Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 19:27 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

27 D’fhreagair Peadar annsin, agus adubhairt sé, Féach, do thréigeamair‐ne gach uile nidh, agus do leanamar thusa; créad bhéas againn d’á bhárr?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

27 Dúirt Peadar ansin á fhreagairt, “Féach orainne, a thréig gach uile ní agus a lean tusa. Cad é a bhéas againne mar sin?”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

27 Annsin dubhairt Peadar leis, ghá fhreagairt: Féach, d’fhágamar sinne gach nídh, agus leanamar thú: cad é bhéas againn dá bhárr?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

27 Ar bhfreagra do Pheadar an tráthsin, a dubhairt sé ris, Féuch, do thrégeamairna gach uile ní, agus do leanamar thusa; ar a nadhbharsin créd do gheabham?

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

27 Ansan d’fhreagair Peadar agus dubhairt sé: Féach, d’fhágamairne gach nídh, agus do leanamair tusa: Agus cad a bheidh d’á bhárr againn?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

27 Labhair Peadar ansin agus dúirt sé leis: “Sinne, féach, dʼfhágamar an uile ní agus leanamar thusa: cad a bheidh againn, más ea?”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

27 Labhair Peadar ansin agus dúirt sé leis: “Sinne, féach, d'fhágamar an uile ní agus leanamar thusa: cad a bheidh againn, más ea?”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 19:27
17 Tagairtí Cros  

Agus ag féachaint d’Íosa ortha, adubhairt sé leo, Ní féidir do dhaoinibh é, acht is féidir le Dia an uile nidh.


Agus dubhairt Íosa leo, Go fírinneach adeirim libh, nuair shuidhfeas Mac an Duine i gcathaoir a ghlóire, san aith‐gheineamhain, sibh‐se do lean mé, suidhfidh sibh ar dhá chathaoir déag, ag breith breithe ar dhá threibh déag Israel.


Agus nuair d’imthigh Íosa as an áit sin, do chonnaic sé fear, dárbh ainm Matha, ’n‐a shuidhe i n‐áit na cánach: agus adubhairt sé leis, Lean mise. Agus d’éirigh seisean, agus do lean sé é.


Agus adubhairt Peadar leis, Féach, do thréigeamar‐ne gach uile nidh, agus do leanamar thusa.


Agus ag gábháil thairis dó, do chonnaic sé Lébhi mac Alfaéuis ’n‐a shuidhe ag bórd an chustuim, agus adubhairt sé leis, Lean‐sa mise. Agus d’éirigh seisean agus do lean sé é.


Ar an gcuma chéadna, gach duine agaibh‐se nach ndiúltann do gach a bhfuil aige, ní féidir dhó bheith ’n‐a dheisceabal agam‐sa.


Acht d’fhreagair seisean agus adubhairt sé le n‐a athair, Féach, atáim‐se ag obair dhuit na bliadhanta fada so, agus níor sháruigheas t’órdú riamh: agus ’n‐a dhiaidh sin ní thugais oiread agus meannán dom chum go ndéanfainn súbhachas lem’ cháirdibh:


Agus adubhairt Peadar, Féach, d’fhágamair‐ne ár mbailte féin, agus do leanamar thusa.


Agus tar a éis dóibh a mbáid do thabhairt chum tíre, d’fhágadar gach uile nidh ’n‐a ndiaidh, agus do leanadar é.


chum nach ndéanfadh feoil ar bith maoidhmheachas i bhfiadhnaise Dé.


Óir cia rinne duine ar leith dhíot‐sa? agus créad atá agat nach bhfuarais? agus má fuarais féin é, cad chuige dhuit bheith ag maoidheamh, amhail agus nach bhfuarais é?


Go fírinneach measaim gur cailleamhain gach uile nidh ar aon eolais shár‐luachmhair Íosa Críost mo Thighearna: gur fhulaingeas díth gach uile nidh ar a shon, agus ní fhuil de mheas agam ortha acht mar bhéadh agam ar aoileach, chum go ngnóthóchainn Críost,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí