Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 19:11 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Acht adubhairt seisean leo, Ní h‐é gach aon duine gur féidir leis na briathra so do ghlacadh, ach iad‐san amháin dár tugadh é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

11 Ach dúirt sé leo, “Ní féidir leis na fir uile glacadh leis an gcomhairle seo, ach amháin an méid a mbronntar orthu é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

11 Agus dubhairt seisean leo: Ní glacann gach aoinneach an briathar seo, acht an méid ar tugadh dóibh é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Achd a dubhairt seisean ríu, Ní hé gach áonduine ghabhus an glórsa, achd an dream dár tugadh é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

11 Agus dubhairt sé leó: Ní h-é gach aoinne a ghlacann an chaint sin, ach an mhuíntir gur tugadh san dóibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

11 Dúirt sé leo: “Ní hé gach aon duine a ghabhann an chaint sin chuige, ach an mhuintir dá bhfuil sé tugtha.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

11 Dúirt sé leo: “Ní hé gach aon duine a ghabhann an chaint sin chuige, ach an mhuintir dá bhfuil sé tugtha.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 19:11
7 Tagairtí Cros  

Agus d’fhreagair sé, agus adubhairt, Tugadh dhaoibh‐se eolas ar rúin‐diamhair ríoghachta na bhflaitheas, acht ní tugadh dhóibh‐siúd é.


Adubhairt na deisceabail leis, Má’s é sin an cás ag fear i dtaobh mhná, do b’fhearr gan póshadh.


Óir atá coillteáin ann do rugadh mar sin ó bhroinn a máthar: agus atá coillteáin ann gur choill daoine iad: agus atá coillteáin ann do choill iad féin ar son ríoghachta na bhflaitheas. An té gur féidir leis a ghlacadh, glacadh.


Acht siubhaladh gach aoinneach do réir mar roinn Dia leis, de réir na garma fuair sé ó Dhia. Agus is mar sin órduighim‐se ins na h‐eaglaisibh uile.


Acht chum striapachas do sheachaint, bíodh a bhean féin ag gach fear, agus bíodh a fear féin ag gach mnaoi.


Is ar mhaithe libh féin adeirim an méid seo; ní h‐é go mba mhian liom ceangal do chur oraibh, acht chum ionnracais, agus chum go gceangalfadh sibh do’n Tighearna gan seachmall.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí