Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




2 Eoin 1:7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Óir atá a lán mealltóir imthighthe amach san tsaoghal, nach n‐admhuigheann Íosa Críost tháinig san gcolainn. Atá a leithéid seo ’n‐a mhealltóir agus ’n‐a ainchríost.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

7 Óir is iomaí bréagaire a chuaigh amach sa domhan, daoine nach n-admhóidh teacht Íosa Críost i gcorp collaí; is bréagaire a leithéid agus is é an t-ainchríost é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Oír is iomdha mealltóir tháinic a steach sa dómhan, nach admhuigheann Iósa Críosd do theachd a gcoluinn. Gídh bé atá mar sin as mealltóir agus ainticríosd é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

7 Mar go ndeachaigh mórán mealltóirí ar an saol amach, daoine nach n-admhaíonn teacht Íosa Críost i gcolainn dhaonna. Sin é an mealltóir agus an tAinchríost.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

7 Mar go ndeachaigh mórán mealltóirí ar an saol amach, daoine nach n‑admhaíonn teacht Íosa Críost i gcolainn dhaonna. Sin é an mealltóir agus an tAinchríost.

Féach an chaibidil Cóip




2 Eoin 1:7
8 Tagairtí Cros  

Agus do‐rinneadh colann de’n Bhriathar, agus do chómhnuigh sé ’n‐ár measc (agus do chonnacamar a ghlóir, amhail glóir Aon‐Mhic an Athar), lán de ghrás agus d’fhírinne.


Agus gan déidearbhadh ar bith, is doimhin í rúindiamhair na diadhachta; an Té do foillsigheadh san bhfeoil, do fíréanuigheadh san Spiorad, go bhfaca aingle é, do craobhscaoileadh i measc na gCineadhach, gur creideadh ann san tsaoghal, gur tógadh suas é san nglóir.


Do scríobhas an méid seo chugaibh i dtaobh na ndaoine do sheolfadh amudha sibh.


Agus do teilgeadh síos an dragún mór, an tsean‐nathair nimhe, ar a dtugtar an Diabhal agus Sátan, an té mheallas an saoghal ar fad; do teilgeadh síos é go dtalamh, agus do teilgeadh a aingle síos i n‐éinfheacht leis.


Agus meallann sé lucht áitreabha na talmhan leis na miorbhailtibh tugadh le déanamh dhó i bhfiadhnaise an ainmhidhe, g‐á rádh le lucht áitreabha na talmhan íomháigh do dhéanamh do’n ainmhidhe fuair an ghoin ó’n gclaidheamh, agus do mhair beo.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí