Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Matha 19 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus tharla, nuair do bhí na cómhráidhte sin críochnuighthe ag Íosa, gur imthigh sé ó’n nGaililé, agus go dtáinig sé isteach i gcríochaibh lúdaea ar an taobh thall de Iórnán;

2 agus do lean sluaighte móra é; agus do leigheas sé annsin iad.

3 Agus tháinig Fairisínigh chuige g‐á thriail, agus iad g‐á rádh, An dleaghthach do dhuine a bhean do chur uaidh ar adhbhar ar bith?

4 Agus d’fhreagair seisean, agus adubhairt, An é nár léigheabhar, an té do chruthuigh na daoine ó thús, gur chruthuigh sé fireann agus baineann iad, agus go ndubhairt sé,

5 Ar an adhbhar sin, fágfaidh fear a athair agus a mháthair, agus claoidhfidh sé le n‐a mhnaoi; agus béidh an bheirt ’n‐a n‐aon fheoil amháin?

6 Uime sin, ní beirt iad feasta, acht aon fheoil amháin. D’á bhrigh sin, an nidh do cheangail Dia, ná scaoileadh duine é.

7 Adubhradar‐san leis, Cad chuige, má’s eadh, ar órduigh Maois billéad scaramhna do thabhairt dí, agus a cur chum bealaigh?

8 Adubhairt seisean leo, Do cheaduigh Maois daoibh, mar gheall ar dhúire bhúr gcroidhe, bhúr mná do chur uaibh: acht ní mar sin do bhí an scéal ó thús.

9 Agus adeirim‐se libh, An té chuirfeas uaidh a bhean, acht amháin mar gheall ar striapachas, agus phósfas bean eile, go ndéanann sé adhaltranas: agus an té phósas an bhean do díbrigheadh, go ndéanann seisean adhaltranas.

10 Adubhairt na deisceabail leis, Má’s é sin an cás ag fear i dtaobh mhná, do b’fhearr gan póshadh.

11 Acht adubhairt seisean leo, Ní h‐é gach aon duine gur féidir leis na briathra so do ghlacadh, ach iad‐san amháin dár tugadh é.

12 Óir atá coillteáin ann do rugadh mar sin ó bhroinn a máthar: agus atá coillteáin ann gur choill daoine iad: agus atá coillteáin ann do choill iad féin ar son ríoghachta na bhflaitheas. An té gur féidir leis a ghlacadh, glacadh.

13 Annsin tugadh chuige leanbhaí beaga, chum go gcuirfeadh sé a lámha ortha, agus go nguidhfeadh sé ortha: agus do chuir na deisceabail cosc leo.

14 Acht adubhairt Íosa, Leigidh do na leanbhaibh beaga teacht chugam‐sa, agus ná cuiridh cosc leo: óir is le n‐a leithéidibh sin ríoghacht na bhflaitheas.

15 Agus do chuir sé a lámha ortha, agus d’imthigh sé ó’n áit sin.

16 Agus féach, tháinig duine chuige, agus adubhairt sé, A Mháighistir, créad é an gníomh maith do‐ghéanadsa, chum go saothróchad an bheatha shíorraidhe?

17 Agus adubhairt seisean leis, Cad chuige dhuit ceist do chur orm‐sa i dtaobh maitheasa? Ní maith aoinneach acht Aon amháin: acht má’s mian leat dul isteach sa mbeathaidh, coimhéad na h‐aitheanta.

18 Adubhairt seisean leis, Ciaca? Agus adubhairt Íosa leis, Na déan marbhadh, Ná déan adhaltrannas, Ná déan goid,

19 Ná tabhair fiadhnaise bhréige, Tabhair onóir dot’ athair agus dod’ mháthair, agus, Grádhuigh do chómharsa mar thú féin.

20 Adubhairt an t‐ógánach leis, Do chóimhlíonas iad sin go léir: créad eile atá d’uireasbhaidh orm?

21 Adubhairt Íosa leis, Má’s maith leat bheith gan locht, imthigh, díol a bhfuil agat, agus tabhair a luach do na bochtaibh, agus béidh maoin ar neamh agat: agus tar, lean mise.

22 Acht nuair do‐chuala an t‐ógánach na briathra sin, d’imthigh sé agus cumha air, óir ba dhuine é ag a raibh rachmas mór.

23 Agus adubhairt Íosa le n‐a dheisceablaibh, Go fírinneach adeirim libh, Is ar éigean a rachas duine saidhbhir isteach i ríoghacht na bhflaitheas.

24 Agus adeirim arís libh, Is fusa do chamall gabháil tré chró snáthaide, ná do dhuine saidhbhir dul isteach i ríoghacht na bhflaitheas.

25 Agus nuair do‐chuala na deisceabail sin, do ghabh iongnadh mór iad, agus adubhradar, Má’s eadh, Cia h‐é gur féidir a shlánú?

26 Agus ag féachaint d’Íosa ortha, adubhairt sé leo, Ní féidir do dhaoinibh é, acht is féidir le Dia an uile nidh.

27 D’fhreagair Peadar annsin, agus adubhairt sé, Féach, do thréigeamair‐ne gach uile nidh, agus do leanamar thusa; créad bhéas againn d’á bhárr?

28 Agus dubhairt Íosa leo, Go fírinneach adeirim libh, nuair shuidhfeas Mac an Duine i gcathaoir a ghlóire, san aith‐gheineamhain, sibh‐se do lean mé, suidhfidh sibh ar dhá chathaoir déag, ag breith breithe ar dhá threibh déag Israel.

29 Agus gach duine do thréig tighthe, nó dearbhráithre, nó deirbhsheathracha, nó clann, nó taltaí, ar son m’anma‐sa, gheobhaidh sé a gcéad oiread, agus béidh an bheatha shíorraidhe mar oighreacht aige.

30 Acht is iomdha duine d’á bhfuil ar tosach bhéas ar deireadh; agus d’á bhfuil ar deireadh bhéas ar tosach.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí