Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 24:30 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

30 Agus ansan chífar cómhartha Mhic an Duine sa spéir; agus ansan caoifid treabha an domhain go léir, agus chífid siad Mac an Duine ag teacht i sgamallaibh neimhe le mór-chómhacht agus le gradam.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

30 is ansin a nochtfaidh ar neamh comhartha Mhac an duine, agus beidh ciníocha na cruinne ag mairgneach, agus feicfidh siad Mac an duine ag teacht i néalta neimhe le cumhacht agus le mórghlóir;

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

30 Agus annsin tchífear cómhartha Mhic an Duine san spéir: agus annsin béidh mairgneach ó threabha an domhain go léir: agus tchífidh siad Mac an Duine ag teacht i néallta neimhe fá mhór-chumhacht agus fá ghradam.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

30 agus annsin do‐chífear cómhartha Mhic an Duine sa spéir: agus annsin caoidhfidh cinidheacha an domhain, agus do‐chífid Mac an Duine ag teacht ar scamallaibh neimhe le cumhacht agus le sárghlóir.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

30 Ann sin do chífidhthear comhartha Mhic an duine ar neamh: agus ann sin caóifid treabha na talmhan uile, agus do chífid Mac an duine ag teachd a néullaibh neimhe maille ré cumhachdaibh agus ré glóir mhóir.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

30 Agus ansin feicfear comhartha Mhac an Duine sna flaithis, agus ansin beidh ciníocha uile an domhain ag déanamh mairgní agus feicfear Mac an Duine ag teacht ar scamaill na bhflaitheas le cumhacht agus iomad glóire.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

30 Agus ansin feicfear comhartha Mhac an Duine sna flaithis, agus ansin beidh ciníocha uile an domhain ag déanamh mairgní agus feicfear Mac an Duine ag teacht ar scamaill na bhflaitheas le cumhacht agus iomad glóire.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 24:30
17 Tagairtí Cros  

Agus do shuid sé ar chnoc Olibhet, agus tháinig a dheisgiobuil chuige a gan fhios, agus dubhradar: Innis dúinn cathain a thuitfid na neithe seo amach, agus cad a bheidh mar chómhartha ar do theacht-sa, agus ar dheire an tsaoghail.


Óir mar a bhí i laethibh Nóe iseadh bheidh teacht Mhic an Duine.


Agus ní raibh fhios acu go dtí go dtáinig an díle, agus gur rug sí chun siúbhail iad go léir; sin mar a bheidh teacht Mhic an Duine.


Ach ní lúgha adeirim-se libh-se, Chífidh sibh ’n-a dhiaidh so Mac an Duine ’n-a shuidhe ar deasláimh nirt Dé, agus ag teacht i néallaibh neimhe.


Agus ansan chífid siad Mac an Duine ag teacht ins na sgamalaibh, le mórán cómhacht’ agus glóire.


Innis dúinn, cathain a thiocfaidh na neithe seo? agus cad é an cómhartha a bheidh air, nuair a thosnóchaid na neithe seo go léir ar theacht chun cinn.


Agus an uair sin chífid siad Mac an Duine ag teacht i sgamal te mór-chómhacht agus le gradam.


Ach ó’n dtráth so amach beidh Mac an Duine ’n-a shuidhe ar deasláimh cómhachta Dé.


A fheara Ghaililiacha, cad ad áil libh i nbhúr seasamh ag féachaint suas chun neimhe? Íosa so atá tógta suas ar neamh uaibh, tiocfaidh sé ar an gcuma gcéadna, fé mar a chonacabhair ag dul suas ar neamh é.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí