Agus air bhreagra dhósan a dubhairt sé ríu, An té chuireas an síol maith a sé Mac an duine é;
Agus ar dteachd Diósa go críochaibh Shesárea Philippí, do fhíafruidh sé dá dheisciobluibh, ag rádh, Créd a deir na dáoine, cía misi Mac an duine?
Oír tiocfuidh Mac an duine a nglóir a Athar féin maille lé na ainglibh; agus do bhéara sé an tráthsin dá gach neach do réir a ghniomhartha.
Achd a deirimsi ribh, go dtáinic Elías cheana, agus nach ar aithnigheadar é, achd go ndearnadar a dtoil féin ris. Is mar sin fhuiléongas Mac an duine mar an gcéadna úatha.
Agus ar ndéanamh comhnuighe ann sa Ghalilé dhóibh, a dubhairt Iósa ríu, Do bhéarthar Mac an duine a láimhaibh na ndáoine:
Agus a dubhairt Iósa riu, A deirimsi ribh go deimhin, An tráth shuidhfeas Mac an duine a gcaithír a ghlóire féin, go suidhfidh sibhse, do lean misi ann sa naithgheineamhuin mar an gcéadna ar dhá chaithir dhéag, ag breith breithe ar dhá threibh dhéag Israel.
Féuch, a támáoid ag dul súas go Hiarusaleim; agus do bhéarthar Mac an duine dúachdaránaibh na sagart agus do na scríobuighibh, agus béaruid síad breath bháis air.
Oír do réir mar thig téinnteach ó a náird shoir, agus do cíthear í go soithe a náird shoir, agus do cíthear í go soithe a náird shíar; mar sin bhías teachd Mhic an duine.
Ann sin do chífidhthear comhartha Mhic an duine ar neamh: agus ann sin caóifid treabha na talmhan uile, agus do chífid Mac an duine ag teachd a néullaibh neimhe maille ré cumhachdaibh agus ré glóir mhóir.
Agus ar a nadhbharsin bíthísi ullamh: oír is ann sa núair nach sáoilti thiocfas Mac an duine.
Agus an tráth thiocfas Mac an duine an a ghlóir féin agus na haingil náomhtha uile maille ris, ann sin suidhfidh sé ar chaithír a ghlóire féin:
A tá a fhios agaibh go bhfuil an chaísg tair éis dá lá, agus go dtiobharthar Mac an duine dá chrochadh.
Go deimhin a tá Mac an duine ag imtheachd do réir mar sgríobhthar air, achd is anáoibhinn don té lé mbraithtear Mac an duine! do budh maith dó nach béartháoi é.
Achd ionnas go mbeith a fhios agaibh go bhfuil cumhachda ag Mac an duine peacaigh do mhaith ar an dtalamh, (a deir sé ré fear na pairilisi,)
Agus do thionnsgain sé a dteagasg, gur ab éigin do Mhac an duine morán dfhulang, agus a dhíultadh ó na sinnsearuibh, agus ó úachdaránuibh na sagart, agus ó na sgríobuidhibh, agus a mharbhadh, agus éirghe a rís a gcionn trí lá.
Agus ag teachd dóibh a nuas on tslíabh, do áithin sé dhíobh gan na neithe do chonncadar dinnisin déin neách, no go neiséirgheadh Mac an duine ó mharbhuibh.
Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé ríu, Tig Elías go deimhin ar tús, agus aiséochaidh sé gach uile ní; agus mar a tá sgríobhtha a dtimcheall Mhic an duine, Go gcaithfeadh sé mórán dfulang, agus bheith fá neimhchion.
Oír do theagaisg sé a dheisciobail féin, agus a dubhairt sé ríu, Do bhéurthar Mac an duine a lámhuibh na ndáoine, agus cuirfid chum báis é; agus tar éis a mharbhadh, éiréochuidh sé an treas lá.
Oír féuch, a tamaóid ag dul súas go Híarusaléim; agus do bhéarthar Mac an duine dúachdaranuibh na sagart, agus do na sgríobuidhibh; agus béuruid breith bháis air, agus do bhéaruid do na Cineadhachuibh é:
Oír ní tháinic Mac an duine ionnas go ndéantuigh seirbhís dó, achd do dhéanamh seirbhísi, agus do thabhairt a anma féin mar éiric ar son mhórain.
Agus ann sin do chifid síad Mac an duine ag teachd ann sna néulluibh maille ré cumhachdaibh móra agus ré glóir.
A tá Mac an duine ag imtheachd go firinneach, mar a tásgríobhtha air: achd is anáoibhinn don fhear úd lé a mbraiththear Mac an duine! do bfearr do nfearsin nách beirthí e ríamh.
Achd do chum go mbeith a fhíos agaibh go bhfuil cumhachda ag Mac an duine, peacuidh do mhaitheamh ar an dtalamh, (a dubhairt sé ré fear na pairilisi,) A deirimsi riot, Eirigh, tóg do leabuidh, agus imthigh dod thigh.
Tháinic Mac an duine ag ithe agus ag ól; agus a deirthí, Feuch an duine cráosach, fioníobhaighe cara na bpuibliocán agus na bpeachthach!
Ag rádh, Gur ab éigin do Mhac an duine mórán dfulang, agus a dhinltadh ó na sinnsearnibh agus ó úachdaránnibh na sagart agus ó na sgriobuidgibh, agus bás dfulang, agus éirghe an tres lá.
Taisgidh na bríathrasa ann bhur gcluasaibh: óir tiofuidh chum chríche go dtiobharthar Mac an duine a lámhuibh na ndaóine.
Oir ambail dó bhí Iónas na chomhartha do mhuinntir Niníbhe, as mar sin bhiás Mac an duine mar an gcéudna don chineadhso.
Agus fós a deirim ribh, Gidh bé ar bith aidmheóchus misi a bhfiádhnuise na ndáoine, aidmheóchaidh Mac an duine mar an gcéadna eisean a bhfiadhnari aingeal Dé:
Agus gidh bé laibheóras focal a naghaidh Mhic an duine, maithfighthear dhó é: achd ní maithfighear don tí laibheóras blaisphéime a naghaidh an Spiorad Náoimh.
Agus a dubhairt sé ré na dheisciobluibh, Tiocfuidh a naimsir, an a mbia míangus oruibh áon do laéthibh Mhic an duine dfaicsin, agus ní fhaicfithí.
A deirim ribh go ndéana sé dioghaltas ar a son go lúath. Achd cheanna an tan thiocfas Mac an duine, an bhfuighe sé creideamh ar an dtalamh?
Agus ann sin do chifid Mac an duine ag teachd a néull maille lé cumhachda agus lé glóir mhóir.
Agus a dubhairt sé ris, Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, Go bhfaicfidhe ó so amach neamh osgailté, agus aingil Dé ag dul súas agus ag teachd a núas ar Mhac an duine.
Oír ní dheachuidh éainneach suás ar neamh, achd an té do thuirrling ó neamh, Mac an duine atá ar neamh.
Agus mar do árduigh Máoisi a nathair neimhe ar an bhfásach, as mar sin as éigean Mac an duine dárdughadh:
Déunaidh sáothar ní ar son an bhídh théid amugha, achd ar son an bhígh mhaireas chum na beatha síorruidhe, bhéuras Mac an duine dhíbh: óir as é so an té do chomharthaigh Día an Tathair.
Ar a nadhbharsin a dubhairt Iósa riú, Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, Muna nithí féoil Mhic an duine, agus muná nibhthí a fhuil, ní bhfuil beatha aguibh íonnuíbh féin.
Ar a nadhbharsin a dubhairt Iósa ríu, An tan thóigeubhtháoi súas Mac an duine, ann sin aithéontáoi gur misi atá ann, agus nach déunuim éinní uáim féin, achd gur mar do theaguisg an Tathair mé, labhruim na neithesi.
Agus do fhreaguir Iósa íad, ag rádh, Tháinig an úair, ionnus go bhfuigheadh Mac an duine glóir.
Do fhreaguir an pobal é, Do chúalamairne ón dligheadh go bhfanann Críosd go siorraidhe: agus cionnus a deir tusa, Gur ab éigean Mac an duine do thógbháil a nairde? Cía hé an Mac so an duine?
Uime sin, ar ndul amach dhó, a dubhairt Iósa, a nois atá Mac an duine ar na ghlórughadh, agus atá Día ar na ghlórughadh ann.
Agus a dubhairt sé, Féuch, do chím neamh osguilte, agus Mac an duine na sheasamh ar láimh dheis Dé.
Achd is móide do neartuigheadh Sául, agus do chláoi sé na Iúdaighe do áitrigh a Ndamascus, ag deimhniughadh gur bé so Críosd.
Agus tug áithne dhúinne seanmóir a dhéunamh don phobal, agus fíadhnuise do déunamh gur ab eision do hórduigheadh ó Dhía na bhreitheamh ar bhéodhaibh agus ar mharbhaibh.
Ar an adhbhar gur órduigh sé lá, an a mbéura sé breath chomhthrom ar a tsáoghal tres an bhfear úd do órduigh sé; agus mar dhearbhadh ar so do nuile dhuine, thóg sé súas ó mharbhuibh é.
Achd ní mar an gcoir, atá an tiodhlacadh. Oir má fúaradar mórán bás tré thuitim áonduine amháin, is romhó na sin do acfuinnigh grás Dé, agus an tiodhlacadh tré ghrás a náonduine Iósa Críosd, do mhórán.
Oír más do bhrígh áonchoire amháin do ghabh an bás rioghachd tré áonduine; is mó ná sin go mór do ghéubhá an mhuinntir ghlacas fáirsingi ghrása agus thabhartais na fireantachda rioghachd a mbeatha tré áon, eadhon Iósa Críosd.
Oír an ní nár bhéidir don dligheadh do dhéunamh, ar mbeith dhó anbhfann trés an bhfeól, ar gcur a Mhic féin do Dhía ag cosamhlachd cholla an pheacuigh, agus ar son peacaigh, do dhamnuighe sé an peacadh sa ccoluinn:
Oír an dream do réumhaithin sé, do réumhórduigh sé a mbeith comhchosmhuil díomhaigh a Mhic féin, a chor go mbeith seisean na chédghein éidir mhórán dearbhrathar.
Achd ar gcoimhlíonadh na haimsire, do chuir Día a Mhac féin úadh, do gineadh ó mhnáoi, agus do gineadh fáoi an réachd,
Achd do chuir sé é féin a neamshúim, ar ndul dó a riochd shearbhfoghantuighe, ar na dhéunamh cosmhail ré dáoinibh:
A gcorp a fhéola féin tré bhás, chum bhur ndéunta náomhtha glan agus neimhchiontach na fhíadhnuise féin:
An tan fhóillséochthar Críosd, ar mbéathainne, foillséochthar sibhse fós an tan sin a nglór má ráon ris.
Achd do rinne neach a nionad áirighe fíadhnuise, ag rádh; Créd é an duine, go mbeith coimhne agad air? nó mac an duine, go mbíadh dúil agad ann?
Uime sin ó atá fuil agus feóil ar na roinn ris an gcloinn, do ghabh seision mar an gcéudna a chuid díobh sin chuige; chum an tí agá bhfuil cúmhachd an bháis, éadhon an díabhal, dionnarbadh dhó tré bhás;
Oír ní bhfuil árdsagart aguinn ris nách féidir ar néugcruáis a mhóthughadh; achd air ar cuireadh cáthughadh sna huile neithibh a gcosamhlachd rinn, gan pheacadh.
Oir a sé a shamhuil sin dárdshagart dob iomchubhaidh dhúinne do bheith aguinn, noch atá náomhtha, neimhchiontach, gan cháidhe air bith, ar na sgaradh ré peacthachuibh, agus do rinneadh níos aírde ná na flaithis;
Achd ar bhforáileadh éin iodhbartha amháin ar son na bpeacadh, don tise, do shuigh sé ar deis Dé, go síorruidhe;
An tslighe núadh bhéo, noch do ullmhuigh sé dhúinn, trés an mbrat, as ionann sin ré a rádh, agus tré na fheóil féin;
Admhuighe bhur gcionta dhá chéile, agus déunuidh guidhe ar son a chéile, chum go leighéosfuidh sibh. Oir as mór an bhrígh atá a nurnuighe dhúthrachduigh a nfíréin.
Oír do bhábhair mar cháorchuibh seachráin; achd a nois do filleadh sibh go Háodhaire agus go Heasbóg bhur nanmann.
Oír do fhulaing Críosd fós éunuáir amháin ar son na bpeacadh, an firéun ar son na neimhfhiréun, ionnus go dtiubhradh sinne chum Dé, do bhásuigheadh é a dtáobh na colla, achd do béodhaigheadh é ris an Spioruid:
Agus atá a fhios aguibh gur ab uime do foillsigheadh eision chum ar bpeacuighne do chur ar gcúl; agus ní bhfuil peacadh ar bith annsan.
An tí do ní peacadh, as ón díabhal atá sé; óir atá an díabhal ag déunamh peacuigh ó thosach. As chuige so do foillsigheadh Mac Dé, ionnus go sgaóilfeadh sé oibreacha an díabhail.
An so do foillsigheadh grádh Dé dhúinne, eadhon gur chuir sé úadha a éinghin Mhic air a tsáoghal, chum go mairfeadh sinne thríd.
Achd atá a fhios aguinn go dtáinic Mac Dé, agus go dtúg sé tuigse dhúinn, ris an Día fhíre daithniughadh, agus atamuid sa Día fhíre sin, ann a Mhac Iósa Críosd. A sé so an fír-Dhía, agus an bheatha mharthannach.
Agus a meadhón na seachd gcoinnleóir sin neach bá cosmhuil ré Mac an duine, noch fá raibh éudach ráinic síos go a sháluibh, agus crios órrgha thairis a dtimchioll a chíoch.
Agus sgríobh chum aingil na heagluise atá a Dtiatíra; Ag so na neithe a deir Mac Dé, agá bhfuilid a shúile mar Iasair theineadh, agus a chosa cosmhuil ré fionnbhruiné;
Agus sgríobh chum aingil eagluise Laodicéa; Ag so na neithe a deir Amen, an fhíadhnuise dhíleas fhírinneach, tosach crúthuígheadh Dé;
Agus a dúbhairt neach do na seanóiribh riom, Ná guil: féuch, rug an Leomhan do threibh Iúda, Fréumh Dháibhí, buáidh air an leabhar dfosgladh, agus ar a sheachd séuluighibh go sgáoileadh.
Agus damhairc mé, agus féuch néull geal, agus neach na shuidhe air a néull cosmhuil ré Mac an duine, agá raibh coróin órrgha ar a cheann, agus corrán géur ann a láimh.
Agus deirim ribh, Go ttiocfuidh morán ó náird shoir agus ó náird shíar, agus suighfid a bhfochair Abhraham, agus Isaac, agus Iácob, sa rioghachd neamhdha.
A dubhairt an TIGHEARNA rém Thighearna sa, Suidh ar mo láimh dheis, no go gcuire mé do náimhde na sdol fád chosuibh?
A deir Iosa ris, A dubhairt tusa é: achd cheana a deirimsi ribh, Na dhiaigh so do chifidhe Mac an duine na shuidhe ar deas láimh chumhachd Dé, agus ag teachd a néullibh neimhe.
Agus do fhreagair Iósa, Is mé: agus do chífidhesí Mac an duine na shuidhe air deis chumhachd Dé, agus ag teachd lé néulluibh neimhe.
Agus a dubhairt sé ré Híosa, A Thighearna, cuimhnigh oransa an tan thiochas tú ad rioghachd féin.
Noch a dubhairt fós, A dháoine ón Ghalilé, créd fá seastháoi ag féachuin air neamh? an Tíosaso, atá ar na thogbháil úaibh air neamh, is amhluidh thiocfas sé mar do chunncabhair é ag imtheachd air neamh.
Uime sin bíodh a fhios go dearbhtha ag tigh Israél uile, go ndearnuidh Día Tighearna agus Críosd, do Níosasa do chrochabhairsi.
Achd do mharbhabhair Ughdar na beatha, noch do dhúisigh Día ó mharbhaibh; agá bhfuilmídne ar bhfíadhnuisibh.
Bíodh a fhios aguibhse uile, agus ag pobal Israél uile, gur tré ainm Iósa Críosd Nasárrdha, noch do chrochabhairse, noch do dhúisigh Día ó mharbhuibh, as trídsean sheasus an fearso slán an bhur bhfiadhnuísesi.
Do thóg Día ar naithreachne Iósa súas, noch do mharbhabhairse ar na chrochadh a gcrann.
Achd ar mbéith do Steaphán lán don Spíorad Náomh, agus ar bhféachain dó go gér ar neamh, do chunnairc sé glóir Dé, agus Iósa na sheasamh ar láimh dheis Dé,
An bhríathar noch do fhoillsigh sé do chloinn Israél, ag soisgéulughadh síothchána tré Iósa Críosd: noch atá na Thighearna ós cionn na nuile:
As dá shíol so do thóg Día súas do réir na geallamhna an Slánaightheóir, Iósa Diosrael:
A dtimcheall a Mhic Iósa Críosd ar Dtighearna, (do gineadh do shíol Dháibhi do réir na féola;
Do foillsigheadh na Mhac Dé a gcúmhachdaibh, do réir spioraid na náomhthachda, tré eiséirghe ó mharbhaibh:)
Ag ar díobh na haithre, agus ó a bhfuil Críosd do réir na feóla, atá na Dhía ós cionn na nuile, beannaighe go síorruidhe. Amén.
Oir is chuige so fuáir Críosd bás, agus do eiséirighe sé, agus do aithbheódhaidh se, chum bheith na Thighearna dhó ar bheodhaibh agus ar mharbhaibh.
Uime sin ná beiridh breith ar áoinní roimh a nam, nó go dtíg an Tighearna, noch fhoillseóchas neithe folaigheacha an dorchadais, agus nochdfus rún na gcroidheadh: agus ann sin do ghéubhaidh gach áon moladh ó Dhía.
Oír amhuil mar gheibhid na huile dhaóine bás a Nádhamh, as mar an gcéudna do dhéuntar íad uile daithbhéodhughadh a Gcríosd.
Máseadh is Dábhraham agus dá shíol tugadh na geallamhnacha. Ní abair sé, Agus do na síoltuibh, mar do bhíadh sé ag labhairt ar mhórán; achd mar do laibheóradh sé ar áon ag rádh, Agus dod shiolsa, agar ab é Críosd é.
Noch do oibrigh sé a Gcríosd, an tan do thóg sé súas ó mharbhuidh, agus do shuighidh sé é ar a dheis féin air neamh.
Ionnus go ndéantáoi a nois follas trés a neagluis éagna éugsamhuil Dé dúachdaránuibh agus do chúmhachduibh ar neamh,
Go teachd dúinn uilea náondhachd an chreidimh, agus eólais Mhic Dé, mar dhuine iomlán, agus do réir mhiosúir áoise iomláine Chríosd:
Achd as ar neamh atá ar gcoinbhearsáidne; an tionad as a bhfuil súil aguinn fós ré teachd an Tslánaighthéora, an Tíghearna Iósa Críosd:
Agus as eision ceann chuirp, na heagluisi: agar ab é an tosach é, an chéidgin ó mharbhuibh; chum airdcheannuis do bheith aige ós cionn na huile.
Agus atá sibhse ar bhur iomlíonadh annsan, noch as ceann do huile úachdaranachd agus do na huile chúmhachduibh:
Agus nach ccongmhann sé an Ceann, as a bhfághann an corp uile ar mbeith dhó gan uireasbhaidh dlíthuighe ré chéile, tré altuibh, agus tré choimhcheangaltuibh, fás tré fhás Dé.
Noch ar mbeith dho na dheallradh glóire, agus na iomháigh fhíre a phearsannsan, agus ag congmháil súas na nuile neitheann ré breithir a chúmhachd féin, ar nglanadh ar bpeacuighne dhó thríd féin, do shuigh sé ar láimh dheis na Mórghachda sna hárduibh;
Uime sin, a dhearbhráithre náomhtha, agá bhfuil bhur gcuid ranna don ghairm neamhdha, tuguidh dhá bhur náire Absdal agus Ardshagart ar nadmhála, eadhon Iósa Críosd.
Sa náit a ndeachuidh an céidreathuighe air ar soinne, eadhon Iósa, dá ndearnadh árdsagart síorruidhe do réir uird Mhelchísedec.
Oír ní dheachuidh Críosd a steach don naóimhiosdadh do rinneadh ré lámhuibh, noch bá heisiompláir do na hiosdadhuibh fírinneach; achd go flaitheamhnas féin, chum é féin do thaisbéunadh a nois a bhfíadhnuise Dé air ar soinne:
Ag féuchuinn ar Iósa ceannphort agus fear críochnuighe an chreidimh; noch ar son an tsóláis do cuireadh as a chomhair do fhúlaing céusadh na croithe, ag gcur na masla a neamhshuim, agus do shuigh ar deis árdchathaóire Dé.
As beannuighe an tí iomchras cathughadh: óir tar éis a fhaghála dearbhtha, do gheabhuidh sé coróin na beatha, noch do gheall an Tíghearna don druing ghrádhuigheas é.
Ag cúartughadh, créd í a nuáir nó a náimsir do fhoillséochadh Spiorad Chríosd noch do bhí ionntadh, ag déunamh réimhfíadhnuise air na neithibh do bhí a ndán do Chriósd fhulang, agus an ghlóir rómhor do leanfadh dhíobh.
An tí chum a bhfuil sibh ar dteachd, noch is cloch béo, do dhíultadh go deibhin ó dhaóinibh, achd atá toghtha mórluáidh, ag Día,
Uime sin atá sgríobhtha sa sgriobtuir, Féuch, cuirim a Síon priomhchloch an chuáinne, toghtha, mórluáidh: agus an tí chreideas innte ní bhfuighe sé náire.
Achd da siubhlam sa tsolas, amhuil atá seision sa tsolas, atá cumann aguinn ré chéíle, agus glanuidh fúil Iósa Críosd a Mhicsion sinn ó nuile pheacadh.
Agus a sí so an fhíadhnuise sin, go dtug Día an bheatha mharthannach dhúinne, agus is ann a Mhac atá an bheathasa.
Oír is iomdha mealltóir tháinic a steach sa dómhan, nach admhuigheann Iósa Críosd do theachd a gcoluinn. Gídh bé atá mar sin as mealltóir agus ainticríosd é.
Féuch, atá sé ag teachd maílle ré neulluibh; agus do chífidh gach uile shúil é, agus an dream féin do tholl é: agus cáoinfid na huile threabha na talmhan na fhíadhnuise. As amhluidh bhías, Amén.
An tí bheireas buáidh, biáidh sé ar na éudughadh déuduighibh gléigheala; agus ní sgriosfad a ainm choidhche as leabhar na beatha, achd aidmeócha mé a ainm a bhfíadhnuise Mathar, agus a bhfíadhnuise a ainglidhibh.
Do bhéur cead don tí bheireas buáidh suidhe maille riom um chatháoir riogha, amhuil fós rug mise buáidh, agus shuighim a bhfochair Mathair ann a chatháoir ríoghasan.
Uime sin do fhéuch mé, agus, féuch, a meadhón na cathaóireach, agus na gceithre mbeathach, agus a meadhón na seanóir, Uán na sheasamh amhuil tar éis a mharbhtha, ar a rabhadar seachd nadharca agus seachd súile, agár ab íad seachd Sbiorada Dé íad do cuireadh amach feadh na talmhan uile.
Oír do dhéuna an Túan atá a méadhón na catháoireach íadsan do bheathughadh, agus dhéunuidh a dtreórughadh go tiubruidibh uisge na beatha: agus glanfuidh Día a nuile dheór ó na súilibh.
Agus do chúala mé gúth mór ar neamh, ag rádh, A nois atá slánughadh, agus neart, agus ríoghachd ar Ndéine, agus cumhachda a Chríosdsan: óir do téilgeadh síos fear éilighthe ar ndearbhraithreach, noch do bhí dhá néiliughadh do ló agus doidhche a bhfíadhnuise ar Ndé.
Agus do bhí ainm sgríobhtha aige air a éudach agus air a shlíasaid, RI NA RIGHTHEADH, AGUS TIGHEARNA NA DTIGHEARNADH.
Agus giodh bé neach a déaraidh focal a naghaidh Mhic an duine, maithfidhthear dhó é: achd giodh bé neach laibhéoras a naghaidh an Spiorad Naóimh, ní maithfidhthear dhó é, ann sa tsáoghalso, ná ann sa tsáoghal a tá a teachd.
Oír mar atá beatha ag an Athair ann féin; is mar sin tug sé don Mhac fos beatha do bheith aige ann féin;
As mar na gcéudna fuáir Críosd a iodhbhairt éunuáir amháin chum peacuidh mhóráin do sgríos dó; agus búdh léir é an dara huáir gan pheacadh don druing atá ag fuireach ris chum slánuighthe.
Agus chum Iósa eidirmheadhontóir na tiomna nuáidhe, chum na fola do craitheadh, labhrus neithe as fear na é sin Abéil.