Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 19:21 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

21 Adubhairt Íosa leis, Má’s maith leat bheith gan locht, imthigh, díol a bhfuil agat, agus tabhair a luach do na bochtaibh, agus béidh maoin ar neamh agat: agus tar, lean mise.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

21 Dúirt Íosa leis, “Más mian leat bheith go foirfe, imigh, díol a bhfuil agat agus tabhair do na boicht é, agus beidh stór agat ar neamh, agus tar, agus lean mise.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

21 Dubhairt Íosa leis: Má’s áil leat a bheith foirbhthe, imthigh, díol a bhfuil agat agus tabhair do na bochta é; agus béidh stór ar neamh agat: agus tar, lean mise.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

21 A dubhairt Iósa ris, Mas áill leachd bheith diongmhala, imthigh reac a bhfuil agad, agus tabhair do na bochduibh é, agus do gheabha tu ionnmhas ar neamh, agus tarr, lean misi.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

21 Dubhairt Íosa leis: Má’s maith leat bheith beacht, imthigh agus díol amach a bhfuil agat, agus tabhair dos na bochtaibh, agus beidh stór ar neamh agat; agus tar agus lean mise.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

21 “Más áil leat a bheith foirfe,” arsa Íosa leis, “imigh leat, díol amach a bhfuil agat agus tabhair do na boicht é agus beidh stór agat ar Neamh: tar ansin agus lean mise.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

21 “Más áil leat bheith foirfe,” arsa Íosa leis, “imigh leat, díol amach a bhfuil agat agus tabhair do na boicht é agus beidh stór agat ar neamh: tar ansin agus lean mise.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 19:21
31 Tagairtí Cros  

Annsin adubhairt Íosa le n‐a dheisceablaibh, Má’s mian le h‐aoinneach teacht im’ dhiaidh‐se, diúltadh sé dhó féin, agus tógadh sé a chros, agus leanadh sé mise.


Adubhairt an t‐ógánach leis, Do chóimhlíonas iad sin go léir: créad eile atá d’uireasbhaidh orm?


Acht nuair do‐chuala an t‐ógánach na briathra sin, d’imthigh sé agus cumha air, óir ba dhuine é ag a raibh rachmas mór.


Agus dubhairt Íosa leo, Go fírinneach adeirim libh, nuair shuidhfeas Mac an Duine i gcathaoir a ghlóire, san aith‐gheineamhain, sibh‐se do lean mé, suidhfidh sibh ar dhá chathaoir déag, ag breith breithe ar dhá threibh déag Israel.


Agus adubhairt sé leo, Leanaidh mise agus do‐ghéanad‐sa iascairí ar dhaoinibh dhíbh,


Caithfidh sibh, d’á bhrigh sin, bheith gan locht, fá mar atá bhúr nAthair neamhdha gan locht.


Acht adubhairt Íosa leis, Lean mise; agus leig do na marbhaibh a mairbh féin d’adhlacadh.


Agus nuair d’imthigh Íosa as an áit sin, do chonnaic sé fear, dárbh ainm Matha, ’n‐a shuidhe i n‐áit na cánach: agus adubhairt sé leis, Lean mise. Agus d’éirigh seisean, agus do lean sé é.


Agus iar bhféachain d’Íosa air, thug sé grádh dhó, agus adubhairt sé leis, Atá aon nidh amháin i n‐easnamh ort: imthigh, díol a bhfuil agat, agus tabhair a luach do na bochtaibh, agus do‐gheobhair saidhbhreas ar neamh; agus tar agus lean mise.


Agus ag gábháil thairis dó, do chonnaic sé Lébhi mac Alfaéuis ’n‐a shuidhe ag bórd an chustuim, agus adubhairt sé leis, Lean‐sa mise. Agus d’éirigh seisean agus do lean sé é.


Agus do ghlaodh sé chuige an sluagh agus a dheisceabail, agus adubhairt sé leo, Má’s áil le h‐aoinneach mise do leanamhain, diúltadh sé dhó féin, agus tógadh sé a chros, agus leanadh sé mé.


Díolaidh a bhfuil agaibh, agus tabhraidh déirc; déanaidh dhaoibh féin sparáin nach gcaithfear le h‐aois, stór ins na flaitheasaibh nach n‐ídeochar, san áit nach ndruideann gadaidhe i n‐aice leis, agus nach milleann an leamhan ann.


Ar an gcuma chéadna, gach duine agaibh‐se nach ndiúltann do gach a bhfuil aige, ní féidir dhó bheith ’n‐a dheisceabal agam‐sa.


Agus adeirim libh, Déanaidh cáirde dhaoibh féin le saidhbhreas na mí‐chneastachta; i dtreo, nuair bhéas easbaidh oraibh, go nglacfaidís isteach ins na puiblibh síorraidhe sibh.


Agus nuair do‐chuala Íosa é sin, adubhairt sé leis, Atá aon nidh amháin i n‐easnamh ort fós: díol a bhfuil agat, agus tabhair do na bochtaibh é, agus béidh ionnmhas ar neamh agat: agus tar, lean mise.


Agus tar a éis sin d’imthigh sé amach, agus chonnaic sé poibleacán, darbh ainm Lébhí, n‐a shuidhe ag bórd na cíos‐chánach agus adubhairt sé leis, Lean‐sa mise.


Ní fhuil an deisceabal os cionn a mháighistir: acht an té atá diongbhálta béidh sé mar a mháighistir.


Agus adubhairt sé leo uile, Má’s áil le h‐aoinneach mise do leanmhain, diúltadh sé dhó féin, agus tógadh sé a chros gach lá, agus leanadh sé mé.


Éisteann mo chaoirigh‐se lem’ ghlóir, agus aithnighim‐se iad, agus leanann siad mé:


Má ghníonn aoinneach seirbhís damh‐sa, leanadh sé mé; agus an áit ’n‐a mhbím‐se, béidh mo sheirbhíseach ann, chómh maith: má ghníonn duine ar bith seirbhís damh‐sa, do‐bhéarfaidh m’Athair onóir dhó.


agus do dhíolaidís a sealbhachas agus a maoin, agus do roinnidís ar chách iad, de réir a riachtanais.


Óir thug sibh truagh do na daoinibh do bhí i ngeimhleachaibh, agus do ghlac sibh go fonnmhar le creachadh bhur maoine, agus a fhios agaibh go bhfuil maoin is fearr ’ná sin ionnaibh féin, maoin shíorbhuan.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí