Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Eoin 1:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 Mar go ndeachaigh mórán mealltóirí ar an saol amach, daoine nach n‑admhaíonn teacht Íosa Críost i gcolainn dhaonna. Sin é an mealltóir agus an tAinchríost.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

7 Óir is iomaí bréagaire a chuaigh amach sa domhan, daoine nach n-admhóidh teacht Íosa Críost i gcorp collaí; is bréagaire a leithéid agus is é an t-ainchríost é.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Óir atá a lán mealltóir imthighthe amach san tsaoghal, nach n‐admhuigheann Íosa Críost tháinig san gcolainn. Atá a leithéid seo ’n‐a mhealltóir agus ’n‐a ainchríost.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Oír is iomdha mealltóir tháinic a steach sa dómhan, nach admhuigheann Iósa Críosd do theachd a gcoluinn. Gídh bé atá mar sin as mealltóir agus ainticríosd é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

7 Mar go ndeachaigh mórán mealltóirí ar an saol amach, daoine nach n-admhaíonn teacht Íosa Críost i gcolainn dhaonna. Sin é an mealltóir agus an tAinchríost.

Féach an chaibidil Cóip




2 Eoin 1:7
8 Tagairtí Cros  

Agus rinneadh feoil den Bhriathar agus chónaigh sé inár measc, agus chonacamar-na a ghlóir, a ghlóir mar Aonghin ón Athair, lán de ghrásta agus d'fhírinne.


Agus gan aon agó, is mór í rúndiamhair ár gcreidimh: An té a thaispeáin é féin dúinn i gcolainn dhaonna, sheas an Spiorad a cheart dó, chonacthas é do na haingil, fógraíodh é do na ciníocha, chreid an saol mór ann agus tógadh in airde i nglóir é.


Scríobh mé an méid seo chugaibh faoi lucht bhur meallta.


An dragan mór, an nathair nimhe chianaosta, an té ar a dtugtar an Diabhal agus Sátan, an té a mheallann an saol go léir, teilgeadh chun na talún é, agus teilgeadh a aingil mar aon leis.


Meallann sé áitritheoirí an domhain leis na comharthaí a cheadaítear dó a dhéanamh os comhair an bheithígh, agus deir sé le háitritheoirí an domhain dealbh a dhéanamh don bheithíoch ar a raibh goin an chlaímh agus a mhair.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí