Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Matha 19:28 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

28 Agus dubhairt Íosa leo, Go fírinneach adeirim libh, nuair shuidhfeas Mac an Duine i gcathaoir a ghlóire, san aith‐gheineamhain, sibh‐se do lean mé, suidhfidh sibh ar dhá chathaoir déag, ag breith breithe ar dhá threibh déag Israel.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

28 Arsa Íosa leo, “Deirim go fírinneach libh, sa saol úrnua, nuair a shuífidh Mac an duine ar chathaoir a ghlóire, beidh an dream agaibh a bhíodh do mo leanúint in bhur suí ar dhá chathaoir déag ag tabhairt breithiúnais ar dhá threibh déag Iosrael.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

28 Agus dubhairt Íosa leo: Amén adeirim libh, san aithgheineamhaint, nuair a shuidhfeas Mac an Duine ar chathaoir a ghlóire, sibh-se a lean mise, suidhfidh sibh ar dhá chathaoir dhéag ag tabhairt bhreitheamhnais ar dhá threibh dhéag Israéil.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

28 Agus a dubhairt Iósa riu, A deirimsi ribh go deimhin, An tráth shuidhfeas Mac an duine a gcaithír a ghlóire féin, go suidhfidh sibhse, do lean misi ann sa naithgheineamhuin mar an gcéadna ar dhá chaithir dhéag, ag breith breithe ar dhá threibh dhéag Israel.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

28 Agus dubhairt Íosa leó: Go deimhin adeirim libh, sibh-se do lean mé, sa n-aithgheineamhaint, nuair a shuidhfidh Mac an Duine i gcathaoir a ghradaim, súidhfidh sibh ar dhá chathaoir déag ag tabhairt breithe ar dhá threibh déag Israéil.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

28 Dúirt Íosa leo: “Deirim libh go fírinneach, san athghiniúint, nuair a bheidh Mac an Duine ina shuí i rí-chathaoir a ghlóire, beidh sibh-se a bhí do mo leanúint in bhur suí freisin in dhá rí-chathaoir déag ag tabhairt breithe ar dhá threibh déag Iosrael.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 19:28
35 Tagairtí Cros  

Óir tiocfaidh Mac an Duine i nglóir a Athar mar aon le n‐a ainglibh; agus annsin chúiteochaidh sé gach aoinneach de réir a ghníomhartha.


D’fhreagair Peadar annsin, agus adubhairt sé, Féach, do thréigeamair‐ne gach uile nidh, agus do leanamar thusa; créad bhéas againn d’á bhárr?


Agus adubhairt sé léi, Créad atá uait? Adubhairt sise leis, Tabhair órdú go suidhfidh mo bheirt mhac so, duine aca ar do láimh dheis, agus duine aca ar do láimh chlé id’ ríoghacht.


Acht nuair thiocfas Mac an Duine ’n‐a ghlóir, agus na h‐aingil go léir i n‐éinfheacht leis, suidhfidh sé annsin i gcathaoir a ghlóire:


Acht loirgidh ar dtús ríoghacht Dé agus a fhíréantacht, agus do‐bhéarfar daoibh sa mbreis na neithe sin go léir.


Agus adubhairt Íosa leis, Atá uachaise ag na sionnachaibh, agus atá neada ag éanlaithibh na spéire; acht ní fhuil ag Mac an Duine áit ar a leagfadh sé a cheann.


Agus adubhradar‐san leis, Deonuigh dhúinn go suidhfimíd, duine againn ar do láimh dheis, agus duine againn ar do láimh chlé, id’ ghlóir.


an té gur dual do na flaitheasaibh a ghlacadh go dtí na trátha ’n‐a n‐aiseagfar gach éinnidh, mar do labhair Dia ’n‐a thaobh tré bhéal a fháidh naomhtha do bhí ann ó thosach an tsaoghail.


má sheasaimíd go dian, riaghlóchaimíd i n‐éinfheacht leis: má shéanaimíd é, séanfaidh seisean sinne, leis:


Acht do réir a gheallamhna, atáimíd ag súil le neamh úr‐nua agus le talamh úr‐nua, ar a ndéanfaidh fíréantacht cómhnaidhe.


Agus an ceathrar seanóir agus fiche atá ’n‐a suidhe ar a righ‐chathaoireachaibh os cómhair Dé, do thuiteadar ar a n‐aighthibh fútha,


Agus do nochtadh cómhartha mór san spéir; bean, agus an ghrian mar chlúdach uirthi, an ghealach fá n‐a cosaibh, agus coróin dá réalta déag ar a ceann;


Agus do chonnacas árd‐chathaoireacha; agus duine ’n‐a suidhe ionnta go dtugadh de chead dóibh breitheamhnas do thabhairt: agus do chonnacas anmanna na ndaoine do di‐cheannuigheadh ar son fiadhnaise Íosa, agus ar son briathair Dé, agus nach dtug adhradh do’n ainmhidhe, ná d’á íomháigh, agus nár ghlac chuca a marc ar chlár a n‐éadain, ná ar a láimh; agus thángadar ’n‐a mbeathaidh, agus do riaghluigheadar i bhfochair Íosa míle bliadhain.


Agus an té atá ’n‐a shuidhe san righ‐chathaoir, adubhairt sé, Féach, atáim ag déanamh an uile nidh as an nua. Agus adubhairt sé, Scríobh: óir is fírinneach, ionnraic na briathra so.


Agus i lár na sráide, ar gach taobh de’n abhainn, do bhí crann na beathadh, do‐bheireadh dhá thoradh déag, ag tabhairt a thortha uaidh uair san mí: agus d’fhóghain duilleabhar an chrainn chum na cinidheacha do leigheas.


Agus ní bhéidh aon oidhche ann arís; agus ní bhéidh gábhadh le solas lóchrainn, ná le solas na gréine; óir do‐bhéarfaidh an Tighearna Dia solas dóibh: agus béidh siad ag riaghlú go saoghal na saoghal.


An té bheireas buaidh, do‐bhéarfad de chead dó suidhe síos i n‐éinfheacht liom im’ righ‐chathaoir, fá mar rugas féin buaidh, agus do shuidheas síos i n‐éinfheacht lem’ Athair ’n‐a righ‐chathaoir‐sean.


Agus do bhí ceithre righ‐chathaoireacha agus fiche, agus ceathrar agus fiche seanóir ’n‐a suidhe ins na righ‐chathaoireachaibh, éadaighe geala umpa,


Agus do chualas méid na ndaoine ar ar cuireadh an séala, céad agus dá‐fhichid agus ceithre míle as gach treibh de chloinn Israel.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí