Matha 19:28 - An Bíobla Naofa 198128 Dúirt Íosa leo: “Deirim libh go fírinneach, san athghiniúint, nuair a bheidh Mac an Duine ina shuí i ríchathaoir a ghlóire, beidh sibhse a bhí do mo leanúint in bhur suí freisin i dhá ríchathaoir déag ag tabhairt breithe ar dhá threibh déag Iosrael. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)28 Arsa Íosa leo, “Deirim go fírinneach libh, sa saol úrnua, nuair a shuífidh Mac an duine ar chathaoir a ghlóire, beidh an dream agaibh a bhíodh do mo leanúint in bhur suí ar dhá chathaoir déag ag tabhairt breithiúnais ar dhá threibh déag Iosrael. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara28 Agus dubhairt Íosa leo: Amén adeirim libh, san aithgheineamhaint, nuair a shuidhfeas Mac an Duine ar chathaoir a ghlóire, sibh-se a lean mise, suidhfidh sibh ar dhá chathaoir dhéag ag tabhairt bhreitheamhnais ar dhá threibh dhéag Israéil. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)28 Agus dubhairt Íosa leo, Go fírinneach adeirim libh, nuair shuidhfeas Mac an Duine i gcathaoir a ghlóire, san aith‐gheineamhain, sibh‐se do lean mé, suidhfidh sibh ar dhá chathaoir déag, ag breith breithe ar dhá threibh déag Israel. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)28 Agus a dubhairt Iósa riu, A deirimsi ribh go deimhin, An tráth shuidhfeas Mac an duine a gcaithír a ghlóire féin, go suidhfidh sibhse, do lean misi ann sa naithgheineamhuin mar an gcéadna ar dhá chaithir dhéag, ag breith breithe ar dhá threibh dhéag Israel. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)28 Agus dubhairt Íosa leó: Go deimhin adeirim libh, sibh-se do lean mé, sa n-aithgheineamhaint, nuair a shuidhfidh Mac an Duine i gcathaoir a ghradaim, súidhfidh sibh ar dhá chathaoir déag ag tabhairt breithe ar dhá threibh déag Israéil. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201228 Dúirt Íosa leo: “Deirim libh go fírinneach, san athghiniúint, nuair a bheidh Mac an Duine ina shuí i rí-chathaoir a ghlóire, beidh sibh-se a bhí do mo leanúint in bhur suí freisin in dhá rí-chathaoir déag ag tabhairt breithe ar dhá threibh déag Iosrael. Féach an chaibidil |
Agus chonaic mé na ríchathaoireacha agus daoine ina suí iontu ar tugadh údarás breithiúnais dóibh; agus chonaic mé anamacha an dreama úd a dícheannadh ar son a bhfianaise ar Íosa agus ar son bhriathar Dé, nár shléacht don bheithíoch ná dá dhealbh, agus nár ghlac a mharc ar a n‑éadan ná ar a lámh. Tháinig an t‑anam iontu agus rialaigh siad míle bliain le Críost.