Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 19:16 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Agus féach, tháinig duine chuige, agus adubhairt sé, A Mháighistir, créad é an gníomh maith do‐ghéanadsa, chum go saothróchad an bheatha shíorraidhe?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

16 Agus bʼshiúd duine ag teacht aníos chuige, á rá, “A Oide mhaith, cad é an dea-ghníomh a chaithfeas mé a dhéanamh leis an mbeatha shíoraí a bheith agam?”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

16 Agus féach, tháinic duine chuige, agus dubhairt leis: A mháighistir mhaith, cad í an mhaith a dhéanfas mé chun go raibh beatha shíorraidhe agam?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Agus, féuch, a dubhairt neach áirighthe ag teachd chuige ris, A Mhaighisdir mhaith, créd í an mhaith do dhéana mé, do chum go bhfuighinn an bheatha mharthanach?

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

16 Agus féach, tháinig; duine chuige agus dubhairt sé: A Mhaighístir mhaith, cad í an mhaith a dhéanfad ionus go mbeadh agam beatha shíoruidhe?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

16 Tháinig an duine áirithe seo chuige agus dúirt leis: “A Mháistir, cad é an mhaith atá le déanamh agam chun go mbeidh an bheatha shíoraí agam?”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

16 Tháinig an duine áirithe seo chuige agus dúirt leis: “A Mháistir, cad é an mhaith atá le déanamh agam chun go mbeadh an bheatha shíoraí agam?”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 19:16
32 Tagairtí Cros  

Agus do chuir sé a lámha ortha, agus d’imthigh sé ó’n áit sin.


Agus ag féachaint d’Íosa ortha, adubhairt sé leo, Ní féidir do dhaoinibh é, acht is féidir le Dia an uile nidh.


Agus gach duine do thréig tighthe, nó dearbhráithre, nó deirbhsheathracha, nó clann, nó taltaí, ar son m’anma‐sa, gheobhaidh sé a gcéad oiread, agus béidh an bheatha shíorraidhe mar oighreacht aige.


Agus imtheochaidh siad‐so isteach i bpeannaid shíorraidhe: acht imtheochaidh na fíréin isteach sa mbeathaidh shíorraidhe.


agus do‐bheirim an bheatha shíorraidhe dhóibh; agus ní caillfear iad go deoidh, agus ní fhuadóchaidh aoinneach as mo láimh iad.


An té gur mór aige a anam cailleann sé é; agus an té gur beag air a anam sa tsaoghal so, coimhéadfaidh sé chum na beathadh síorraidhé é.


chum go mbéidh an bheatha shíorraidhe ag an uile dhuine chreideas ann.


acht an t‐uisce do‐bhéarfad‐sa dhó, béidh sé ’n‐a thobar uisce ann ag brúchtghail chum na beathadh síorraidhe.


Cuarduigheann sibh na scrioptúirí, óir measann sibh gur ab ionnta atá an bheatha shíorraidhe agaibh; agus is iad sin do‐bheir fiadhnaise im’ thaobh‐sa;


Go fírinneach adeirim libh, An té chreideas, atá an bheatha shíorraidhe aige.


D’fhreagair Síomón Peadar é, A Thighearna, cia chum a rachaimís? is agat‐sa atá briathra na beathadh síorraidhe.


agus é ar bhaill‐chrith, agus thug sé amach iad, agus adubhairt, A dhaoine uaisle, créad atá le déanamh agam chum go saorfaidhe mé?


an bheatha shíorraidhe do’n dream loirgeas glóir agus onóir agus do‐mharbhthacht, ag leanmhaint go foighdeach do dheagh‐ghníomharthaibh:


ar chuma, fá mar bhí réimeas an pheacaidh chum báis ann, gur ar an gcuma chéadna do bhéadh réimeas an ghrása tré fhíréantacht ann chum na beathadh síorraidhe tré Íosa Críost ár dTighearna.


Acht chuige sin is eadh fuaras trócaise, chum go nochtfadh Íosa Críost a fhad‐fhulang uile ionnam‐sa ar dtús, chum go mbéinn mar eisiompláir do’n dream do bhí le creideamhain ann, chum na beathadh síorraidhe.


Troid deagh‐chómhrac an chreidimh, beir greim ar an mbeathaidh shíorraidhe chum ar glaodhadh thú, agus go ndearnais admháil mhaith dhi i láthair a lán fiadhnaidhthe.


ag cnuasach ciste dhóibh féin bhéas mar bhun daingean aca i gcómhair an ama atá le teacht, chum go bhfaighidís greim ar an mbeathaidh fhírinnigh.


i ndóchas na beathadh síorraidhe, do gheall Dia, nach bhféadann bréag do dhéanamh, ins na h‐aoisibh i bhfad ó shoin;


ionnas, ar mbeith fíréanuighthe dhúinn tré n‐a ghrása, go ndéanfaidhe oidhrí dhínn do réir dóchais na beathadh síorraidhe.


i dtaobh Briathair na beathadh (is eadh, do foillsigheadh an bheatha, agus do chonnacamar í, agus atáimíd ag tabhairt fiadhnaise, agus atáimíd ag fógairt na beathadh dhaoibh, an bheatha mharthannach do bhí leis an Athair, agus do foillsigheadh dhúinne);


Agus is é rud atá geallta aige féin dúinn, an bheatha mharthannach.


Agus is eol dúinn go dtáinig Mac Dé, agus go dtug sé tuigsin dúinn chum an té atá fírinneach d’aithint, agus atáimíd‐ne san té atá firinneach, ’n‐a Mhac Íosa Críost.


agus congbhuighidh sibh féin i ngrádh Dé, ag súil le trócaire ár dTighearna Íosa Críost chum na beathadh marthannaighe.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí