Matha 24:30 - An Bíobla Naofa 198130 Agus ansin feicfear comhartha Mhac an Duine sna flaithis, agus ansin beidh ciníocha uile an domhain ag déanamh mairgní agus feicfear Mac an Duine ag teacht ar scamaill na bhflaitheas le cumhacht agus iomad glóire. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)30 is ansin a nochtfaidh ar neamh comhartha Mhac an duine, agus beidh ciníocha na cruinne ag mairgneach, agus feicfidh siad Mac an duine ag teacht i néalta neimhe le cumhacht agus le mórghlóir; Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara30 Agus annsin tchífear cómhartha Mhic an Duine san spéir: agus annsin béidh mairgneach ó threabha an domhain go léir: agus tchífidh siad Mac an Duine ag teacht i néallta neimhe fá mhór-chumhacht agus fá ghradam. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)30 agus annsin do‐chífear cómhartha Mhic an Duine sa spéir: agus annsin caoidhfidh cinidheacha an domhain, agus do‐chífid Mac an Duine ag teacht ar scamallaibh neimhe le cumhacht agus le sárghlóir. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)30 Ann sin do chífidhthear comhartha Mhic an duine ar neamh: agus ann sin caóifid treabha na talmhan uile, agus do chífid Mac an duine ag teachd a néullaibh neimhe maille ré cumhachdaibh agus ré glóir mhóir. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)30 Agus ansan chífar cómhartha Mhic an Duine sa spéir; agus ansan caoifid treabha an domhain go léir, agus chífid siad Mac an Duine ag teacht i sgamallaibh neimhe le mór-chómhacht agus le gradam. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201230 Agus ansin feicfear comhartha Mhac an Duine sna flaithis, agus ansin beidh ciníocha uile an domhain ag déanamh mairgní agus feicfear Mac an Duine ag teacht ar scamaill na bhflaitheas le cumhacht agus iomad glóire. Féach an chaibidil |