Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 19:20 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

20 Adubhairt an t‐ógánach leis, Do chóimhlíonas iad sin go léir: créad eile atá d’uireasbhaidh orm?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

20 Dúirt an t‑ógánach leis, “Tá siad seo uile comhlíonta agam; cad é atá in easpa orm fós?”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

20 Deir an t-óigfhear leis: Choimhéad mé iad sin uilig ó m’óige: cad é tá do dhíth ionnam go fóill?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

20 A deir an tógánach ris, Do choimhéd mé na neitheisi uile ó moíge: créd a tá duireasbhuidh oram fós?

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

20 Dubhairt an t-óigfhear leis: Choimeádas iad san go léir ó m’óige; cad eile is riachtanach dom?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

20 Dúirt an fear óg leis: “Choimeád mé iad sin uile: cad é an t-easnamh atá fós orm?”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

20 Dúirt an fear óg leis: “Choimeád mé iad sin uile: cad é an t‑easnamh atá fós orm?”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 19:20
12 Tagairtí Cros  

Ná tabhair fiadhnaise bhréige, Tabhair onóir dot’ athair agus dod’ mháthair, agus, Grádhuigh do chómharsa mar thú féin.


Adubhairt Íosa leis, Má’s maith leat bheith gan locht, imthigh, díol a bhfuil agat, agus tabhair a luach do na bochtaibh, agus béidh maoin ar neamh agat: agus tar, lean mise.


Acht d’fhreagair seisean agus adubhairt sé le n‐a athair, Féach, atáim‐se ag obair dhuit na bliadhanta fada so, agus níor sháruigheas t’órdú riamh: agus ’n‐a dhiaidh sin ní thugais oiread agus meannán dom chum go ndéanfainn súbhachas lem’ cháirdibh:


Adeirim libh gur ab ar an gcuma chéadna bhéas áthas ar neamh mar gheall ar pheacach amháin do‐ghní aithrighe, seachas naoi bhfíréin déag agus ceithre fichid nach bhfuil gábhadh le h‐aithrighe aca.


Agus mar leanadar ag cur na ceiste air, d’éirigh sé suas agus adubhairt sé leo, Cibé duine agaibh atá gan pheacadh, caitheadh seisean an chéad chloch léi.


Do mhairinn‐se beo, tráth, taobh amuigh de’n dlighe: acht le teacht na h‐aithne, d’aithbheodhuigh an peacadh, agus do chuadhas‐sa i n‐éag,


Ar mhodh gurbh é an dlighe ár n‐oide chum sinn do threorú chum Chríost, chum go bhfíréanóchaidhe sinn tré chreideamh.


i dtaobh díoghraise, inghreimtheach na h‐eaglaise; i dtaobh na fíréantachta atá san dlighe, fríth mé bheith gan locht.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí